Beidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag díriú aird ar oidhreacht ailtireachta na cathrach i mí Aibreáin, le tionscnamh nua ina mbeidh foirgnimh de chuid na Gaillimhe atá ar an 'Taifead ar Dhéanmhais Chosanta na Gaillimhe' le feiceáil ar 15 de chomharthaí bóthair ardphróifíle ar an mbealach isteach go dtí an chathair. I measc na seoda oidhreachta a bheidh ar taispeáint tá Teachín Nora Barnacle, Amharclann Oileán Altanach, an Seanospidéal Fiabhrais ar Oileán an Iarla, agus 'Teachín Úna Mhichael'. Fuair an feachtas spreagadh ón tsraith "Foirgneamh na Míosa" de chuid na Rannóige Caomhnaithe Ailtireachta a bhíonn le feiceáil ar na meáin shóisialta, agus tá sé ann le haird a tharraingt ar chuid de na foirgnimh atá sainiúil, suntasach ó thaobh na staire de agus tábhachtach ó thaobh an chultúir de i gcathair na Gaillimhe.
I rith mhí Aibreáin, feicfidh tiománaithe agus iad ar a mbealach isteach go Gaillimh rogha coimeádaithe de Struchtúir atá faoi Chosaint a thugann léargas ar an éagsúlacht atá ag baint le hoidhreacht thógtha na cathrach. Tá sé mar aidhm ag an tionscnaimh feasacht agus léirthuiscint a chothú maidir leis an Taifead ar Dhéanmhais Chosanta na Gaillimhe - liosta de na 618 Struchtúr atá faoi Chosaint sa gcathair. Is éard is Struchtúr faoi Cosaint ann ná struchtúr a mheasann an chomhairle cathrach a bheith tábhachtach ó thaobh na hailtireachta, na staire, na seandálaíochta, na healaíne, an chultúir nó na heolaíochta de, nó atá spéisiúil go sóisialta nó go teicniúil.
Agus é ag labhairt faoin bhfeachtas, dúirt Michael Scott, Oifigeach Feidhmiúcháin um Chaomhnú Ailtireachta, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, "Is léiriú ar spiorad na Gaillimhe iad na foirgnimh atá sa Taifead ar Dhéanmhais Chosanta na Gaillimhe. Bídís ina ngnáththeachíní nó ina bhfoirgnimh phoiblí atá ina sainchomharthaí, cuireann gach ceann acu leis na gnéithe eisceachtúla a bhaineann leis an gcathair. Agus na struchtúir seo á dtaispeáint ar na comharthaí ar an mbealach isteach chun na cathrach, tá súil againn go spreagfar fiosracht faoin oidhreacht thógtha atá inár dtimpeall agus go dtuigfidh daoine a thábhachaí atá sé iad seo a chosaint do na glúnta atá le teacht."
Tugann an tionscadal seo an oidhreacht caol díreach chuig na turais a dhéanann na mílte gach aon lá agus iad ar a mbealach chun na cathrach, agus ceiliúradh á dhéanamh ar oidhreacht ailtireachta na Gaillimhe ar bhealach atá feiceálach agus a bhfuil teacht air go héasca.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin Taifead ar Dhéanmhais Chosanta na Gaillimhe agus faoi na gnéithe atá á dtaispeáint gach mí ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag www.GalwayCity.ie agus ar na cuntais meáin shóisialta atá ag Rannóg Caomhnaithe Ailtireachta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.
Seo cuid de na foirgnimh a bheidh le feiceáil ar na comharthaí
- An Seanospidéal Fiabhrais / Oileán an Iarla – Bhí an t-ospidéal fiabhras, a tógadh thart ar 1822, ina chuid ríthábhachtach den bhonneagar sláinte poiblí a bhí ag feidhmiú i rith an 19ú haois. Saol dearóil a bhí ag na daoine bochta i nGaillimh sa tréimhse seo. Nuair a tharla gorta i ndiaidh gorta, chuaigh na cásanna de ghalair ar nós tifeas, tíofóideach agus calar in olcas. De bharr é a bheith beag bhí aeráil nádúrtha san ospidéal seo agus bhí na fuinneoga thuas ard (chomh hard leis an sceimheal) rud a d’fhág go raibh níos mó áit fágtha do leapacha le taobh an bhalla. Tá sé ráite go raibh cruth cuartha ar choirnéil na mballaí taobh istigh lena chinntiú go bhféadfaí an áit a ghlanadh agus a dhíghalrú i gceart.
