Féachann Comhairle Cathrach na Gaillimhe le húinéireacht fhreagrach madraí a chur chun cinn – agus is iad ceadúnú agus rialú madraí bun agus barr an scéil.
Is peata álainn dílis é madra agus is comrádaí maith é. Mar sin féin, má tá tú ag smaoineamh ar mhadra a fháil, nó má tá madra agat cheana féin, tá sé tábhachtach smaoineamh i ndáiríre faoin méid ama a theastaíonn ó mhadra. Tá freagracht mhór ort mar úinéir madra – ní amháin go bhfuil freagrachtaí ort maidir le do mhadra, ach beidh freagrachtaí ort maidir le do phobal freisin.
1. Tá sé de dhualgas morálta agus mar fhreagracht dlíthiúil ar úinéirí madra glanadh suas i ndiaidh a madra féin. Is guais shláinte é salachar madra agus scriosann sé an timpeallacht ar chách. Glan suas i ndiaidh do mhadra nó d’fhéadfaí fíneáil €150 a ghearradh ort. Tá sluaistíní caca le fáil saor in aisce in áiteanna poiblí éagsúla ar fud na cathrach agus i Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.
2. Níor cheart ligean do mhadraí a bheith ag imeacht leo i limistéir phoiblí, i limistéir ghlasa ná timpeall ar chomharsanachtaí. Ba cheart go mbeadh madra faoi smacht a n-úinéara ag gach tráth agus ba cheart go mbeadh rud éigin air a léiríonn aitheantas an úinéara, cosúil le coiléar leis an ainm nó suaitheantas.
3. Ba cheart pórtha contúirteacha a choinneáil ar éill agus mantóg a bheith orthu. Chun tuilleadh eolais a fháil ar phórtha contúirteacha breathnaigh ar: Céard iad na rialacháin maidir le pórtha áirithe madraí? agus an freagra níos faide síos
4. Ba cheart d’úinéirí madraí a ndícheall a dhéanamh a chinntiú nach mbíonn madraí ag tafann ar feadh tréimhsí fada ama, rud a chuireann isteach agus a chiapann comharsana.
5. Ní mór ceadúnas a bheith ag gabháil le gach madra. Cosnaíonn ceadúnas bliantúil madraí €20 agus is féidir é a cheannach ó oifig an phoist.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi cheadúnas madraí a cheannach ó An Post, cliceáil anseo.
6. Ón 1 Lúnasa 2008, ní cheadaítear madraí ar thránna ná in uiscí thránna Chathair na Gaillimhe idir 9am agus 8pm i rith mhíonna na Bealtaine, an Mheithimh, Iúil, Lúnasa agus Mheán Fómhair.
Roimh 9am agus tar éis 8pm idir mí na Bealtaine agus mí Mheán Fómhair, ceadaítear madraí ar an trá ach iad a bheith ar éill agus nach bhfuil siad contúirteach ná ag cur isteach ar dhaoine. Ní bhaineann an fodhlí seo ach le tránna Bhóthar na Trá, Grattan, Bhaile an Locháin agus Thrá na gCeann agus lena gcuid uiscí; níl aon tionchar ag a thabhairt isteach ar an bPromanáid.
7. Tá Rialacháin nua tugtha isteach le haghaidh micrishliseáil agus clárú a dhéanamh ar gach madra faoin 31 Márta 2016.
Ní mór duit teagmháil a dhéanamh le cleachtas do thréidlia, nó bunachar sonraí oiriúnach a chuardach le haghaidh ionphlandóir neamhthréidliach leis an oiliúint cheart mar atá leagtha amach sna Rialúcháin.
Ní mór d'úinéir a chinntiú go bhfuil micrishlis oiriúnach á úsáid ag ionphlandóir, agus go mbeidh an mhicrishlis cláraithe ar bhunachar sonraí oiriúnach.
Breathnaigh ar na fodhlíthe maidir le rialú madraí le haghaidh Chathair na Gaillimhe