Céard í an tSeirbhís Bailiúcháin Earraí Toirtiúla?
Is seirbhís í do shealbhóirí tí ar mian leo fáil réidh le hearraí tí aonair cosúil le troscán nó earraí móra leictreacha.
Breathnaigh ar liosta d’earraí a bhailítear go minic agus ar an táille ghaolmhar.
Cé atá in ann leas a bhaint as an tSeirbhís Bailiúcháin Earraí Toirtiúla?
Is féidir le daoine atá ina gcónaí i réadmhaoin chónaithe i gCathair na Gaillimhe leas a bhaint as an tseirbhís. Níl an tseirbhís ar fáil do réadmhaoine tráchtála.
Cén sórt earraí is féidir a bhailiú?
Earraí tí agus leictreacha. Breathnaigh ar an liosta thíos.
| Earra | Táille |
| Cathaoir | €9.00 |
| Fáinne Cispheile | €18.00 |
| Beárbaiciú | €9.00 |
| Folcadán | €18.00 |
| Leaba (dúbailte) | €18.00 |
| Leaba (singil) | €9.00 |
| Taisceadán taobh leapa | €9.00 |
| Rothar | €9.00 |
| Bugaí/cliabhán/pram | €9.00 |
| Cairpéad (mata urláir) | €9.00 |
| Cairpéad (rolla) | €22.50 |
| Cathaoir/stól | €9.00 |
| Cófra tarraiceán | €18.00 |
| Bord beag | €9.00 |
| Tolg | €18.00 |
| Bothán madra | €18.00 |
| Sorcóir uisce the | €18.00 |
| Clár iarnála | €9.00 |
| Tocht (dúbailte) | €18.00 |
| Tocht (singil) | €9.00 |
| Téitheoir ola (cruach) | €18.00 |
| Linn lapadaíola | €9.00 |
| Parasól | €18.00 |
| Scáthán plaisteach | €9.00 |
| Radaitheoir | €9.00 |
| Scútar | €9.00 |
| Aonad Seilfre | €9.00 |
| Tráidire cithfholcadáin | €9.00 |
| Geata staighre | €9.00 |
| Dréimire taca | €9.00 |
| Luascán/cnagadán | €18.00 |
| Urlár adhmaid (beart – glaoigh ar 091 536400 chun lear mór a fhiosrú) | €9.00 |
| Leithreas | €9.00 |
| Trampailín | €18.00 |
| Seastán teilifíse | €9.00 |
| Vardrús | €18.00 |
| Báisín níocháin/doirteal | €9.00 |
| Fráma Fuinneoige – (gan ghloine) | €18.00 |
| 3-6 Earra bheaga (potaí, friochtáin, etc) | €9.00 |
| Teallach | €52.50 |
| Pianó | €52.50 |
| Earraí Leictreacha | |
| Earra | Táille |
| 1-4 Earra bheaga (triomadóirí gruaige/seinnteoirí dvd/méarchláir/playstation/teileafóin/vcr/citeal) | €7.50 |
| Inneall níocháin | €7.50 |
| Cuisneoir | €7.50 |
| Miasniteoir | €7.50 |
| Triomadóir | €7.50 |
| Teilifís | €7.50 |
| Scáileán ríomhaire | €7.50 |
| Micreathonn | €7.50 |
| Folúsghlantóir | €7.50 |
| Printéir | €7.50 |
Cén uair a bheidh an chéad bhailiúchán eile ar siúl?
Bíonn bailiúcháin Earraí Toirtiúla ar siúl gach Máirt.
Ní mór bailiúcháin a chur in áirithe roimh ré agus bíonn bailiúchán ar leith ann le haghaidh earraí leictreacha agus le haghaidh troscán ginearálta. Chun bailiúchán earraí toirtiúla a chur in áirithe glaoigh ar Téigh i dteagmháil linn | Galway City Council
Sceideal an Bhailiúcháin Earraí Toirtiúla / Féilire 2025
- Samhain 2025
04/11/2025 - Níl aon choinní fanta
11/11/2025
18/11/2025
25/11/2025
- Nollaig 2025
02/12/2025
09/12/2025
16/12/2025
– Tabhair faoi deara go bhféadfadh athrú teacht ar an sceideal seo agus gur chóir duit é a dheimhniú trí ghlaoch a chur ar Téigh i dteagmháil linn | Galway City Council Chomhairle Cathrach na Gaillimhe
Céard é costas an bhailiúcháin?
Braitheann costas an bhailiúcháin ar na hearraí atá tú ag iarraidh orainn a bhailiú uait.
Cliceáil anseo chun liosta a fheiceáil d’earraí coitianta agus den táille ghaolmhar.