- Teach an Mhuilinn / 23 Sráid an Mhuilinn - Tógadh an foirgneamh seo i dtús an 19ú haois. Bhí sé lonnaithe i gceartlár cheantar tionsclaíoch na Gaillimhe ag an am agus é suite idir príomhchanáil Eglington a bhíonn ag sníomh go deas réidh agus Abhainn mhórchumhachtach na Coiribe. Tógadh é mar mhuileann plúir, agus is éard atá ann go bunúsach ná droichead thar thrí tharae. Bhí sé ina chuid d’ionad níos mó i dtús ama. Tugann an sárobair chloiche atá sa bhfoirgneamh léargas ar an gceird a bhí ag na saoir chloiche sa 19ú haois.
- Uimhir 2 / Sráid Thobar an Iarla – foirgneamh breá láidir atá anseo atá suite go ciúin ar chúinne Shráid Thobar an Iarla agus Pharáid na Spáinneach le breis agus 400 bliain. Tá sé ar cheann de na samplaí is fearr dá bhfuil againn de thithe ó dheireadh ré na meánaoiseanna i gCathair na Gaillimhe. Tógadh é thart ar an mbliain 1600, agus tá sé le feiceáil ar an Léarscáil Phictiúrtha cáiliúil de Chathair na Gaillimhe ó 1651. Tá na sainchomharthaí ar fad anseo a bhaineann le foirgneamh meánaoiseach agus áirse rinneach ar an doras stuach, an díon géar agus claonta, an bonn ar fána (ag leathnú amach ag bun na mballaí), fuinneoga neamhrialta, chomh maith le fuinneog amháin atá galánta, caol, agus crime déshoilseach, atá athraithe go mór, thuas in uachtar uirthi. Is sampla í an fhuinneog seo, an doras rinneach agus na ballaí dea-thógtha d’ardchaighdeán na ceardaíochta cloiche a bhíodh coitianta fiú i bhfoirgnimh níos lú sa gcathair. Tá go leor de seo fós le feiceáil sa lá atá inniu ann, ach d’fhéadfadh go bhfuil tuilleadh fós i bhfolach faoi na píosaí breise a bhí curtha leis na foirgnimh ina dhiaidh sin agus thíos faoi rindreáil stroighne.
- Tí Úna Mhicheál / Mionloch - Seans gurb é an teach beag suaithinseach seo, a tógadh thart ar 1800, i stíl dúchasach chathair na Gaillimhe an teach is lú sa tír. Teach dhá sheomra atá ann, gan air ach trí fhuinneog agus doras amháin. Is sampla é den tsimplíocht agus den bharainneacht ó thaobh na tógála atá coitianta in ailtireacht tuaithe na tíre seo. Léiríonn na ballaí tiubha, ísle, atá déanta as ábhair áitiúla, a phraiticiúla agus a chliste a bhí modhanna tógála na bhfoirgneamh dúchasach. Tá na hoscailtí sna fuinneoga an-bheaag agus iad ag teacht leis na coibhneasa atá coitianta sna tithe cónaithe dúchasacha a bhí ann i dtosach. Murab ionann agus go leor teachíní den chineál céanna a bhí nuachóirithe ina dhiaidh sin agus oscailtí na bhfuinneog déanta níos mó, tá an foirgneamh seo i gcónaí ar an scála céanna agus chomh cluthar agus a bhí sé riamh. Agus é suite ar thaobh an bhóthair, tá an teachín ceann tuí seo néata agus gleoite agus tugann sé chun cuimhne ré tráth a raibh tithe beaga ar nós é seo ina gcuid lárnach den tírdhreach. Anois, nuair nach bhfuil mórán tithe ceann tuí fanta sa tír, tá sé níos tábhachtaí ná riamh go dtiocfaidh an teach beag bídeach seo, a bhfuil bail chomh maith sin air, slán ar mhaithe leis an stair agus leis an ailtireacht araon. Nasc feiceálach atá ann le seansaol na tuaithe in Éirinn agus fianaise thochtmhar ar chomh buansheasmhach agus a bhí an cheardaíocht a bhain leis an stíl dúchasach.
Is féidir staidéar a dhéanamh ar an Taifead ar Dhéanmhais Chosanta na Gaillimhe i Halla na Cathrach nó ar shuíomh gréasáin na Comhairle Cathrach ag www.GalwayCity.ie
Tá teacht ar liosta agus grianghraf den taobh amuigh de gach struchtúr atá faoi chosaint ar Chóras Fiosrúcháin Pleanála Ar Líne na Comhairle Cathrach.