Tionscnamh Nochta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun Bailte Fearainn Uirbigh “Dofheicthe” na Cathrach a Thaispeáint

Staff and councillors standing with new an ghaeltacht sign

Sheol Coiste Beartais Straitéisigh Gaeilge (SPC) Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhar le páirtithe leasmhara áitiúla, tionscnamh suntasach chun ceantair Ghaeltachta uirbeacha stairiúla na cathrach a aithint, a mhapáil agus a cheiliúradh. Cuireadh comharthaí ‘An Ghaeltacht’ in airde ag teorainneacha ocht mbaile fearainn Gaeltachta laistigh de theorainneacha Chathair na Gaillimhe - ag díriú aird ar cheantair Ghaeltachta ina n-aithníonn an rialtas an Ghaeilge go hoifigiúil mar phríomhtheanga labhartha.

Tá dhá cheantar Gaeltachta uirbeacha éagsúla i gCathair na Gaillimhe, a aithníodh go hoifigiúil den chéad uair mar chuid d’ainmniúchán Gaeltachta an Stáit in 1926. Tá an Ghaeltacht thiar lonnaithe i gCnoc na Cathrach den chuid is mó, agus tá an Ghaeltacht thoir comhdhéanta de sheacht mbaile fearainn, lena n-áirítear Tír Oileáin, Cúil Each, Mionlach, Baile an Dúlaigh, an Pháirc Mhór, codanna den Chaisleán Gearr, agus Baile an Phoill - logainm ina gcaomhnaítear na fréamhacha teangeolaíocha traidisiúnta Gaeilge sa bhfoghraíocht áitiúil (fuaimníonn an leagan Béarla cosúil le ‘Ballinfyle’), gné a fheictear go minic in go leor bailte fearainn uirbeacha agus faoin tuath in Éirinn. 

Tá na ceantair seo mar chuid d’oidhreacht uathúil uirbeach Gaeltachta a bhí ann ó bunaíodh an Stát. Murab ionann agus go leor ceantair Ghaeltachta, áfach, d’éirigh teorainneacha Ghaeltacht uirbeach na Gaillimhe níos doiléire mar gheall ar fhás agus leathnú tapa na cathrach le blianta beaga anuas.

Le blianta fada, bhí aitheantas níos mó ag na ceantair bhardasacha Ghaeltachta sin. Bhí ainmniúcháin fhoirmiúla theorann na Gaeltachta agus toghcháin dhíreacha chuig Údarás na Gaeltachta, suas go dtí 2012, ina meabhrúcháin shofheicthe go raibh na comharsanachtaí seo mar chuid de cheantair Ghaeltachta a raibh aitheantas oifigiúil acu. 

Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Helen Ogbu, "Is cathair í Gaillimh atá faoi mhaise ag iliomad tréithe ar leith, agus tá feiceálacht agus beocht na Gaeilge ar cheann de na buanna is mó atá aici. Ní haon iontas é, mar sin, go bhfuil aon cheann déag den 26 Limistéar Pleanála Teanga sa Stát lonnaithe i gCathair agus i gContae na Gaillimhe, lena n áirítear trí limistéar na cathrach féin: Cathair na Gaillimhe, Cnoc na Cathrach agus an Bruach Thoir. Suite ar imeall na Gaeltachta comhtheagmhálaí is mó in Éirinn, luíonn sé le réasún go mbeadh Gaillimh ina Baile Seirbhíse Gaeltachta. De réir dhaonáireamh 2022, tá Gaeilge ag 32,708 duine i gCathair na Gaillimhe, rud a léiríonn an áit bhuan atá ag an teanga i saol an phobail. Léirigh taighde a rinne Gaillimh le Gaeilge gur mhaith le 80% de dhaoine i nGaillimh níos mó Gaeilge a fheiceáil agus a úsáid ina saol laethúil, tuairim a tháinig chun cinn freisin i suirbhéanna a rinne Gaeilge ABC agus Ireland Thinks. Tríd cur chun cinn agus ceiliúradh ar an teanga, neartaítear ár bhféiniúlacht chultúrtha agus cinntítear ag an am céanna go bhfanfaidh sí ina cuid bheo, fháiltiúil dár bpobal ilghnéitheach agus lánpháirteach anseo i nGaillimh."

Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, “I gcathair nua-aimseartha shoghluaiste na Gaillimhe, d’fhéadfadh daoine a bheith ina gcónaí i gceantair Ghaeltachta Chathair na Gaillimhe, a bheith ag obair iontu, ag tabhairt cuairt orthu, nó ag taisteal tríothu, agus gan fios a bheith acu ar chor ar bith go bhfuil siad i gceantar stairiúil Gaeltachta. Tá an tionscnamh seo, a thosaigh SPC na Gaeilge, dírithe ar roinnt de na pobail Ghaeltachta is stairiúla a thabhairt chun cinn arís agus go mbeadh an pobal ar an eolas fúthu. Cé go bhfuil na ceantair uirbeacha seo difriúil ó chroílár cheantair Ghaeltachta Chonamara, Dhún na nGall agus Chiarraí, tá ceangal tábhachtach acu le teanga, áit agus féiniúlacht áitiúil. Léiríonn siad tréimhse uathúil i stair na Gaillimhe mar chathair dhátheangach na hÉireann agus tá oidhreacht teanga acu fós atá éagsúil ó cheantair uirbeacha eile.

Dúirt Marcus Ó Conaire, an tOifigeach Gaeilge, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, “Tá sé mar aidhm le tionscnamh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe pobail uirbeacha Ghaeltachta a dhéanamh níos feiceálaí arís trína dteorainneacha stairiúla a mhapáil, feasacht ar na bailte fearainn agus logainmneacha a chur chun cinn, agus béim a chur ar oidhreacht uathúil na Gaeilge a bhfuil tionchar aici fós ar na comharsanachtaí seo. Fiosrófar bealaí eile sa tionscadal chun na ceantair seo a dhéanamh níos feiceálaí laistigh den chathair trí chomharthaíocht.” 

Chun an Ghaeltacht uirbeach a dhéanamh níos feiceálaí arís, tá sé mar aidhm ag an tionscadal mórtas sibhialta a neartú, cur le tuiscint an phobail ar oidhreacht theangeolaíoch na Gaillimhe, agus ceangal a dhéanamh arís cónaitheoirí agus an tírdhreach cultúir a mhúnlaigh a bpobal thar na nglúnta. 

Spreagfaidh an tionscnamh comhráite amach anseo freisin maidir le haitheantas agus leathnú féideartha na bpobal Gaeltachta sa gcathair. Má chuirtear síneadh le ceantair Ghaeltachta agus má thugtar tacaíocht dóibh, seachas ligean dóibh lagú de réir a chéile, cruthóidh sé deiseanna nua don teanga trí chomharthaíocht, cumarsáid phoiblí, turasóireacht agus comhfhorbairt áite níos feiceálaí, chomh maith le béim a chur ar an ngá forbartha atá le lorg oideachais níos mó trí Ghaeilge agus bonneagar pobail a bheith ann, Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí ina measc. Ar an mbealach seo, ní hamháin gur faoi theorainneacha stairiúla a thaifeadadh atá an tionscadal seo ach faoi chinntiú go mbeidh tionchar fiúntach agus feiceálach ag oidhreacht uathúil na Gaeilge i nGaillimh ar an gcathair amach anseo, mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta a fhreastalóidh ar a cheantair uirbeacha agus a chúlchríocha faoin tuath, ar chuairteoirí agus níos faide i gcéin.

Cuireadh dhá chomhartha baile fearainn Gaeltachta déag in airde i mí Iúil 2026, sna n-áiteanna seo a leanas ina measc:

  • Baile an Phoill

  • Tír Oileáin

  • Baile an Dúlaigh

  • Mionlach

  • An Pháirc Mhór

  • An Caisleán Gearr

  • Cúil Each

  • Cnoc na Cathrach (Bóthar Bhearna, Bóthar Bhaile an Rí, Bóthar Dáileacháin an Iarthair agus Bóthar Bhaile an Mhóinín).

 

I measc na dtionscnamh eile a bhfuil tacaíocht á tabhairt ag SPC Chomhairle Cathrach na Gaillimhe dóibh tá an chéad Chruinniú Iomlánaíoch de Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a bhí dátheangach go hiomlán (Gaeilge/Béarla) in 2024 - atá ina thionscnamh bliantúil anois; éascaitheoireacht á dhéanamh ar chruinnithe foSPC Gaeilge le cabhair ó ateangaire comhdhála; agus Treoir Stíle Gaeilge a fhorbairt chun cumarsáid éifeachtach trí Ghaeilge a chinntiú in ábhar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe i mbun earcaíochta do phainéal Oifigeach Cléireachais le Gaeilge faoi láthair chun tacú le seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil sa gcathair. 

Twelve Gaeltacht townland signs were installed in July 2026, in locations including:

  • Baile an Phoill
  • Tír Oileáin
  • Baile an Dúlaigh
  • Mionlach
  • An Pháirc Mhór
  • An Caisleán Gearr
  • Cúil Each
  • Cnoc na Cathrach (Barna, Kingston, Western Distributor and Ballymoneen Roads).