Liosta Praghsanna Earraí Toirtiúla
| Earra | Táille (€) |
| Cathaoir | €9.00 |
| Fáinne Cispheile | €18.00 |
| Beárbaiciú | €9.00 |
| Folcadán | €18.00 |
| Leaba (dúbailte) | €18.00 |
| Leaba (singil) | €9.00 |
| Taisceadán taobh leapa | €9.00 |
| Rothar | €9.00 |
| Bugaí/cliabhán/pram | €9.00 |
| Cairpéad (mata urláir) | €9.00 |
| Cairpéad (rolla) | €22.50 |
| Cathaoir/stól | €9.00 |
| Cófra tarraiceán | €18.00 |
| Bord beag | €9.00 |
| Tolg | €18.00 |
| Bothán madra | €18.00 |
| Sorcóir uisce the | €18.00 |
| Clár iarnála | €9.00 |
| Tocht (dúbailte) | €18.00 |
| Tocht (singil) | €9.00 |
| Téitheoir ola (cruach) | €18.00 |
| Linn lapadaíola | €9.00 |
| Parasól | €18.00 |
| Scáthán plaisteach | €9.00 |
| Radaitheoir | €9.00 |
| Scútar | €9.00 |
| Aonad Seilfre | €9.00 |
| Tráidire cithfholcadáin | €9.00 |
| Geata staighre | €9.00 |
| Dréimire taca | €9.00 |
| Luascán/cnagadán | €18.00 |
| Urlár adhmaid (beart) | €9.00 |
| Leithreas | €9.00 |
| Trampailín | €18.00 |
| Seastán teilifíse | €9.00 |
| Vardrús | €18.00 |
| Báisín níocháin | €9.00 |
| Fráma Fuinneoige – (gan ghloine) | €18.00 |
| 3-6 earra bheaga (e.g. Potaí, Friochtáin) | €9.00 |
| Teallach | €52.50 |
| Pianó | €52.50 |
| Earraí Leictreacha | |
| Earra | Táille (€) |
| 1-4 earra bheaga (triomadóirí gruaige/seinnteoirí dvd/méarchláir/playstation/teileafóin/vcr/citeal) | €7.50 |
| Inneall níocháin | €7.50 |
| Cuisneoir | €7.50 |
| Miasniteoir | €7.50 |
| Triomadóir | €7.50 |
| Teilifís | €7.50 |
| Scáileán ríomhaire | €7.50 |
| Micreathonn | €7.50 |
| Folúsghlantóir | €7.50 |
| Printéir | €7.50 |
* Más mian leat go mbaileofaí earra uait agus nach bhfuil sé ar an liosta thuas, glaoigh ar Téigh i dteagmháil linn | Galway City Council Chomhairle Cathrach na Gaillimhe le deimhniú cibé an féidir an t-earra a bhailiú nó nach féidir agus an táille a ghearrfar air.
Cén chaoi ar cheart dom na hearraí atá le bailiú uaim a shocrú?
Ba cheart an t-earra a leagan os comhair do thí nó chomh gar agus is féidir don gheata taobh amuigh faoi 8am ar mhaidin an bhailiúcháin. Ba cheart an t-earra a chlúdach le plaisteach chun é a chosaint ó dhamáiste báistí – go háirithe earraí ar nós tochtanna nó troscáin. Déanfaimid iarracht d’earra a bhailiú idir 8am agus 5.30pm ar an dáta bailiúcháin socraithe.
Ba cheart do chustaiméirí an méid seo a leanas a thabhairt faoi deara:
- Ní bhaileoidh foireann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe earraí nach leagtar chomh gar agus is féidir do phointe rochtana tosaigh an tí.
- Ní bhaileofar ach earraí a íocadh astu agus a bhfuil cuntas orthu.
An féidir liom mo Bhailiúchán Earraí Toirtiúla a chur ar ceal?
Is féidir orduithe do Bhailiúchán Earraí Téagartha a chur ar ceal tráth nach déanaí ná 4 pm ar tráthnóna Dé hAoine roimh an dáta bailiúcháin ar an Máirt trí theagmháil a dhéanamh le Téigh i dteagmháil linn | Galway City Council
Tabhair faoi deara go bhfuil gach íocaíocht neamh inaisíoctha.
An bhfuil rogha eile ann chun fáil réidh le hearraí tí nó leictreacha?
Tá – tá sé de rogha ag custaiméirí fáil réidh le hearraí tí nó leictreacha nach bhfuil ag teastáil, saor in aisce, ach iad a thabhairt chuig ionad athchúrsála Chomhairle Cathrach na Gaillimhe in Eastát Tionscail an Leasa Bháin.
Cliceáil anseo chun tuilleadh sonraí a fháil faoi sheirbhís an ionaid athchúrsála.
Is féidir fáil réidh mar seo a leanas le Dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach (WEEE):
Tá sé de dhualgas ar mhiondíoltóirí ábhar leictreach agus leictreonach a thógáil ar ais saor in aisce ar bhonn ceann ar cheann (i.e. Má cheannaíonn tusa citeal, tá sé de dhualgas ar an siopa óna gceannaíonn tú é an sean-chiteal a thógáil uait más mian leat fáil réidh leis).
Chun tuilleadh eolais a fháil ar dhiúscairt WEEE, téigh chuig http://www.weeeireland.ie.