Leithris Phoiblí

Féadfaidh údaráis áitiúla leithris phoiblí a sholáthar agus a chothabháil i gcathracha, bailte, cuanta agus ceantair chósta.

Cá bhfuil na Leithris Phoiblí Uathoibrithe i gCathair na Gaillimhe?

  • An Fhaiche Mhór [3 x Leithreas]
  • Páirc na Mílaoise, Bóthar na hOllscoile
  • Oileán an Iarla, Carrchlós na hArdeaglaise
  • Promanáid Bhóthar na Trá, Trá na mBan [3 x Leithreas agus Cithfholcadán]
  • Promanáid Bhóthar na Trá, an Charraig Dhubh [3 x Leithreas agus Cithfholcadán]

 

Glanadh agus Cothabháil na Leithreas Poiblí Uathoibrithe

Tá conradh ag Healthmatic le haghaidh ghlanadh agus chothabháil na Leithreas Poiblí Uathoibrithe.

Tá Healthmatic freagrach as an nglanadh agus cothabháil.

 

Cé leis a thuairisceoidh mé gearán nó ábhar imní?

Tuairiscigh é do:

Líne Sheirbhíse 24 uair an chloig Healthmatic ar 016 950 707

 

Aláraim ag cur isteach ar dhaoine?

Tá aláraim dhifriúla sna haonaid ar fhaitíos go dtarlódh tine, go mbrisfí isteach iontu nó go dteastódh cúnamh ó dhuine faoi mhíchumas.

Má bhuaileann na haláraim, glaofar láithreach ar Líne Sheirbhíse 24 uair an chloig Healthmatic.