Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag déanamh uasdátú ar an chaoi a n-íocann daoine as páirceáil.
Níl cuid de na seanmheaisíní páirceála ag oibriú níos mó.
Tá sé i gceist ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe fáil réidh leis na meaisíní seo le himeacht ama.
In áit na meaisíní, tá go leor bealaí éasca ann anois le híoc. Is féidir leat an bealach is fearr a fheileann duit féin a roghnú.
Is féidir leat íoc as páirceáil trí:
Úsáid a bhaint as Aip Páirceála Chathair na Gaillimhe
- Is féidir é seo a íoslódáil saor in aisce ar d'fhón cliste.
- Is féidir leat íoc le cárta agus tuilleadh ama a chur leis gan dul ar ais chuig do charr.
- Níor cheart an aip a íoslódáil ach amháin ó shiopa aip oifigiúil (mar shampla, Google Play, Apple App Store).
Ag íoc Ar Líne
- Téigh chuig www.GalwayCityParking.ie agus íoc le do charta.
Ag íoc ar an bhFón
- Cuir glaoch ar 091 894 300.
- Féadfaidh tú íoc le do chárta ar an bhfón.
Ag íoc i Siopa Payzone
- Feicfidh tú comhartha bándearg Payzone taobh amuigh de na siopaí seo.
- Féadfaidh tú íoc le hairgead tirim nó le cárta.
- Ní gá duit filleadh ar do charr leis an ticéad a chur ar taispeáint.
- Tiocfaidh tú ar liosta de na siopaí Payzone atá i gCathair na Gaillimhe ar www.GalwayCity.ie/Parking
Is cuma cén bealach a n-íocann tú anois, ní theastaíonn ticéad páipéir uait. Tar éis duit íoc as an bpáirceáil, ní gá duit aon rud a chur ar taispeáint i do charr.