Saoirse na Cathrach

Ar an 12 Meitheamh 2026, bronnfar Saoirse na Cathrach ar an Uachtarán Catherine Connolly ag searmanas a bheidh ar siúl in Óstán an Hardiman. Is é Saoirse Oinigh Chathair na Gaillimhe an gradam cathartha is airde a bhronntar i nGaillimh. Tugtar ‘Saor’ de Chathair na Gaillimhe ar fhaighteoirí na dámhachtain, agus dá bhrí sin déantar Saoránach Oinigh na cathrach de.

FreedomOfCity

Ar an 12 Meitheamh 2026, bronnfar Saoirse na Cathrach ar an Uachtarán Catherine Connolly ag searmanas a bheidh ar siúl in Óstán an Hardiman.

Is é Saoirse Oinigh Chathair na Gaillimhe an gradam cathartha is airde a bhronntar i nGaillimh. Tugtar ‘Saor’ de Chathair na Gaillimhe ar fhaighteoirí na dámhachtain, agus dá bhrí sin déantar Saoránach Oinigh na cathrach de. 

Is cinneadh de bhaill thofa na Comhairle Cathrach cé ar bronntar an gradam. Sa mbliain 1840, chaill Cathair na Gaillimhe a stádas Bardais tar éis Acht na mBardas Bardasach a rith agus cuireadh Comhairle Baile ina háit.

 Sa mbliain 1938, fuair Gaillimh stádas cathrach arís agus athbhunaíodh an Bardas. Leis seo, tháinig an ceart chun méara na cathrach a thoghadh agus dá réir Saoirse na Cathrach a bhronnadh. 

Ba é an tUachtarán Dubhghlas de hÍde an chéad duine a fuair an onóir i 1939. Níor bhronn an Chomhairle an gradam seo ach ar 33 duine.