Ní bheidh aon táille tosaigh ann.
B’fhéidir go mbeadh roinnt cúinsí ann ina ngearrfar táille ort maidir le taifid a aimsiú agus a tharraingt le chéile, costas doiciméid a fhótachóipeáil agus postas (más mian leat go gcuirfí taifid phriontáilte chugat) d’iarratais ar eolas neamhphearsanta.
Más lú nó más ionann an costas aimsithe, tarraingt le chéile agus cóipeála ná €101, ní ghearrfar aon táille. Más mó an táille ná €101, beidh táillí iomlána i bhfeidhm. Is í an táille is mó a ghearrfar ar iarratas ná €500.
Cuireann an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997 arna leasú ag an Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú), 2003 dualgas ar údaráis áitiúla agus ar raon comhlachtaí poiblí eile faisnéis a fhoilsiú maidir lena gcuid gníomhaíochtaí agus an fhaisnéis atá ina seilbh acu, lena n-áirítear faisnéis phearsanta, a chur ar fáil do shaoránaigh.
Más mó an costas measta ar aimsiú, tarraingt le chéile agus cóipeáil ná €700, is féidir leis an gcomhlacht poiblí diúltiú de d’iarratas a phróiseáíl, mura mbeachtaíonn tú d’iarratas leis an táille aimsithe, tarraingt le chéile agus cóipeála a thabhairt faoin teorainn seo.
Cineál Táille |
Táille Chaighdeánach |
Aimsiú agus Tarraingt le chéile na dTaifead |
€20 in aghaidh na huaire |
Fótachóipeáil |
4 cent ar gach leathanach |
CD-ROM le cóip de na doiciméid |
€10 |