Is cathair dhátheangach í Gaillimh, ina bhfuil dhá cheantar mhóra Gaeltachta - i gCnoc na Cathrach, agus sa Bruach Thoir, lena n-áirítear Tír Oileáin, Na Cualacha, Mionlach, Baile an Dúlaigh, Baile an Phoill, An Pháirc Mhór agus codanna den Chaisleán Gearr.
Is 'Baile Seirbhíse Gaeltachta' é Cathair na Gaillimhe chomh maith – baile atá suite i limistéar pleanála teanga Gaeltachta nó in aice le ceann, a chuireann seirbhísí agus áiseanna ar fáil do phobal na Gaeltachta.
Tá líon suntasach cainteoirí Gaeilge i gCathair na Gaillimhe, 32,708 duine a bhí in ann Gaeilge a labhairt, de réir Dhaonáireamh 2022.
‘Anois teacht an Earraigh Beidh an lá ag dul chun síneadh...’
... léiríonn an líon beag focal seo ón dán mór le rá, Cill Aodáin le Raiftearaí an File dóchas agus athnuachan agus teacht an Earraigh ag déanamh go tréan orainn. Leis na cianta, shílfeá, bíonn daoine ag tagairt cheana féin den ‘fad breá atá ag teacht ar an tráthnóna,' agus muid ag druidim le tús an Earraigh Ghaelach.
Deirim Earrach Gaelach mar go dtosaíonn sé thart ar sé seachtaine roimh thús an Earraigh mar a tuigtear go forleathan in iarthar na hEorpa é, earrach meitéareolaíochta. Tá cúis neamhchasta leis an difríocht sin sa méid is go dtosaíonn an t-earrach gréine ag tús mí Feabhra cé go dtógann sé sé seachtaine ar an aimsir breith suas leis (nó téamh suas). Má tugtar le fios go bhfuil moill sé seachtaine eile i dteocht na farraige, tosaíonn earrach na farraige áitiúil chomh déanach le mí Bealtaine! Mar sin, ní Earrach 'Gaelach' ann féin atá anseo ach earrach na gréine. Ach tá An tEarrach Gréine fite fuaite sa nGaeilge toisc go bhfuil na míonna agus na séasúir a bhaineann leo greanta sa teanga.
Mar sin, má tá tús an Earraigh i mí Feabhra, is féidir linn lár an gheimhridh a rianú go Grianstad (Stad na Gréine). Tharla Grianstad is déanaí os cionn chúige ársa na Mí ar an 21 Nollaig 2025 ag 8:52am suíomh Bhrú na Bóinne.
Má bhíonn an lá cóiriúl, lonraíonn saghad solas na gréine díreach isteach tríd pasáiste i ndumhach Bhrú na Bóinne, rud a lasann an seomra istigh go geal ag an bpointe a tharlaíonn Grianstad. Siombail ar an saolú, an saol is an iarshaol agus tús nua breacadh le fad an lae. Tugann sé léargas iontach ar sofaisticiúlacht mhatamaiticiúil agus réalteolaíochta na sochaí in Éirinn os cionn 5,000 bliain ó shin.
Déantán infheicthe eile a thugann lionsa do lárnachas na gréine is ea an taobh amuigh de dumha Bhrú na Bóinne atá clúdaithe le Grianchloch, ar a dtugtar Cloch na Gréine, fiú sa nGaeilge an lae inniu.
Mar sin, an chéad uair eile a n-iartaí ort Earrach na hÉireann nó an tEarrach Gaelach a mhíniú, níl le déanamh agat ach an tuiscint níos ársa agus níos uilíocha ar na séasúir a chur in iúl: an domhan ag rothlú timpeall solas an lae seachas an t-atmaisféar (meitéareolaíocht). Go deimhin, le haimsir atá in ann a bheith fireann agus baineann ar an lá céanna anseo, meas tú an gcuireann na séasúir meitéareolaíocha amú muid scaití?
Ach is suntasaí i bhfad gur nasc díreach é idir ár sinsear 5,000 bliain ó shin agus ár nua-Ghaeilge atá le feiceáil ar thuiscint chultúrtha nua-aimseartha na hÉireann – domhan a bhaineann le solas na gréine, dearcadh atá roinnte ar fud an domhain ársa agus comhaimseartha.
Marcus Ó Conaire, Oifigeach Gaeilge
Eanáir 2026
Cill Aodáin (giorraithe) le Reaftaraí an File
Anois teacht an earraigh, beidh 'n lá dul chun síneadh
'S tar éis na Féil' Bríde, ardóidh mé mo sheol,
Ó chuir mé 'mo cheann é ní stopfaidh mé choíche
Go seasfaidh mé síos i lár Chontae Mhaigh Eo.
I gClár Chlainne Mhuiris bheas mé an chéad oíche,
'S i mBalla taobh thíos de thosós mé ag ól,
Go Coillte Mach rachad go ndéanfad cuairt mhíos' ann
I bhfogach dhá míle de Bhéal an Áth' Móir
Fágaim le huacht é go n-éiríonn mo chroíse
Mar éiríonn an ghaoth nó mar scaipeann an ceo,
Nuair 'smaoiním ar Cheara nó ar Ghaileang taobh thíos de,
Ar Sceathach a Mhíl' nó ar phlánaí Mhaigh Eo.
