Fodhlíthe Dramhaíola

Ní hamháin go bhfuil Dumpáil Mhídhleathach gránna, ach déanann sí an-dochar do thimpeallacht agus d’fhiadhúlra na cathrach freisin. Guais fhéideartha tine agus baol don tsláinte phoiblí atá inti freisin.

Fodhlíthe Chomhairle Cathrach na Gaillimhe (Leithscaradh, Stóráil agus Tabhairt i Láthair Dramhaíola Teaghlaigh agus Tráchtála) 2019
 

CEISTEANNA COITIANTA

 

Cén fáth ar ghlac Comhairle Cathrach na Gaillimhe le Fodhlíthe Chomhairle Cathrach na Gaillimhe (Leithscaradh, Stóráil agus Tabhairt i Láthair Dramhaíola Teaghlaigh agus Tráchtála) 2019?

Ní hamháin go bhfuil Dumpáil Mhídhleathach gránna, ach déanann sí an-dochar do thimpeallacht agus d’fhiadhúlra na cathrach freisin.  Guais fhéideartha tine agus baol don tsláinte phoiblí atá inti freisin.   Ach dramhaíl a dhumpáil, go háirithe dramhbhia, d’fhéadfadh sé míolra a mhealladh agus baineann iarmhairtí sláinte agus sábhailteachta leis sin. Baineann baol gortaithe le hábhar na dramhaíola freisin.  Is costas ollmhór ar an gcáiníocóir iad na costais ghlantacháin a bhaineann le dumpáil mhídhleathach.

Chun dul i ngleic le dumpáil mhídhleathach agus ar an gcaoi sin an tsláinte phoiblí, an timpeallacht agus an fiadhúlra a chosaint, d’achtaigh Comhairle Cathrach na Gaillimh Fodhlíthe Chomhairle Cathrach na Gaillimhe (Leithscaradh, Stóráil agus Tabhairt i Láthair Dramhaíola Teaghlaigh agus Tráchtála) 2019.

 

Cén áit ar féidir liom cóip de na Fodhlíthe a fháil?

Cliceáil anseo chun teacht ar na Fodhlíthe

www.galwaycity.ie/fodhlithe-dramhaiola  

 

Cén chaoi a mbaineann Fodhlíthe Chomhairle Cathrach na Gaillimhe (Leithscaradh, Stóráil agus Tabhairt i Láthair Dramhaíola Teaghlaigh agus Tráchtála) 2019 liomsa?

Ní mór do gach teaghlach agus gnólacht i gCathair na Gaillimhe na Fodhlíthe seo a chomhlíonadh.

 

Seo a leanas cuspóirí na bhFodhlíthe:

  • Cabhrú leat do chuid dramhaíola a bhainistiú ar bhealach atá inghlactha ó thaobh na timpeallachta de.
  • Cinnte a dhéanamh de nach dtugtar do chuid dramhaíola ach do bhailitheoir údaraithe dramhaíola tí cois bóthair nó go dtugtar chuig saoráid údaraithe dramhaíola í.
  • Cinnte a dhéanamh de go leithscartar do chuid dramhaíola i gceart.
  • Dumpáil mhídhleathach agus dumpáil chúlchlóis a laghdú.
  • Ach dramhaíl a bhainistiú i gceart:

(a)          Cabhróidh tú le tabhairt faoi dhúshlán na haeráide.

(b)          Feabhsóidh tú cáilíocht agus méid an ábhair in-athchúrsáilte a bhailítear.

(c)          Laghdóidh tú an méid dramhaíola a théann go dtí líonadh talún nó a loisctear.

(d)         Cabhróidh tú le hacmhainní finideacha an domhain a chaomhnú.

 

Céard atá le déanamh agam chun Fodhlíthe Chomhairle Cathrach na Gaillimhe (Leithscaradh, Stóráil agus Tabhairt i Láthair Dramhaíola Teaghlaigh agus Tráchtála) a chomhlíonadh? 

