Fíneáil maidir le Cúrsaí Bruscair
Is féidir fíneálacha bruscair a íoc ar líne, go pearsanta i Halla na Cathrach nó ar an bhfón.
Tá fíneáil bruscair faighte agam – Cén chaoi a n-íocfaidh mé í?
Is féidir leat íoc:
- Ar líne ar https://www.fines.ie/ trí úsáid a bhaint as uimhir na fíneála agus as an gcód PIN atá luaite i litir na fíneála.
- Go pearsanta ag an gcuntar íocaíochta i Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, H91 X4K8 nó ar an bhfón ag 091 536 400 (9rn go 4in, Dé Luain go Dé hAoine)
Céard iad na cionta bruscair a bhféadfadh fíneáil bruscair a bheith mar thoradh orthu?
|
Uimhir an Chiona |
Méid na Fíneála |
Cur Síos ar an bhFíneáil |
|
Alt 3 (1) |
€250 |
Substaint nó rud a chaitheamh chun bruscar a chruthú in áit phoiblí nó in áit atá le feiceáil go pointe ar bith ó áit phoiblí.” |
|
Alt 3 (2) |
€250 |
Substaint, ábhar nó rud a fhágáil le bailiú ag Údarás Áitiúil, nó thar a cheann, ar bhealach a chruthaíonn nó a d’fhéadfadh a chruthú go mbeadh bruscar i láthair phoiblí, nó bruscar a bheadh le feiceáil, go pointe ar bith, ó láthair phoiblí. Rud ar bith a luchtú, a iompar, a dhíluchtú nó a láimhseáil nó a phróiseáil ar bhealach a chruthaíonn nó a d’fhéadfadh a chruthú go mbeadh bruscar i láthair phoiblí, nó bruscar a bheadh le feiceáil, go pointe ar bith, ó láthair phoiblí. |
|
Alt 3 (3) |
€250 |
Araid bhruscair nó in aice léi a úsáid chun dramhaíl bhardasach a dhiúscairt. |
|
Alt 4 (1) |
€250 |
Mainneachtain bearta a dhéanamh agus feithicil á húsáid chun earraí nó ábhair a iompar chun cosc a chur ar bhruscar a chruthú ar bhóthar poiblí nó in áit phoiblí. |
|
Alt 4 (2) |
€250 |
Mainneachtain bearta a dhéanamh chun cosc a chur ar bhruscar a chruthú gar do láthair scipe. |
|
Alt 6 (1) |
€250 |
Mainneachtain áit phoiblí a choinneáil saor ó bhruscar. |
|
Alt 6 (2) |
€250 |
Mainneachtain talamh a choinneáil saor ó bhruscar nuair is féidir an bruscar sin a fheiceáil, go pointe ar bith, ó áit phoiblí. |
|
Alt 6 (3) |
€250 |
Mainneachtain talamh a bhaineann le háit chónaithe, atá ligthe in dhá aonad nó níos mó, a choinneáil saor ó bhruscar atá le feiceáil ó áit phoiblí. |
|
Alt 6 (4) |
€250 |
Mainneachtain cosán nó imeall bóthair atá in aice le bóthar poiblí a choinneáil saor ó bhruscar. |
|
Alt 6 (5) |
€250 |
Bruscar a bhaint de chosán nó d’imeall bóthair agus é a chur ar an mbóthar. |
|
Alt 15 (1) |
€250 |
Mainneachtain coimeádáin leordhóthanacha bruscair a sholáthar agus a chothabháil chun cosc a chur ar bhruscar a bheith á chruthú i dtimpeallacht gar d’ionad díola soghluaiste. |
|
Alt 15 (2) |
€250 |
Mainneachtain bruscar a bhaineann le hoibriú ionad díola soghluaiste a bhaint i dtimpeallacht an ionaid sin. |
|
Alt 19 (1) |
€250 |
Fógra nó ábhar fógraíochta eile a chur ar taispeáint, nó struchtúr, doras, geata, fuinneog, crann, cuaille nó áit eile a dhífhoirmiú. |
|
Alt 19 (2) |
€250 |
Ábhar fógraíochta a chur ar fheithicil a thiomáintear go meicniúil. |
|
Alt 21 |
€250 |
Ábhar fógraíochta a dháileadh contrártha d’fho-dhlí. |
|
Alt 22 |
€250 |
Mainneachtain faecas madra a thabhairt leat. |
Cé mhéad a ghearrfar orm má thugtar fíneáil bruscair dom?
€250. Nuair a eisíonn Garda Pobail fíneáil bruscair, bíonn 21 lá ag an duine a fhaigheann í, ón dáta a eisíodh an fhíneáil, chun í a íoc.
Mura bhfaightear an íocaíocht laistigh den tréimhse 21 lá, cuirfear tús le himeachtaí cúirte.
An féidir liom achomharc a dhéanamh i gcoinne fíneáil bruscair?
Má fhaigheann tú fíneáil bruscair agus má mheasann tú nach bhfuil údar leis an bhfíneáil sin, tá sé de cheart agat achomharc i scríbhinn a chur isteach.
Ba chóir achomhairc a sheoladh chuig:
An Rannóg Comhshaoil, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Bóthar an Choláiste, Gaillimh
Nó ar ríomhphost chuig environment.section@galwaycity.ie
Ba chóir achomharc a scríobh go soiléir agus go soléite agus an t-eolas seo a leanas a chur san áireamh:
- Ainm agus seoladh an achomharcóra
- Uimhir na Fíneála Bruscair
- An chúis leis an achomharc agus aon cháipéisíocht tacaíochta
Ní bhreithneofar ach achomharc a fhaigheann Comhairle Cathrach na Gaillimhe laistigh de 21 lá ón dáta a eisíodh an Fógra Muirir Sheasta.
Ní mór gach cáipéis tacaíochta a chur isteach mar chuid de d’iarratas bunaidh ar achomharc. Ní ghlacfar le cáipéisí breise ná ní bhreithneofar iad ó bheidh achomharc curtha isteach.
Ar d’achomharc a fháil, déanfaimid an méid seo a leanas:
- Breithneoidh muid d’achomharc i gcomhthéacs na fianaise a chuir an Maor Pobail ar fáil.
- Cuirfimid an cinneadh atá déanta againn in iúl duit i scríbhinn, ar ríomhphost nó ar an bpost.
- Cláróimid sonraí faoi d’achomharc chun críocha rialaithe agus iniúchta.
Fuair mé Meabhrúchán Íocaíochta maidir le Fíneáil Bruscair; ach tá achomharc déanta agam – céard ba cheart dom a dhéanamh?
Seoltar meabhrúcháin faoi fhíneálacha bruscair go huathoibríoch 7, 14 agus 21 lá tar éis fíneáil a eisiúint. Déantar sin fiú má tá achomharc curtha isteach nó nach bhfuil.
Cuirfear toradh d’achomhairc in iúl duit ar an bpost nó ar ríomhphost, agus ní gá du