Tá torthaí staidéir phoiblí chuimsithigh dar teideal “Staidéar ar Bhruscar ar mhaithe le Bóthar na Trá níos glaine” a rinne an comhlacht neamhrialtais caomhnaithe mara CuriOcean i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe foilsithe. Foilsíodh an staidéar in óstán Galway Bay Dé hAoine an 27 Márta. Tugtar léargas sa staidéar a fuair maoiniú ón gComhairle Cathrach agus a cuireadh i gcrích i lár an tsamhraidh in 2025, ar thuiscint an phobail ar bhruscar i mBóthar na Trá agus bailíodh réitigh nuálacha pobalbhunaithe chun áilleacht nádúrtha an cheantair a chaomhnú. Trí theagmháil dhíreach a dhéanamh le cónaitheoirí agus cuairteoirí bhí sé mar aidhm ag an suirbhé agus an anailís a rinneadh air tuiscint a fháil ar an iompar is cúis le bruscar a chaitheamh agus an idirghabháil chruthaitheach a aithint a chinnteodh go gcoinneofaí an limistéar cósta a bhfuil tarraingt mhór air glan gléigeal.
Thug an suirbhé poiblí ardán don imní faoi chúrsaí éiceolaíochta agus léargas ar na bearnaí móra san eolas faoi mhicreaphlaisteach agus truailliú ó cheimiceáin. Aithníodh grúpa suntasach oibrithe deonacha féideartha agus daoine a bhfuil suim acu in oideachas comhshaoil freisin, a tharraing aird ar an mbealach ar féidir leis an bpobal a bheith rannpháirteach.
Cé go bhfuil glaineacht Bhóthar na Trá thar a bheith tábhachtach i súile an phobail, tugadh neamhréir faoi deara maidir le tábhacht shóisialta agus rannpháirtíocht ghníomhach. 14.4% (138) den phobal a dheimhnigh go raibh siad rannpháirteach in imeacht comhshaoil i mBóthar na Trá, macasamhail glantachán trá nó ceardlanna, le linn na bliana roimhe sin. Léiríonn seo gur féidir an scéal a fheabhsú agus leas a bhaint as deiseanna nár aithníodh go fóill i gcomhthéacs rannpháirtíocht phobail i dtionscadail chomhshaoil mar go bhfuil an bonn rannpháirtithe gníomhacha íseal i gcomparáid leis an líon iomlán daoine a bhí ar fáil.
Bhí suirbhéanna poiblí agus dróin san áireamh sa staidéar agus bhí sé mar aidhm leis na torthaí moltaí a aimsiú do bhainistiú dramhaíola ar bhonn inbhuanaithe agus sealadach, ar moltaí iad a chuirfidh le cosaint na timpeallachta agus a chuirfidh le rannpháirtíocht an phobail chomh maith le tacú le spriocanna inbhuanaitheachta Chathair na Gaillimhe.
Léirigh an tuarascáil gurb iad na trí chineál dramhaíola is mó a d’aithin freagróirí ná Buidéil phlaisteacha (679), Pacáistiú Bia (632) agus butaí Toitíní (627). Tugann an comhdhéanamh seo le fios go láidir gur ídiú “ar an toirt” atá i gceist leis na nósanna ídíthe.
Is éard a dúirt Fergal Cushen, Oifigeach Feasachta Comhshaoil Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, “Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh an Chomhairle ag obair i gcomhar leis an bpobal chun réitigh a bhaineann le bruscar a aimsiú.” Fadhb chasta is ea an bruscar go háirithe le linn tréimhsí ina mbíonn na sluaite sa gceantar agus tá gnéithe go leor ag baint leis. Tugann staidéir mar seo bunús fianaise dúinn le freagraí níos dírithe a thabhairt ar cheisteanna ar leith. Tá sé iontach a bheith ábalta comhoibriú le CurioOcean chun freagraí feasacha a aimsiú ar mhaithe le feabhas a chur ar Ghaillimh.”
Baineann an staidéar le roinnt Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, atá tábhachtach d’Éirinn, mar bhall de na Náisiúin Aontaithe, a chomhtháthú i bpolasaithe áitiúla. Tá cur síos ar na spriocanna seo i dTuarascáil an Staidéir Bruscair. Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe roghnaithe go hoifigiúil ag an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, mar chrann taca leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SIF)2025-2027 agus tá ríméad uirthi comhoibriú le haon tionscadal a bhfuil na SIF lárnach ina fhís.
Is mian le Comhairle Cathrach na Gaillimhe aitheantas a thabhairt don obair luachmhar atá déanta ag CuriOcean ar an togra seo i gcomhar le MKO agus Ollscoil na Gaillimhe. Tá na torthaí seo mar dhúshraith anois do na réitigh fianaise bhunaithe ar féidir iad a chur i gcrích ní hamháin i mBóthar na Trá ach i gceantar níos leithne na cathrach.
Na Chéad Chéimeanna Eile:
Bainfear úsáid anois as na torthaí ón staidéar seo de chuid CuriOcean mar eolas i gcomhair sraith ceardlanna amach anseo a bheidh dírithe ar bhearta réalaíocha chun feabhas a chur ar chúinsí bruscair sa gceantar. Is mian le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus le CuriOcean buíochas a ghlacadh leo siúd a ghlac páirt sa staidéar agus a roinn an fhís atá acu do chathair níos glaine. Tá an staidéar le fáil ag an nasc seo.