Diúscairt Dramhaíola Tí i gCathair na Gaillimhe
Tabhair faoi deara, le do thoil, gur do shealbhóirí tí Chathair na Gaillimhe amháin atá an t-eolas seo a leanas. Má tá tú i do chónaí lasmuigh de theorainn Chathair na Gaillimhe, déan teagmháil leis an údarás áitiúil ábhartha le do thoil.
Cén chaoi a bhfaighim réidh le mo dhramhaíl tí?
Faoi reachtaíocht náisiúnta, caithfidh gach sealbhóir tí a dhramhaíl a scaradh ina sruthanna éagsúla dramhaíola agus caithfidh siad fáil réidh léi ach bailitheoir ceadaithe dramhaíola nó saoráid cheadaithe/cheadúnaithe dramhaíola a úsáid nó ach í a thabhairt go hionad fág anseo nó go siopaí carthanachta le haghaidh earraí ath-inúsáidte.
Tá ar gach táirgeoir dramhaíola, sealbhóirí tí san áireamh, an méid dramhaíola a dhéanann siad a laghdú agus earraí a athúsáid seachas fáil réidh leo nuair is féidir. Féach na naisc úsáideacha thíos.
Cén t-am ar féidir dramhaíl a bhailiú i gCathair na Gaillimhe?
Bailiú dramhaíola tráchtála - níl aon srian ama ar an am a bhféadfar an dramhaíl sin a bhailiú i gCathair na Gaillimhe.
Bailiú dramhaíola tí -
Chun tionchar an Bhailithe Dramhaíola Tí ar chónaitheoirí a theorannú, áirítear uaireanta oscailte ceadaithe sna ceadanna a eisítear chuig Oibreoirí Bailithe Dramhaíola Tí.
- Má tá cónaí ort i limistéar i gCathair na Gaillimhe ina bhfuil luasteorainn 60 ciliméadar nó níos ísle i bhfeidhm, féadfar bailiúcháin dramhaíola tí a dhéanamh idir 6am agus 10pm
- Má tá cónaí ort i limistéar i gCathair na Gaillimhe ina bhfuil luasteorainn 80 ciliméadar nó níos airde i bhfeidhm, féadfar an dramhaíl tí a bhailiú aon tráth.
Sonraítear i gcoinníoll 6.6.12 den Chead bailithe dramhaíola “Déanfaidh sealbhóir an cheada torann agus núis a íoslaghdú”.
Má tá gearán agat maidir le hamanna bailithe dramhaíola i do cheantar ba chóir duit teagmháil a dhéanamh ar an gcéad dul síos leis an mbailitheoir dramhaíola chun iad a chur ar an eolas faoin bhfadhb. B’fhéidir nach bhfuil siad feasach go bhfuil fadhb lena gcuid gníomhaíochtaí bailithe dramhaíola.
Cé na sruthanna dramhaíola ina bhfuil orm mo dhramhaíl tí a scaradh?
Ar a laghad ar bith, tá ort do dhramhaíl tí a scaradh sna sruthanna dramhaíola seo a leanas:
- Buidéil agus prócaí gloine - Ionaid Fág Anseo
- Earraí in-athchúrsáilte - Araid Athchúrsála https://www.repak.ie/for-consumers/what-can-i-recycle/
- Dramhaíl bia agus dramhaíl ón ngairdín - Araid Múirín
- Dramhaíl iarmharach - Araid Líonadh Talún.
Tá ar bhailitheoirí dramhaíola eolas a chur ar fáil dá gcustaiméirí ar a dtéann i ngach araid.
Cur i bhfeidhm 'Íoc de réir Meáchain' - Limistéir ainmnithe Bailithe Málaí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe
An mbeidh mé fós in ann mo dhramhaíl tí a chur i málaí lena bailiú?
Ní bheidh, le héifeacht ón 1 Iúil 2016, ach amháin má tá tú i do chónaí i limistéar atá ainmnithe go sonrach ag d'údarás áitiúil agus má chomhlíonann tú na critéir riachtanacha le haghaidh bailiú málaí, féach thíos.
De réir Airteagal 20(2) (g) (iv) de na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Cead Bailiúcháin), 2007, arna leasú:
(iv) cinnte a dhéanamh de, ón 1 Iúil 2016, gur i ngabhdáin fhaofa atá deartha lena n-athúsáid, agus iontu sin amháin, a bhaileofar dramhaíl tí ón gcosán, ach amháin i gcás dramhaíl den sórt sin a bhailiú i LIMISTÉIR FAOI LEITH ARNA nAINMNIÚ AG ÚDARÁS ÁITIÚIL mar limistéar nach bhfuil feiliúnach ach do bhailiú dramhaíola den sórt sin i ngabhdáin nach féidir a úsáid arís, ar nós málaí,
Tabharfar faoi athbhreithniú ar gach teaghlach ainmnithe tráth nach déanaí ná 12 mhí i ndiaidh dháta an ainmnithe.