Cill Aodáin an baile a bhfásann gach ní ann,
Tá sméara 's sú craobh ann, is meas ar gach sórt,
'S dá mbeinn-se 'mo sheasamh i gceartlár mo dhaoine
D'imeodh an aois díom is bheinn arís óg.
Cén Leibhéal ag a Bhfuil mé?
Seiceáil do chumas Gaeilge ar thrialacha Gaelchultúr atá le fáil ar líne.
Acmhainní
- Focal - Bunachar sonraí ar líne d'fhocail chomhaimseartha na Gaeilge, a d’fhorbair Foras na Gaeilge
- Teanglann – Tugtar sainmhínithe, eolas gramadaí agus comhaid fuaime d'aon fhocal ar leith d’úsáideoirí, agus an rogha ann iad a chloisteáil i gcanúintí éagsúla
- Téarma – An bunachar náisiúnta téarmaíochta don Ghaeilge
- Duo Lingo - Cuir le do stór focal agus foghlaim an chaoi chun abairtí a chur le chéile ar aip Duo Lingo.
- Forvo - Clóscríobh an focal atá á lorg agat i nGaeilge sa bharra cuardaigh agus beidh tú in ann a chloisteáil conas an focal a rá, chomh maith le brí an fhocail agus an uair is féidir é a úsáid in abairt.
- Abair - Aistrigh téacs fada go comhad fuaime le Abair.ie
- Leabhair Leabharlainne – Tá sé saor in aisce a bheith i do bhall de do leabharlann áitiúil. Íoslódáil ríomhleabhair agus ríomh-chlosleabhair i nGaeilge ar Borrowbox ar do ghuthán, táibléad nó léitheoir. Is féidir cruachóipeanna i nGaeilge a iarraidh ó fhoireann na leabharlainne (ar líne nó sa leabharlann féin).
- Raidió – Bí ag éisteacht le RTÉ Raidió na Gaeltachta, ar a bhfuil réimse leathan clár, ó chláir nuachta, cúrsaí reatha, ceol, ealaín, spórt agus siamsaíocht.
- TG4 nó Seinnteoir TG4 – Féach ar chláir i nGaeilge ar chainéal teilifíse na hÉireann atá tiomnaithe don Ghaeilge.
- Cúla 4 – Is cainéal teilifíse Gaeilge é do pháistí atá faoi chúram TG4.
- Páipéir nuachta – An Páipéar nó Tuairisc
- Aip MOLSCÉAL - Físeáin ghearra i nGaeilge.
- Raidió Rí Rá – Meascán de cheol cairte agus giotaí beaga nuachta a bhíonn sothuigthe.
- Blas Pod - Podchraoladh Gaeilge ar na hIrisleabhair ar a mbíonn scéalta, plé, nuacht agus go leor eile
- Podchraoladh Beo ar Éiginn – Comhráite ar an saol laethúil le Sinéad Ní Uallacháin, Áine Ní Bhreisleáin agus Siún Ní Dhuinn
- www.Feilire.com - Imeachtaí Gaeilge i nGaillimh
An Scéim Teanga / Reachtaíocht na Gaeilge
Acht na dTeangacha Oifigiúla
Leagtar amach stádas na Gaeilge i mBunreacht na hÉireann. Luaitear in Airteagal 8 den Bhunreacht:
1. Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í.
2. Glactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile.
Shínigh an tUachtarán Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ina dhlí ar an 14 Iúil 2003.
Is é aidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 líon agus cáilíocht na seirbhísí a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil don phobal i nGaeilge a mhéadú agus a fheabhsú ar bhealach eagraithe thar thréimhse ama.
Leagtar amach in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 dualgais comhlachtaí poiblí maidir le seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge agus cearta an phobail leas a bhaint as na seirbhísí sin.
Tá Scéim Teanga ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe freisin chun soláthar seirbhísí Gaeilge agus dátheangacha a fhorbairt ar bhonn céimnithe.
An Chéad Chruinniú den Chomhairle Gaeilge le hóstáil ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe
D'óstáil Comhairle Cathrach na Gaillimhe cruinniú iomlán dátheangach (Gaeilge/ Béarla) Dé Luain 10 Márta 2024 – an chéad chrinniú den sórt sin i stair na Comhairle. Aithnítear ag an gcruinniú an seasamh ar leith atá ag Gaillimh mar chathair dhátheangach agus Ghaeltachta, agus mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta.
Ag teacht le Seachtain na Gaeilge 2025, d'eascair an moladh do chruinniú dátheangach ón bhfochoiste polasaí straitéiseach nuabhunaithe don Ghaeilge i mí na Nollag 2024. Ba mhaith le 80% de dhaoine i nGaillimh níos mó Gaeilge a úsáid gach lá, de réir taighde atá déanta ag Gaillimh le Gaeilge.
Bhí ateangairí ar fáil trí fearas cinn ag chruinnithe na Comhairle i mí an Mhárta, agus bhí cáipéisí cruinnithe ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge. Chuir roinnt comhairleoirí rúin chun cinn agus rinne siad ranníocaíochtaí as Gaeilge.