Leagtar amach in Alt 2 de na Fodhlíthe na hoibleagáidí maidir le dramhaíl teaghlaigh agus tráchtála.  Mar Shampla: Faoi Alt 2.1 Oibleagáid le Páirt a Ghlacadh i Seirbhís Bailithe Dramhaíola, ní mór duit a bheith in ann na nithe seo a leanas a chruthú:

 

(a)    Tá conradh agat le bailitheoir údaraithe dramhaíola (ceadaítear boscaí bruscair a chomhroinnt agus teastaíonn foirm dar teideal “Cruthúnas ar Chomhaontú” ina leith.  Tá na foirmeacha ar fáil ar www.galwaycity.ie/araid-a-chomhroinnt    

                                            nó

(b)   Is féidir leat a thaispeáint go mbaineann tú úsáid rialta as saoráid údaraithe dramhaíola i.e cruthúnas ar admhálacha a chur ar fáil.

Cibé ceann a roghnaíonn tú, ní mór duit a bheith in ann fianaise dhoiciméadach a chur ar fáil, amhail admhálacha, ráitis nó cruthúnas eile ar íocaíocht.  Teastaíonn iarratas faofa ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe le haghaidh socruithe maidir le boscaí bruscair a chomhroinnt. 

 

Fuair mé litir ón gComhairle inar iarradh sonraí maidir leis an gcaoi a ndiúscraím mo chuid dramhaíola. Céard a dhéanfaidh mé anois?

Téigh go dtí an suíomh gréasáin www.galwaycity.ie/mywasteinfo  agus comhlánaigh an nasc féindearbhaithe. Teastaíonn an fhaisnéis seo a leanas:

  • Do sheoladh agus do chuid sonraí teagmhála.
  • Faisnéis maidir le do bhailitheoir údaraithe dramhaíola, má úsáideann tú seirbhís bailithe dramhaíola cois bóthair.
  • Sonraí faoin tsaoráid dramhaíola a úsáideann tú, má thugann tú do chuid dramhaíola díreach chuig saoráid údaraithe dramhaíola.
  • Sonraí faoi chomhaontú maidir le boscaí bruscair a chomhroinnt, má chomhroinneann tú do bhoscaí bruscair le comharsa nó le duine eile den teaghlach.

De rogha air sin, is féidir leat an fhaisnéis a chur i ríomhphost chuig wastecollection@galwaycity.ie nó sa phost chuig an Rannóg Timpeallachta, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.

 

Cén fáth a bhfuil faisnéis maidir leis an tseirbhís bailithe dramhaíola a úsáidim á lorg ag an gComhairle?

Faoi Fhodhlíthe Chomhairle Cathrach na Gaillimhe (Leithscaradh, Stóráil agus Tabhairt i Láthair Dramhaíola Teaghlaigh agus Tráchtála), ní mór do gach sealbhóir dramhaíola seirbhís údaraithe bailithe dramhaíola a úsáid nó dramhaíl a dhiúscairt ag saoráid údaraithe dramhaíola. Tá faisnéis á lorg ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoi do sheirbhís bailithe dramhaíola le gur féidir linn a dheimhniú go bhfuil seirbhís bailithe dramhaíola agat agus go bhfuil na fodhlíthe á gcomhlíonadh agat.

 

An gcaithfidh mé an méid a dhéanaim le mo chuid dramhaíola a chur in iúl don Chomhairle?

Caithfidh. Faoi Fhodhlíthe Chomhairle Cathrach na Gaillimhe (Leithscaradh, Stóráil agus Tabhairt i Láthair Dramhaíola Teaghlaigh agus Tráchtála), a tháinig in éifeacht i mí Feabhra 2019, tá ceangal dlí ar áitritheoirí agus ar ghnólachtaí i gCathair na Gaillimhe na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  1. Cruthúnas páipéir nó leictreonach a thaispeáint ar sheirbhís rialta bailithe boscaí bruscair de chuid bailitheora údaraithe dramhaíola nó
  2. Cruthúnas ar admhálacha a thaispeáint má thugtar dramhaíl díreach chuig saoráid údaraithe dramhaíola nó
  3. Cruthúnas ar chomhaontú maidir le boscaí bruscair a chomhroinnt a thaispeáint más rud é go gcomhroinntear boscaí bruscair le comharsa nó le duine eile den teaghlach. Chun leas a bhaint as an rogha seo, ní mór foirm dar teideal ‘Cruthúnas ar Chomhaontú’ a chomhlánú. Tá an fhoirm seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe www.galwaycity.ie/araid-a-chomhroinnt  nó ach teagmhail a dhéanamh leis an Rannóg Timpeallachta ar 091-536400.

Tabhair do d’aire le do thoil gur cion é faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a sholáthar de réir Alt 14 den Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996. 

 

An gcoinneofar mo chuid faisnéise faoi rún?

Stórálfar agus próiseálfar do chuid sonraí ar aon dul le Treoirlínte Chomhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le Cosaint Sonraí faoi RGCS.

 

Cad a tharlóidh mura gcomhlíonaim na Fodhlíthe?

Mura gcomhlíonann tú aon riachtanas de chuid na bhfodhlíthe, d’fhéadfadh Comhairle Cathrach na Gaillimhe nó ball den Gharda Síochána Fógra um Pionós Socraithe (€75 ar a mhéad) a eisiúint. D’fhéadfaí freisin fíneáil suas le €2,500 a ghearradh ar dhuine nuair a chiontaítear é. 

TÁ MONATÓIREACHT Á DÉANAMH AG NA CIGIRÍ I DO CHEANTAR FAOI LÁTHAIR. SEACHAIN FÍNEÁIL ACH A BHEITH COMHLÍONTACH Ó THAOBH NA DRAMHAÍOLA DE

 

Cén chaoi ar féidir liom a sheiceáil an bhfuil bailitheoir dramhaíola údaraithe nó nach bhfuil?

Tá cead bailithe dramhaíola ag bailitheoirí údaraithe dramhaíola, a d’eisigh an Oifig Náisiúnta do Cheadanna Bailithe Dramhaíola.   Chun fáil amach an bhfuil cead bailithe dramhaíola bailí acu, ní mór do theaghlach teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Náisiúnta do Cheadanna Bailithe Dramhaíola ar 057 9373710 nó ríomhphost a chur chuig contactus@nwcpo.ie 



Tá cead ag na bailitheoirí dramhaíola seo a leanas dramhaíl a bhailiú ó do réadmhaoin i gCathair na Gaillimhe:

Tá an gineadóir dramhaíola freagrach as cinnte a dhéanamh de go bhfuil an bailitheoir dramhaíola comhlíontach. D’fhéadfaí fíneáil suas le €3,000 a ghearradh ar dhuine as bailitheoir neamhúdaraithe dramhaíola a úsáid.

 

Comhroinnim boscaí bruscair le duine eile den teaghlach. An gceadaítear é sin?

Ceadaítear boscaí bruscair a chomhroinnt i gcúinsí áirithe. Chun leas a bhaint as an rogha seo, ní mór foirm dar teideal ‘Cruthúnas ar Chomhaontú’ a chomhlánú agus ní mór do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe an fhoirm a fhaomhadh. Tá an fhoirm seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe www.galwaycity.ie/araid-a-chomhroinnt  nó ach teagmhail a dhéanamh leis an Rannóg Timpeallachta ar 091-536400.

Céard é clár Alt 34C?

Faigheann Comhairle Cathrach na Gaillimhe faisnéis ó bhailitheoirí údaraithe dramhaíola a oibríonn i gCathair na Gaillimhe. De réir Alt 34C den Acht um Bainistiú Dramhaíola 1996, arna leasú, bhunaigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe ‘Clár Daoine a Úsáideann Seirbhís Bailithe Dramhaíola Teaghlaigh’.  Uasdátaítear an clár seo go rialta ach an fhaisnéis a fhaightear ó na bailitheoirí údaraithe dramhaíola a oibríonn sa chathair a úsáid.

 

Cén áit ar féidir liom tuilleadh eolais a fháil faoi bhainistíocht dramhaíola?

Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar www.mywaste.ie  nó ar www.galwaycity.ie/household-waste-disposal.