Céard iad na critéir le go gceadófaí bailiú dramhaíola i málaí?
Is iad seo a leanas na critéir chun teaghlach, áit chónaithe aonair nó ilaonad, a ainmniú mar theaghlach nach bhfuil feiliúnach ach do bhailiú dramhaíola tí ón gcosán i ngabhdáin nach féidir a úsáid arís, ar nós málaí:
-
Níl aon spás taobh istigh de theorainn na réadmhaoine, tosach, cúl, ná taobh, chun 3 araid bhruscair a stóráil. Ní mór an dramhaíl a stóráil áit éigin, áfach, fiú nuair a chuirtear amach i málaí é. Ba chóir, dá bhrí sin, féachaint an féidir, i gcúinsí den sórt sin, úsáid a bhaint as araidí rothaí níos lú nó as gabhdáin eile is féidir a úsáid arís. Ina thaobh seo, má úsáidtear an critéar seo chun teaghlach a ainmniú, tabharfar faoi athbhreithniú ar an gcinneadh sin tráth nach déanaí ná 12 mhí i ndiaidh an chinnidh sin, d'fhonn a dhéanamh amach an féidir úsáid a bhaint as araidí rothaí níos lú nó as gabhdáin eile is féidir a úsáid arís.
-
Gnéithe fisiciúla a fhágann go bhfuil sé deacair araid bhruscair a bhogadh go dtí imeall tosaigh na réadmhaoine nó go dtí an teorainn is gaire lena bailiú, e.g. fána ghéar agus/nó céimeanna a chruthódh deacracht mhór.
-
Tá an limistéar (e.g. sráid) róchúng le go bhféadfadh lastlong bruscair teacht ar thithe agus tá an áit is gaire ar féidir an bruscar a chur amach lena bhailiú níos mó ná 100m ón teach.
-
Má chuireann sealbhóir tí / cónaitheoir an tÚdarás Áitiúil ar an eolas go bhfuil imthosca eisceachtúla i gceist agus má dheimhníonn an tÚdarás Áitiúil é sin. Arís, má úsáidtear an critéar seo chun teaghlach a ainmniú, más cuí agus ag cur san áireamh go bhfuil sé i gceist gur eisceacht a bheadh i mbailiú málaí, tabharfar faoi athbhreithniú ar an gcinneadh sin tráth nach déanaí ná 12 mhí i ndiaidh an chinnidh sin, d'fhonn a mheas cé acu atá nó nach bhfuil na himthosca eisceachtúla tar éis athrú sa chaoi is go bhféadfaí araidí rothaí a úsáid.
-
Ach amháin mura féidir é a dhéanamh, cuirfear málaí amach lena mbailiú cóngarach don tslí isteach chuig an teach ónar tháinig an dramhaíl.
Le héifeacht ón 1 Deireadh Fómhair 2016, ní mór málaí, dramhaíl athchúrsála agus iarmharach a cheannach ón mbailitheoir dramhaíola go díreach. Moltar duit teagmháil dhíreach a dhéanamh le do bhailitheoir dramhaíola.
Mar eolas, féach thíos sonraí teagmhala do na bailitheoirí bruscair atá ag ofráil seirbhís údaraithe bailiú málaí dramhaíola i gCathair na Gaillimhe.
Barna Recycling - 091 771619 nó sales@BarnaRecycling.com
Cá bhfuil limistéir ainmnithe Chathair na Gaillimhe?
Tá "Limistéar Bailithe Málaí" Chathair na Gaillimhe iata ag an gcúrsa taistil seo a leanas:
Ag tosú ag Timpeallán na Seoigheach, feadh an Bhóthair Mhóir agus Chnoc na Radharc, isteach ar Bhóthar Bhreandáin Uí Eithir, Ardán Mháire Mhaigdiléana, Sráid Forster, Lána na bhFrinseach, feadh na Faiche Móire go dtí Plás Victoria, Bóthar na nDuganna, feadh Shráid na nDuganna go dtí an Balla Fada, Bóthar na gCeannaithe Íochtarach, Paráid na Spáinneach, thar Dhroichead Wolfe Tone, ar aghaidh feadh Ardán na bhFiach agus Shráid Dhoiminic Uachtarach, Lána an Chaidéil agus Lána an Bhúrcaigh san áireamh, Sráid Liam Thiar, Ascaill na Muimhneach, Bóthar na Mara chomh fada le Séipéal na nÍosánach, ar aghaidh go dtí Sráid Anraí, an tSráid Nua Thiar, Bóithrín na Sliogán, Ascaill Phailmíre, Páirc Phailmíre, Ascaill Iósaif, Ardán Naomh Eoin, Sráid Heilin Naofa, an Bóthar Nua, Sráid an Mhuilinn, Páirc an Mhéara, Oileán Altanach, Sráid Dhoiminic Íochtarach, ó Dhroichead Uí Bhriain ar aghaidh feadh bhruach na habhann go dtí Cé na nGaltán, Bóthar Áth Cinn, Ardán an Bhreatnaigh, Plás Bhríde, Plás Bhríde Uachtarach, Ardán Bhríde agus ag críochnú ag Cnoc na Radharc.
