Tuaslagóirí

Tá na rialacháin seo a leanas déanta le Treoir na dTuaslagóirí le hoibriú gnólachtaí a úsáideann tuaslagóirí nó ábhair ina bhfuil tuaslagóirí a rialú, tirimghlantóirí agus ath-bhailchríochnaitheoirí feithiclí den chuid is mó.

Cad atá i dTreoir na dTuaslagóirí?

Tá na rialacháin seo a leanas déanta le Treoir na dTuaslagóirí le hoibriú gnólachtaí a úsáideann tuaslagóirí nó ábhair ina bhfuil tuaslagóirí a rialú, tirimghlantóirí agus ath-bhailchríochnaitheoirí feithiclí den chuid is mó.

Éilítear ar na gnólachtaí seo dul faoi chigireacht ag measúnóir faofa go rialta agus Deimhniú Comhlíontachta a bheith acu, atá eisithe ar feadh tréimhse seasta ag an údarás áitiúil ábhartha.

I.R. Uimh. 564/2012 - Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Péinteanna, Veairnisí, Táirgí agus Gníomhaíochtaí Ath-bhailchríochnaithe Feithiclí) 2012, ar a dtugtar go coitianta "Rialacháin na bPéinteanna Deco"

Glacann na Rialacháin seo ionad na Rialacháin um Phéinteanna Maisiúla (I.R. Uimh. 199 de 2007)

I.R. Uimh. 565/2012 - Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Suiteálacha agus Gníomhaíochtaí a Úsáideann Tuaslagóirí Orgánacha) 2012, ar a dtugtar go coitianta "Rialacháin na dTuaslagóirí".

Glacann na Rialacháin seo áit Rialacháin na dTuaslagóirí a bhí ann rompu (I.R. Uimh. 454 de 2002).

Cad iad na gnólachtaí lena mbaineann na rialacháin seo?

Baineann siad go príomha le Tirimghlantóirí agus le hAth-bhailchríochnaitheoirí Feithiclí.

Cé a dhéanann an Measúnú?

Féadfaidh oibritheoir suiteála ball ar bith de Phainéal cuí de Mheasúnóirí Faofa a roghnú le cigireacht a dhéanamh agus iad a fhostú go díreach leis an measúnú a dhéanamh. Is iad seo a leanas sonraí phainéal Measúnóirí Faofa an EPA:

EnviroGuide Consulting - Fón: 01 2711896 - Gréasán: www.enviroguide.ie

Déanfaidh an Measúnóir Faofa athbhreithniú ar an ngníomhaíocht agus scríobhfaidh sé/sí tuarascáil faoin leibhéal comhlíontachta leis na rialacháin. Luafar sa tuarascáil an bhfuil an tsuiteáil ag comhlíonadh na rialachán go ginearálta nó nach bhfuil, agus más cuí, molfar go n-eiseoidh an t-údarás áitiúil ábhartha Deimhniú Comhlíontachta.

Conas a dhéantar iarratas ar Dheimhniú Comhlíontachta?

Ní mór tuarascáil an mheasúnóra a chuir faoi bhráid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, chomh maith le foirm chlárúcháin chomhlánaithe (beidh sí seo curtha ar fáil don iarratasóir ag an Measúnóir Faofa leis an tuarascáil) agus táille €50 i leith athnuachana nó €70 i leith Deimhniú Comhlíontachta nua (lena n-áirítear cásanna ina ndeachaigh an seandeimhniú i léig).

Ar bhonn na cáipéisíochta seo, déanfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe cinneadh maidir le Deimhniú Comhlíontachta a eisiúint don tsuiteáil.

An cion é feidhmiú gan Deimhniú Comhlíontachta?

Is coir é do shuiteáil tirimghlanta ar bith nó d'oibritheoir ath-bhailchríochnaithe feithiclí feidhmiú gan Deimhniú Comhlíontachta bailí, agus féadfar fíneálacha suas le €5,000 a ghearradh ar chiontú achomair sa Chúirt Dhúiche nó le fíneáil ar an láthair.

Cá bhfaighidh mé breis eolais faoi Rialacháin na dTuaslagóirí?

Is féidir an nuacht is déanaí agus faisnéis a fháil ag an suíomh gréasáin seo a leanas www.solvents.ie

Seo a leanas an liosta reatha Tirimghlantóirí ceadaithe faoi na rialacháin sin:

Seo a leanas an liosta reatha Athbhailchríochnóirí ceadaithe faoi na rialacháin sin: