Tá ríméad ar an gComhairleoir Peter Keane, Méara Chathair na Gaillimhe, Bál Carthanachta an Mhéara 2025, a bheidh ar siúl Dé hAoine, an 13 Meitheamh 2025, in Óstán an Ardilaun, Gaillimh, a sheoladh go hoifigiúil. Tá an chosúlacht air go ndéanfaidh an ocáid bhliantúil seo, a bhfuiltear ag súil go mór léi, an- oíche de cheiliúradh, siamsaíocht agus spiorad pobail – agus é ar fad ar mhaithe le ceithre charthanas iontach de chuid na Gaillimhe.
Is iad Comhpháirtíocht Uathachais na Gaillimhe, Siondróm Down na Gaillimhe, The Blue Teapot Theatre Company agus Rosabel's Rooms atá roghnaithe i mbliana mar thairbhithe an Mhéara, agus rachaidh an t-airgead ar fad a bhaileofar de bharr na hócáide i dreo tacú leis an obair ríthábhachtach a bhíonn ar bun acu ar fud Chathair na Gaillimhe agus níos faide ó bhaile.
"Ní chreidim chomh sciobtha agus agus chuaigh mo thréimhse mar Mhéara ar Chathair na Gaillimhe thart," a dúirt an Méara Keane, agus é ag labhairt ag an seoladh a bhí ar bun i dTeachín na Carraige Duibhe an tseachtain seo. "Tá lúchair orm go mbeidh mé ag óstáil Bál Carthanachta an Mhéara i mbliana in Óstán an Ardilaun. Tá an tacaíocht airgid a thagann óna leithéid seo d’ócáid tuillte go maith ag na carthanais atá roghnaithe agam, agus is mór an onóir dom a bheith in ann an cúnamh beag seo a thabhairt dóibh."
Bainfidh na haíonna ar an oíche sásamh as Fáiltiú Dí ag 7:00pm agus ina dhiaidh sin béile gourmet ceithre chúrsa, ceant carthanais agus crannchur – agus ceoltóirí den scoth ag cur siamsaíocht bheo ar fáil i rith an ama.
Is é an tUasal Keith Finnegan, Saorfhear de chuid na Gaillimhe, a bheidh ina fhear an tí ar an oíche agus tá aíonna speisialta fós le fógairt. I measc na gceoltóirí beidh an The Village Community Choir from Salthill, Ceol Traidisiúnta, agus na Byrne Brothers a mbíonn tóir orthu i gcónaí, agus casfaidh DJ Lar cuid den cheol ó na 80idí agus na 90idí is ansa linn, go mbeidh sé deireanach go maith san oíche.
Is cinnte go mbeidh Ball Carthanachta an Mhéara 2025 ar cheann de bhuaicphointe fhéilire sóisialta na Gaillimhe, agus deis ar leith á thabhairt don phobal tacú le carthanais áitiúla agus sásamh a bhaint as oíche ghalánta, lán le deá- mhéin.
Tá ticéid ar fáil anois ó: https://monroes.ie/products/mayors-charity-ball-2025