Is táillí bunaithe ar mhaoin iad na Rátaí Tráchtála ar réadmhaoine tráchtála agus tionsclaíochta agus is príomhfhoinse ioncaim iad d’Údaráis Áitiúla. Is ionann rátaí tráchtála agus thart ar 35% d’ioncam Chomhairle Cathrach na Gaillimhe in 2024. Tá an t-ioncam a ghintear ó Rátaí Tráchtála mar bhonn agus mar thaca ag an raon iomlán seirbhísí a chuirtear ar fáil laistigh de Chathair na Gaillimhe, mar:
- Soilsiú Poiblí
- Tionscnaimh Ghlantacháin Sráide agus frithbhruscair
- Cothabháil Bóithre agus Cosán
- Seirbhís Dóiteáin
- Cothabháil agus athnuachan Páirceanna, áiseanna áineasa agus spásanna oscailte
- Áiseanna le haghaidh gníomhaíochtaí cultúrtha agus spóirt
- Obair chaomhnaithe agus cur chun cinn feasachta comhshaoil
- Leabharlanna
- Tacaíochtaí don gheilleagar áitiúil
Tá reachtaíocht maidir le tobhach agus bailiú rátaí tráchtála ag Údaráis Áitiúla faoin Acht um Rátaí Rialtais Áitiúil agus Ábhair Eile 2019, arna leasú leis an Acht um Oidhreacht Stairiúil agus Seandálaíochta agus Forálacha Ilghnéitheacha 2023. Tháinig an reachtaíocht seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024.