Tá na sráideanna seo a leanas san áireamh freisin:
Bóthar na Trá Uachtarach, Ascaill na Trá san áireamh, go dtí acomhal Ardán San Antonia. Ascaill an Léana Bháite agus Ardán San Antonia.
Féach freisin an léarscáil faoi cheangal.
Ní chuirfear seirbhís bailithe dramhaíola i málaí ar fáil do theaghlaigh aonair sna limistéir thuasluaite ach amháin in imthosca eisceachtúla, féach na critéir thuas, sa chás nach féidir dramhaíl a bhailiú i ngabhdáin is féidir a úsáid arís, ar nós araidí rothaí, agus ní mór cead a fháil roimh ré ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.
Cá bhfuil mé in ann na haraidí, a mbaileofar mo dhramhaíl uathu, a fháil?
Cuireann na bailitheoirí ceadaithe dramhaíola thíos seirbhís bailithe dramhaíola tí ar cholbha an chosáin ar fáil i gCathair na Gaillimhe. Déan teagmháil leis na bailitheoirí dramhaíola go díreach chun tuilleadh eolais a fháil ar na seirbhísí a chuireann siad ar fáil.
- Barna Recycling - 091 771619 nó sales@BarnaRecycling.com
- The City Bin Company - 091 787800 nó home@citybin.com
- Walsh Waste - 091 840840 nó info@walshwaste.com
- W.E.R.S. Waste - 093 24027 nó info@werswaste.ie
Cá bhfuil mé in ann málaí do mo dhramhaíl tí a fháil?
Níl málaí dramhaíola agus athchúrsála ar fáil faoi láthair ach óBarna Recycling - 091 771619 nó ó sales@BarnaRecycling.com
Caithfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe tú a fhaomhadh do sheirbhís bailithe dramhaíola tí i málaí sula ndéanann tú teagmháil le Barna Recycling. Féach freisin an fhoirm cheangailte. Ceangail foirm.
An féidir liom mo mhúiríneoir baile féin a úsáid?
Tá cead ag sealbhóirí tí a mbia féin agus a ndramhaíl ón ngairdín a mhúiríniú i múiríneoir baile.
Ba chóir bheith an-chúramach leis an ndramhaíl bia a chuirtear isteach san araid múirín. Níor chóir bia cócaráilte, feoil, arán nó táirgí déiríochta a chur san araid bhaile múirín. Ní féidir na rudaí céanna a chur i d'araid múirín le haghaidh bailithe dramhaíola agus i d'araid bhaile múirín. http://www.stopfoodwaste.ie/home-composting/
Cá bhfuil mé in ann na sruthanna dramhaíola seo a leanas a athchúrsáil?
- Gloine agus prócaí - Bainc buidéal ar fud na Cathrach.
- Seanéadaí - Is féidir éadaí a d'fhéadfaí a athúsáid a thabhairt do shiopaí carthanachta nó a chur i mbainc éadaí ar fud na Cathrach. Is féidir éadaí nach bhféadfaí a athúsáid a chur i mbainc éadaí ar fud na Cathrach.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ag http://www.galwaycity.ie/bring-banks-2/
Cén áit ar féidir liom mo dhramhaíl nach dtéann i m'araidí a thabhairt?
Tá earraí móra in-athchúrsáilte plaisteacha/miotail/adhmaid, ola úsáidte chócaireachta agus innill, dramhearraí leictreacha agus cadhnraí i measc na n-earraí a nglactar leo ag Ionad Athchúrsála Chomhairle Cathrach na Gaillimhe in Eastát Tionsclaíochta an Leasa Bháin.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ag http://www.galwaycity.ie/environment-litter-waste/recycling-centre-2
Barna Recycling, Ceathrú an Bhrúnaigh, Bóthar Áth Cinn, Co. na Gaillimhe - 091 771619, sales@BarnaRecycling.com nó www.barnarecycling.com agus
Cuireann The City Bin Company, Órán Mór, Co. na Gaillimhe - 091 787800, home@citybin.com nó www.citybin.com seirbhís diúscartha dramhaíola ar fáil ag a saoráidí freisin.
