Seasann Comhairle Cathrach na Gaillimhe go daingean i gcoinne an chiníochais agus na fuathchainte, i gcomhréir lenár bPolasaí um Dhínit sa Láthair Oibre agus leis an gCód Iompair do Chustaiméirí agus do Bhaill den Phobal.
De réir dlí na hÉireann, is ionann fuathchaint agus aon chumarsáid a dhéantar go poiblí le rún nó le dóchúlacht bagrach nó mí-úsáide a bheith inti, agus a d’fhéadfadh fuath a spreagadh i leith daoine de bharr a: gcine; ndatha; náisiúntachta; reiligiúin; bunús eitneach nó náisiúnta; ballraíochta den Lucht Siúil; nó claonadh gnéis. Áirítear cumarsáid labhartha, foilsithe nó a craolta.
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe tiomanta do thimpeallacht oibre a chothú a thacaíonn leis an gceart dínite sa láthair oibre agus a chuireann seirbhís ar ardchaighdeán ar fáil i dtimpeallacht ina bhfuil meas, comhpháirtíocht, oscailteacht, sábháilteacht agus comhionannas lárnach. Cothrom na Féinne do chuile dhuine, ag léiriú meas ar uathúlacht agus ar éagsúlacht gach duine.
Leagtar amach sa Chód Iompair do Chustaiméirí agus do Bhaill den Phobal na cineálacha iompair nach nglacfar leo inár saoráidí ná i ndéileálacha leis an gComhairle, lena n-áirítear iompar suaiteach, ciapadh trí theanga mhí-úsáideach, chiníoch, mhíchuí nó bhagrach, agus úsáid foréigin nó bagairt foréigin, i measc iompar diúltach eile.
Bhí an méid seo le rá ag Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe:
“Níl glacadh le haon chineál iompair imeaglaithe, lena n-áirítear ciapadh, fuathchaint, ciníochas agus bulaíocht agus ní ghlacfar leis ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Tá méadú suntasach tagtha le seachtainí anuas ar thráchtanna ciníocha ar ár gcainéil meán sóisialta – ní féidir glacadh leis seo agus tagann sé salach an sainordú a thug muintir na Gaillimhe i dToghcháin Áitiúla 2024. Ní ghlacfaidh an Chomhairle le ciníochas ná le fuathchaint in aon fhoirm. Táimid ag obair go gníomhach leis an nGarda Síochána ina leith seo, agus molaim don phobal eachtraí den sórt sin a thuairisciú do na hardáin ábhartha meán sóisialta, do Choimisiún na Meán, do hotline.ie nó don Gharda Síochána.”
Léirigh baill an Ghrúpa Polasaí Corparáidigh, a dhéanann ionadaíocht ar grúpaí polaitiúla sa gComhairle a seasamh i gcoinne an chiníochais freisin thar ceann a ngrúpaí.
Arsa an Comhairleoir Mike Cubbard:
“Mar chathair na dTreabh, mhúnlaigh ár stair thrádála rath na cathrach, le trádáil agus malartú idirnáisiúnta mar ghné lárnach ar feadh na gcéadta bliain. Is í ár n-éagsúlacht ár neart, agus meallann sí fostóirí idirnáisiúnta agus turasóirí chugainn. Is cathair chuimsitheach í Cathair na Gaillimhe, agus sin mar is mian linn í a choinneáil.”
Dúirt an Comhairleoir Donal Lyons:
"Cé go mb'fhéidir nach bhfuil na tuairimí céanna againn i gcónaí sa saol poiblí, tá sé tábhachtach éisteacht le tuairimí a chéile agus meas a bheith againn ar dhifríochtaí. Tá éadulaingt agus easpa measa díobhálach dár sochaí, dár bhfolláine agus dár gcathair. Ní hin a theastaíonn uainn do Chathair na Gaillimhe – is áit iontach é le cónaí ann, cuairt a thabhairt air, nó le gnó a dhéanamh ann agus baineann rannpháirtíocht dearfach go smior leis seo."
Deir an Comhairleoir Clodagh Higgins:
"Ní mór dúinn ar fad iarracht a dhéanamh labhairt lena chéile ar bhealach ómósach. Luíonn sé le nádúr go mbeadh tuairimí éagsúla ag daoine agus go mbeadh díospóireacht ann faoi cheisteanna tábhachtacha, ach ní hin le rá go mbeadh leithscéal ansin go n-iompódh na comhráití sin ina chaint maslach ná bagarach. Is féidir easaontú lena chéile gan an meas a chailleadh ar a chéile, agus creidim gur bá é sin ar dual do mhuintir na Gaillimhe a chur chun cinn agus a chosaint mar is gnách.”
Maidir leis na hardáin meán sóisialta, tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag déanamh monatóireacht ghníomhach ar thráchtanna agus ar rannpháirtíocht. Bainfear ábhar a dhíríonn ar fhoireann nó ar Bhaill Thofa, nó ábhar atá míchuí, maslach, gáirsiúil, ciníoch, gnéasach, cóipeáilte gan cead, príobháideach gan toiliú, tráchtála, turscar, d’fhéadfadh a bheith clúmhillteach, bulaíoch, nach bhfuil fíor nó neamhábhartha don fhóram.
I gcásanna cuí, scriosfaidh, folófaidh agus cuirfidh an Chomhairle tráchtanna nó úsáideoirí in iúl do na hardáin meán sóisialta. D’fhéadfaí úsáideoirí a sháraíonn polasaí na Comhairle arís agus arís eile a bhac óna chainéil. I gcásanna áirithe, cuirfear tráchtanna nó idirghníomhaíochtaí in iúl don Gharda Síochána (mar shampla, bagairtí do dhuine nó do mhaoin).
Maidir leis an bpobal, chun fuathchaint a thuairisciú, i gcás éigeandála glaoigh ar 999 nó 112.
Murar éigeandáil atá ann, is féidir fuathchaint nó fuathchoir a thuairisciú ar na bealaí seo a leanas:
- Ag stáisiún Gardaí áitiúil
- Glaoch líne rúnda an Gharda ar 1800 666 111
- Trí thuairisc a dhéanamh ar shuíomh gréasáin an Gharda Síochána
- Trí ábhar ciníoch nó seineafóbach ar líne a thuairisciú ar Hotline.ie
Murar mian leat dul chuig do stáisiún Garda áitiúil, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Aonad Náisiúnta an Gharda Síochána um Ilchineálacht agus Imeascadh, a dhéanfaidh teagmháil le do stáisiún áitiúil agus a chuirfidh cúnamh ar fáil duit le linn a bhfiosruithe.