An Scéim
Tá sé i gceist ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe leanúint ar aghaidh agus cead pleanála a lorg faoi iarratas Chuid 8 don Scéim Iompair Ghníomhaigh thart ar 1.7km atá beartaithe don R339 Bóthar Mhuine Mheá ó acomhal Sheanbhóthar Bhaile an Bhriotaigh (Thoir) go dtí acomhal an R865 ar Bhóthar an Bhaile Bháin. Cuirfidh sé seo bealach don taisteal gníomhach ar fáil a bheidh sábháilte agus tarraingteach, agus a fhreastalóidh orthu siúd ar fad a bhíonn ag siúl, ag úsáid deiseanna le rothaí orthu agus ag rothaíocht, lena n-áirítear úsáideoirí a bheadh i gcontúirt ar na bóithre.
Tá sé i gceist againn iarratas ar chead pleanála a chur isteach don tionscadal seo sna míonna amach romhainn. Tráth a mbeidh an t-iarratas seo déanta, beidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag iarraidh aighneachtaí agus tuairimí ón bpobal mar chuid de thréimhse reachtúil comhairliúcháin phoiblí. Beidh tuilleadh nuashonruithe faoi seo ar an leathanach gréasáin seo, agus sa bpreas áitiúil.
Is iad seo a leanas príomhaidhmeanna an tionscadail seo:
- Forbairt an Bhealaigh: Áiseanna rothaíochta ar ardchaighdeáin a chur ar fáil feadh an bhealaigh atá ainmnithe, rud a chuideoidh go mór leis na cuspóirí atá ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus ag an Údarás Náisiúnta Iompair a bhaint amach, is é sin an t-athrú ó úsáid an ghluaisteán go dtí modhanna iompair gníomhacha a spreagadh.
- Iompar Poiblí: Soláthar a dhéanamh chun gur féidir feabhas a chur ar bhonneagar na stadanna bus i gcás na seirbhísí bus atá cheana féin ar gach bealach bus.
- Idirnascadh le scéimeanna eile: Sa gcaoi is go bhféadfar ceangal a dhéanamh amach anseo le scéimeanna iompair gníomhacha eile atá cheana féin sa gceantar chomh maith leo siúd atá na bacáin, ina measc Bóthar an Bhaile Bháin, Bóthar Pháirc an Chaisleáin agus ar aghaidh fad leis an BusConnects a bheidh amach anseo: ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath.
Ar na hoibreacha beidh:
- Raon rothar nua dhá bhealach feadh an taobh thuaidh den bhóthar, 3m ar leithead go hiondúil (ach níos lú in áiteanna ina bhfuil an spás teoranta).
- Cosáin nua, uasghrádaithe 2m ar dhá thaobh an bhóthair.
- Leithead an charrbhealaigh atá ann cheana féin a laghdú.
- Acomhail a theannadh agus trasrianta ardaithe do choisithe a thabhairt isteach agus dromchla leanúnach do choisithe a chur ar gach taobh-bhóthar chun tús áite a thabhairt do ghluaiseachtaí na siúlóirí agus na ndaoine atá ag úsáid rothaí.
- Trasrianta leanúnacha le haghaidh rothair ar gach acomhal ar na taobh-bhóithre chun tús áite a thabhairt do ghluaiseacht na rothaithe.
- Trasrianta do choisithe agus do rothaithe a chur ar fáil ag aon acomhal ina bhfuil comharthaíocht.
- Trasrianta do choisithe a chur ar fáil ar fud na scéime.
- Uasghrádú ar na háiseanna ag gach ceann de na stadanna bus atá cheana féin feadh an bhealaigh.
- Uasghrádú ar an R339 Bóthar Mhuine Mheá / an L5029 Acomhal Bhóthar Pháirc an Chaisleáin.
Imeacht Eolais Buail Isteach don Phobal
Tá cuireadh á thabhairt do bhaill den phobal a bhfuil ceisteanna acu faoin tionscadal seo, nó ar mhaith leo aiseolas a thabhairt, casadh leis an bhfoireann deartha ag Imeacht Eolais don Phobal atá ar na bacáin:
Cén áit: Óstán Clayton, Gaillimh, Baile an Bhriotaigh, Gaillimh, H91 D526
Cén uair: 3in - 7in, Déardaoin an 19 Márta
Más fearr leat, má tá aon cheist agat féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag ActiveTravel@GalwayCity.ie.
Beidh tuilleadh nuashonruithe le fáil ar an leathanach seo in am trátha.