Sprioc ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe bogadh isteach ina Ceanncheathrú Nua go déanach in 2026

Crown Building Exterior

 

Tá conraitheoir ceaptha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun feistiú a dhéanamh ar a ceanncheathrú riaracháin nua i gCearnóg na Corónach ar Bhóthar Mhuine Mheá, agus tá an obair le tosú sna seachtainí amach romhainn.

Tá iasacht €15 milliún tarraingthe anuas ag an údarás áitiúil chun an bunchlár feistithe a mhaoiniú, clár atá le bheith ar siúl go ceann 43 seachtaine. Tá an Chomhairle ag súil go mbogfaidh an chéad chuid den fhoireann isteach san fhoirgneamh úrscothach go déanach sa bhliain 2026, agus tá sé beartaithe go mbeidh gach duine istigh ag tús na bliana 2027.

Beidh foireann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe le chéile in aon láthair amháin den chéad uair riamh mar thoradh ar an bhforbairt seo i gCearnóg na Corónach.  Deir an Chomhairle go dtacóidh an bogadh le socruithe oibre níos éifeachtaí agus go mbeidh feabhas dá réir ar na seirbhísí a chuirtear ar fáil don phobal.

Tabharfaidh an bogadh ceithre shuíomh oifige atá ann cheana féin le chéile agus seachnófar an costas measta €69 milliún a bhaineann le hathchóiriú agus leathnú a dhéanamh ar Halla na Cathrach, nach bhfuil oiriúnach don fheidhm níos mó.  Coinneoidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe an sean-cheanncheathrú ceithre acra atá acu ar Bhóthar an Choláiste. Tá an talamh, atá gar do lár na cathrach, le cur san áireamh i máistirphlean d’fhorbairt úsáide measctha amach anseo, agus d’fhéadfaí maoiniú a shaothrú as chun tacú le seirbhísí na comhairle.

Comhlíonfaidh na hoifigí cathartha nua ar Chearnóg na Corónach, oifigí atá tíosach ar fhuinneamh, caighdeáin NZEB agus deimhniú Platanaim LEED, de réir spriocanna aeráide agus inbhuanaitheachta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Beidh saoráidí nua-aimseartha san fhoirgneamh, lena n-áirítear córais uasghrádaithe closamhairc, inrochtaineacht níos fearr don phobal, agus spás níos fearr don fhoireann agus d’imeachtaí cathartha. 

Dúirt an Príomhfheidhmeannach Leonard Cleary gur céim mhór shuntasach den tionscadal é tús a bheith á chur le feistiú an fhoirgnimh.

Dúirt sé freisin, “Trí chonraitheoir a cheapadh tar éis próiseas soláthair iomlán, is féidir linn bogadh chun cinn isteach sa gcéim dheireanach chun spás oibre nua-aimseartha a chur i gcrích don eagraíocht. Tríd an bhfoireann a thabhairt le chéile in áit lárnach amháin, neartóidh Cearnóg na Corónach comhoibriú agus tacóidh sí le seirbhísí níos fearr a chur ar fáil do mhuintir Chathair na Gaillimhe.”

“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d'obair na foirne ar fud na heagraíochta agus d’Fhoireann na gCeannasaithe Feidhme, a bhfuil a ndíograis leanúnach tar éis an tionscadal a bhrú ar aghaidh go dtí an chéim seo”, a dúirt an tUasal Cleary.  “Is fada linn go bhfeicfimid an foirgneamh sna céimeanna deiridh den fhorbairt sna míonna amach romhainn agus muid ag fáil faoi réir le bogadh isteach amach deireadh na bliana 2026.”

Tá trí shruth oibre curtha i bhfeidhm ag an gComhairle chun maoirseacht a dhéanamh ar an bhfeistiú, ar an mbogadh go dtí an foirgneamh nua, agus ar an athrú eagraíochta a theastaíonn chun tacú leis an bhfoireann, le Comhaltaí Tofa agus le custaiméirí le linn an aistrithe. Éascaíodh cuairteanna foirne ar fhorbairt Chearnóg na Corónach ag tús mhí Feabhra.

Cuirfear an t-eolas is déanaí ar fáil go rialta don phobal de réir mar a bheidh an tionscadal ag dul chun cinn.