Déan teagmháil leo go díreach chun tuilleadh eolais a fháil ar na seirbhísí a chuireann siad ar fáil.
Cén chaoi a mbaileofar earraí móra dramhaíola ó mo theach?
Cuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe seirbhís bailithe earraí téagartha ar fáil. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag http://www.galwaycity.ie/environment-litter-waste/bulky-goods-collection-2
Má úsáideann tú bailitheor príobháideach dramhaíola, déan cinnte go bhfuil cead bailí bailithe dramhaíola acu.
Cén chaoi a bhfaighim réidh le hearraí leictreacha agus le cadhnraí?
Tá eolas faoi dhiúscairt dramhearraí leictreacha agus cadhnraí ar fáil ag http://www.galwaycity.ie/environment-litter-waste/weee-2
An féidir liom mo dhramhaíl a dhó?
Ní féidir. Tá sé i gcoinne an dlí dramhaíl a dhó. Is féidir le dó neamhrialaithe dramhaíola bheith mar chúis le truailliú aeir, a d'fhéadfadh saincheisteanna tromchúiseacha sláinte agus sábháilteachta a chruthú, tinneas riospráide ar nós asma ina measc.
Is cion faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola 1996 agus/nó faoin Acht um Thruailliú Aeir dramhaíl a dhó.
Is féidir le Comhairle Cathrach na Gaillimhe an dlí a chur ar chiontóirí faoi reachtaíocht um bainistiú dramhaíola agus um thruailliú aeir agus fíneálacha chomh hard le €3,000 a ghearradh orthu.
An féidir pionós a ghearradh orm mura bhfaighim réidh le mo dhramhaíl i gceart?
Is féidir. Tá tú freagrach as diúscairt cheart do dhramhaíola.
Is féidir le dumpáil dramhaíola, dramhaíl bia ach go háirithe, míolra a mhealladh, a bhaineann iarmhairtí sláinte agus sábháilteachta, chomh maith leis an riosca gortaithe óna bhfuil sa dramhaíl, leis.
D'fhéadfadh Comhairle Cathrach na Gaillimhe fíneálacha bruscair a ghearradh as mionsáruithe an Achta um Thruailliú ó Bhruscar 1997, arna leasú. Déileáiltear le sáruithe níos tromchúisí a bhaineann le bainistiú dramhaíola faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola 1996, arna leasú.
Áirítear leis seo do dhramhaíl a thabhairt do bhailitheoir neamhcheadaithe dramhaíola. Is cion faoin Acht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997 málaí dramhaíola neamhúdaraithe a chur amach i gceantar poiblí. Is cion faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996 dramhaíl a dhumpáil.
Is féidir le Comhairle Cathrach na Gaillimhe an dlí a chur ar chiontóirí agus fíneálacha chomh hard le €3,000 a ghearradh orthu.
Cén chaoi a bhfuil a fhios agam go bhfuil cead ag duine, a bhfuil seirbhís bailithe dramhaíola á cur ar fáil acu, dramhaíl a bhailiú?
Tá liosta de na bailitheoirí ar fad a bhfuil cead bailí bailithe dramhaíola acu ar fáil ag http://www.nwcpo.ie/permitsearch.aspx
Tá ar na bailitheoirí ceadaithe dramhaíola ar fad a bhfeithiclí a mharcáil le sonraí a gceada bailithe dramhaíola agus cóip dá gcead bailithe dramhaíola a bheith san fheithicil.
Cén áit ar féidir liom tuilleadh eolais ar laghdú agus ar athchúrsáil dramhaíola a fháil?
Tá tuilleadh eolais ar fáil ag na naisc athchúrsála seo a leanas:
https://www.repak.ie/for-consumers/what-can-i-recycle/
http://www.stopfoodwaste.ie/home-composting/
http://www.weeeireland.ie/consumers/
Cad ba chóir dom a dhéanamh má fheicim dumpáil nó dramhaíl á dó?
Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar 091 536400 nó http://www.galwaycity.ie/environment-litter-waste/litter-illegal-dumping/report-it/?filter=Illegal%20Dumpingchun gearán a dhéanamh faoi.
Níl ort do shonraí teagmhála a thabhairt. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Líne Náisiúnta Ghearáin na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil chomh maith ar 1800 365 123
http://www.epa.ie/enforcement/report/nationalenvironmentalcomplaintsline/