Uachtarán na hÉireann

Toghtar an tUachtarán gach seacht mbliana. Ní fhéadfaidh an tUachtarán bheith i seilbh oifige ar feadh níos mó ná dhá théarma, nó 14 bliana déag ar a mhéad. Ní mór do na hiarrthóirí sa toghchán Uachtaránachta a bheith ina saoránaigh Éireannacha agus bheith níos mó ná 35 bliain d’aois.

Toghtar an tUachtarán gach seacht mbliana. Ní fhéadfaidh an tUachtarán bheith i seilbh oifige ar feadh níos mó ná dhá théarma, nó 14 bliana déag ar a mhéad. Ní mór do na hiarrthóirí sa toghchán Uachtaránachta a bheith ina saoránaigh Éireannacha agus bheith níos mó ná 35 bliain d’aois. Ní mór dóibh ainmniúcháin le haghaidh an toghcháin a fháil ó 20 Comhalta ar a laghad den Oireachtas nó ó cheithre údarás áitiúla ar a laghad.

Tá saoránaigh Éireannacha atá 18 mbliana d’aois nó níos sine i dteideal vóta a chaitheamh. Cosúil leis an olltoghchán, baintear úsáid sa toghchán Uachtaránachta as an gcóras ionadaíochta cionmhaire (aonvóta inaistrithe). Ní chuirfear aon bhallóid ar siúl mura bhfuil ach iarrthóir amháin ann

D’eisigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta treoir maidir le conas a thoghtar an tUachtarán, agus tá cóip de le fáil ar gov.ie anseo .