Geata Bus Beartaithe – Bun a Chnoic / Cnoc an Óir

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag iarraidh oibreacha a dhéanamh i mBun a Chnoic agus i gCnoc an Óir chun leathnú Líonra Bus Chathair na Gaillimhe chuig an gceantar seo a éascú.

Guide Navigation

Skip Guide Navigation

An Scéim

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag iarraidh oibreacha a dhéanamh i mBun a Chnoic agus i gCnoc an Óir chun leathnú Líonra Bus Chathair na Gaillimhe chuig an gceantar seo a éascú. 

Is éard a bheadh i gceist leis seo ná soitheach plandaí atá ann anois a bhaint, agus geata bus a chur ina áit a ligfeadh do bhusanna taisteal idir an dá eastát.Ní bheadh cead ag carranna an geata bus nua a úsáid, ach d’fhéadfaí é a dhearadh chun bealach isteach a thabhairt do shiúlóirí, do dhaoine ag úsáid deiseanna a bhfuil rothaí orthu agus do rothaithe.Is é an tÚdarás Náisiúnta Iompair a mhaoineoidh an tionscadal beartaithe seo, agus éascóidh sé Líonra Bus na cathrach leathnaithe, a bheidh i bhfeidhm ó 2027.  

Ba mhaith linn do thuairimí ar an togra seo a chloisteáil sula dtéitear chun cinn leis an tionscadal.

Pointí tábhachtacha le tabhairt faoi deara

  • Cheanglódh an geata bus seo na céadta duine leis an líonra bus nua, ag cur seirbhís áisiúil ar fáil do thart ar 1,200 duine atá ina gcónaí gar don cheantar seo.
  • Tá na pleananna seo sna luathchéimeanna fós. Níl aon oibreacha dearaidh déanta.
  • Cuirfidh an geata bus cosc ar charranna a bheith ag dul idir an dá eastát. Is féidir freastal ar shiúlóirí, ar dhaoine atá ag úsáid deiseanna a bhfuil rothaí orthu agus rothaithe, chomh maith leis na seirbhísí éigeandála.
  • Mura dtógtar an geata bus, rachaidh an bealach bus nua atá beartaithe timpeall ar an gceantar seo agus bheadh ar na céadta duine dul bealach níos faide chun an stad is gaire dóibh a bhaint amach.
  • Ba mhaith linn do thuairimí ar an togra seo a chloisteáil, chun na chéad chéimeanna eile den togra seo a phleanáil.

Abair do thuarim ar líne ag https://consult.galwaycity.ie/ 

De rogha air sin, is féidir leat do chuid tuairimí a chur chugainn ar ríomhphost chuig ActiveTravel@GalwayCity.ie nó trí scríobh chuig An Roinn Taistil Ghníomhaigh, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8.

Is é Dé hAoine an 5 Nollaig an spriocdháta le haghaidh freagraí.

 

Má tá aon cheist agat faoin togra seo, tá fáilte romhat freastal ar Ócáid Eolais Buail Isteach don Phobal.
 
Cén áit: Óstán an Chlaí Bháin
Cén uair: 26 Samhain 2025.  4pm-7pm

Beidh baill d’fhoireann an tionscadail ar fáil chun do cheisteanna a fhreagairt, agus comhairle a thabhairt duit faoin gcaoi is féidir leat do chuid tuairimí a chur in iúl.

 

Na Chéad Chéimeanna Eile:

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag tabhairt faoi Chomhairliúchán Poiblí Neamhreachtúil le cónaitheoirí sa dá eastát, agus sa gceantar níos leithne. Tabharfaidh an próiseas seo deis dúinn na pleananna don bhealach seo a leagan amach tuilleadh, roghanna a mhíniú do chónaitheoirí áitiúla agus a gcuid ceisteanna a fhreagairt.Tar éis é seo a chur i gcrích, déanfaimid an t-aiseolas a fuarthas a chur i dtoll a chéile agus déanfaimid idirchaidreamh leis an Údarás Náisiúnta Iompair maidir leis na chéad chéimeanna eile.  

Beidh gá le hiarratas pleanála, chomh maith le tréimhse comhairliúcháin phoiblí reachtúil, sula bhféadfar dul ar aghaidh le haon obair.

A mock-up image which shows one option for the proposed bus gate, a barrier which raises as a bus approaches.
A mock-up image which shows one option for the proposed bus gate, retractable bollards which would descend as a bus approaches.