“Tá Gaeilge agam” – Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag cur “Céad Míle Fáilte” roimh an nGaeilge i Halla na Cathrach

Mayor of the City of Galway, Cllr Mike Cubbard holding one of the new Gaeilge lanyards

 

Tá tionscnamh nua seolta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe a bhfuil sé mar aidhm aige daoine a spreagadh le Gaeilge a labhairt agus a bheith gafa leis an nGaeilge i Halla na Cathrach. Tá láinnéar á chaitheamh ag baill foirne agus ag Comhaltaí Tofa ar a bhfuil siombail a bhaineann le Cathair na Gaillimhe agus an frása "Tá Gaeilge agam", chun a thabhairt le fios ar bhealach simplí agus feiceálach go bhfuil siad sásta Gaeilge a úsáid – agus tá cainteoirí líofa chomh maith le daoine nach bhfuil acu ach na cúpla focal ag glacadh páirt. Teastaíonn ón tionscnamh daoine a spreagadh leis an nGaeilge a úsáid ó lá go lá fud fad na heagraíochta agus tacaíonn sé le Scéim Gaeilge Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a chinntíonn go ndéantar freastal orthu siúd a bhíonn ag iarraidh seirbhís i nGaeilge ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

Ag labhairt dó ag an seoladh dúirt Leas-Mhéara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Alan Cheevers, "Baineann an tionscnamh seo le feiceálacht, le muinín, agus le deiseanna nádúrtha a chruthú ionas gur féidir le daoine an Ghaeilge a úsáid i ngnáthimeachtaí an lae, bíodh siad ina gcainteoirí líofa, nó ar an dream nach raibh deis acu a gcuid Gaeilge a úsáid ó d'fhág siad an scoil. B'fhéidir gur comhrá iomlán trí Ghaeilge a bheadh i gceist, nó díreach beannú do dhuine a chastar ort sa bpasáiste le ‘Cén chaoi a bhfuil tú?’ Agus tús á chur againn le bliain nua, tugann na láinnéir bealach nua agus bealach dearfach do na bhaill foirne agus do na Comhaltaí Tofa leis an ngrá atá acu don Ghaeilge a thaispeáint agus cuidiú le go mbeidh an teanga ina cuid níos nádúrtha den saol i Halla na Cathrach ó lá go lá."

Bhí an méid seo le rá ag Marcus Ó Conaire, Oifigeach Gaeilge Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, "Is céim bheag ach céim fhiúntach atá sa tionscnamh seo i dtreo ár ndualgas agus ár ngealltanas maidir leis an nGaeilge a chomhlíonadh, go háirithe ó thaobh na feiceálachta agus ó thaobh seirbhís a chur ar fáil. Cuidíonn sé le timpeallacht a chruthú ina mbraitear gur rud nádúrtha atá sa nGaeilge, agus ina mbíonn aitheantas agus tacaíocht aici ar fud na heagraíochta. Tá sé mar aidhm againn, anseo i gCathair na Gaillimhe agus ar fud na hearnála poiblí, a chinntiú gur féidir le cainteoirí Gaeilge a bheith muiníneach go mbeidh teacht acu ar sheirbhísí trí Gaeilge. Déanann tionscnaimh ar nós é seo an sprioc sin níos feiceálaí agus níos indéanta inár gcuid oibre ó lá‑go‑lá."

D'fhreastail baill d’Fhochoiste Beartais Straitéisigh don Ghaeilge Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, agus Baill Foirne a bhfuil Gaeilge acu ar an seoladh, ina measc iad siúd a ghlac páirt i ranganna Gaeilge le bliain anuas, agus toscaireacht d'oifigigh Ghaeilge a tháinig ar cuairt ó Chomhairlí Contae Mhaigh Eo, Dhún na nGall, Shligigh agus na Gaillimhe. 

Tá súil ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe go spreagfaidh seoladh na láinnéar "Tá Gaeilge agam" comhráite Gaeilge níos neamhfhoirmiúla ar fud na heagraíochta agus go meallfar baill foirne, beag beann ar a leibhéal, le páirt a ghlacadh. Mar thoradh air sin, gheobhaidh custaiméirí atá ag iarraidh a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge amach go bhfuil na baill foirne sásta plé leo i nGaeilge i Halla na Cathrach.

Is í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil in Éirinn, agus faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, tá roinnt dualgas ar chomhlachtaí poiblí maidir le seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge, agus maidir le cearta an phobail leas a bhaint as na seirbhísí sin. Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, caithfidh 20% den fhoireann san earnáil phoiblí/sa státseirbhís a bheith 'inniúil' sa nGaeilge faoi 2030.

Tá caidreamh ar leith ag Cathair na Gaillimhe leis an nGaeilge - is cathair dhátheangach í Gaillimh, agus tá dhá cheantar mór Gaeltachta inti - i gCnoc na Cathrach, agus sa Bhruach Thoir, agus tá Tír Oileáin, Na Cualacha, Mionloch, Baile an Dúlaigh, Baile an Phoill, an Pháirc Mhór agus codanna den Chaisleán Gearr i gceist anseo. Is 'Baile Seirbhíse Gaeltachta' é Cathair na Gaillimhe chomh maith – is é sin baile atá suite i limistéar pleanála teanga Gaeltachta nó in aice le ceann, agus a chuireann seirbhísí agus áiseanna ar fáil do phobal na Gaeltachta. Tá líon suntasach cainteoirí Gaeilge i gCathair na Gaillimhe, 32,708 duine a bhí in ann Gaeilge a labhairt, de réir Dhaonáireamh 2022.

 

 

Related news