Sheol Scileanna Réigiúnacha an Iarthair, i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, an tuarascáil ‘Grow TheShow’ ag UkeFest 2026 i bPáirc an Athar de Búrca.
Bhí UkeFest, ceann de na féilte a chuireann gliondar orainn sa chathair gach bliain, an-oiriúnach mar ócáid ag a raibh aird á dhíriú ar an neart, ar an gcruthaitheacht agus ar mheon an phobail i ndáil le hearnáil na bhféilte agus na n-imeachtaí i nGaillimh.
Ba ghné amháin an seoladh de thionól ag Earnáil na bhFéilte agus na nImeachtaí ag ar chruinnigh lucht eagair, léiritheoirí, bainisteoirí ionaid, comhordaitheoirí oibrithe saorálacha, criúnna teicniúla, ealaíontóirí le chéile chomh maith le páirtithe leasmhara ón tionscal i réigiún an Iarthair. Bhí deis le linn na hócáide aithne a chur ar a chéile, ábhar léargais a chur in iúl, agus plé a dhéanamh ar na deiseanna agus na deacrachtaí a thiocfaidh i bhfeidhm ar an earnáil san am atá le theacht.
Chuala a raibh i láthair na príomhthorthaí a luaitear sa tuarascáil, ghlac siad páirt i seisiúin comhchaidrimh agus i bplé painéil ag ar labhair pearsana de chuid an tionscail, John Crumlish ina measc, Príomhfheidhmeannach Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe, a labhair ar na réimsí brú atá ag imirt ar an earnáil agus ar an ngá le straitéis fhadtéarmach a leagan amach agus le comhoibriú níos dlúithe.
An Clr Mike Cubbard, iar-Mhéara Chathair na Gaillimhe a rinne an tuarascáil a sheoladh go hoifigiúil agus labhair sisean ar an ról mórthábhachtach atá le féilte agus le himeachtaí móra eile i saol an chultúir agus na heacnamaíochta i nGaillimh.
Tá Páirc an Athar de Búrca ar cheann de na spásanna glasa is mó a mbíonn úsáid ag an bpobal as i nGaillimh agus rinneadh na cosáin a fheabhsú, suíocháin nua a chur isteach, plandaí a chur agus feabhas a chur ar an ionad spraoi ann le gairid ionas gur fusa agus gur fearr an úsáid as ag muintir na háite agus ag cuairteoirí. Is léiriú an obair sin ar dhúthracht Chomhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le feabhas a chur ar spásanna poiblí agus a thabhairt gur féidir le níos mó imeachtaí cultúir tarlú faoin spéir.
Ag labhairt dó ag an ócáid, dúirt Ruairí Lehmann, Oifigeach Turasóireachta, Comhairle Cathrach na Gaillimhe:
“Tá earnáil féilte agus imeachtaí na Gaillimhe ar cheann de bhuanna móra na cathrach. Tarraingítear aird sa tuarascáil Grow Your Show ar shárleibhéal cruthaitheachta, scile agus ardaidhme ar fud an tionscail agus ar a thábhachtaí atá treisiú leis an lucht eagair ar gach leibhéal. Is léiriú an ócáid seo inniu ar a thugtha atáthar do neartú na hearnála agus dá chinntiú go mbíonn Gaillimh i gcónaí le háireamh ar na hionaid is fearr ar domhan maidir le féilte agus imeachtaí móra”
Luaitear moltaí maidir le forbairt scileanna, tacaíocht theicniúil, comhordú earnála agus so-fheiceálacht sa tuarascáil atá ar fáil anseo.