Gairdíní Pobail

Is limistéar talaimh phoiblí atá i gceist le Gairdíní Pobail a thugtar ar léas do ghrúpa pobail ar mhaithe le táirgí áitiúla a fhás. Éilítear ar an ngrúpa pobail leis an gcomhaontú léasa cothabháil agus bainistiú a dhéanamh ar an ngairdín iad féin. Fanann an limistéar faoi úinéireacht na comhairle.

Tá líon Gairdíní Poiblí ag an gComhairle Cathrach agus fáiltítear roimh mholtaí do ghairdíní nua 

Díríonn na gairdíní poiblí ar gharraíodóireacht chomhchoiteann agus tá siad oscailte do chónaitheoirí i gceantar sonrach. Dá bhrí sin is ionann Gairdín Poiblí agus píosa aonair talún atá á shaothrú ag grúpa daoine i gcomhar le chéile. 
 

MerlinWoodsCommunityGardens

Gairdín Pobail i gCoillte Mhuirlinne

Cé go bhfuil cuibhrinn sách coitianta in Éirinn, níl Gairdíní Pobail agus tá forbairt déanta orthu go stairiúil mar thionscadail atá á mbainistiú ag an bpobal mar fhreagra ar easpa spás glas i gceantair uirbeacha sa Bhreatain, Ceanada agus sna Stáit Aontaithe. De ghnáth baineann glanadh spásanna folmha tréigthe leis an traidisiún seo lena n-iompú isteach ina ngairdíní táirgiúla. 

Ónár dtaobh, oibreoidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe le grúpaí leasmhara chun cuidiú leo gairdíní pobail a fhorbairt agus láithreacha oiriúnacha a aimsiú laistigh den chathair.  
 

Ballinfoile Communtiy Gardens.

Gairdín Pobail Bhaile an Phoill

Bheadh sé á mhaíomh ag lucht tacaíochta an Ghairdín Pobail go mbeidh sé riachtanach ar mhaithe le haire agus forbairt agus cothabháil á dhéanamh ar na gairdíní chuig an gcaighdeán is airde, go mbeidh na hoibrithe deonacha ag maireachtáil sa phobal agus go mbeidh rochtain éasca acu ar an ngairdín. 

Cé go bhfuil táirgeadh bia lárnach in go leor Gairdíní Pobail, ní ar ghlasraí atá an bhéim ag cuid acu. D’fhéadfaí athchóiriú ar limistéir nádúrtha agus gairdíní ‘bláthanna’ a chur a mheas, mar aon le gairdíní ‘ealaíne’. D’fhéadfadh gnéithe plandála difriúla a bheith ag gabháil le gairdíní, ar nós úlloird bheaga, luibheanna nó le féileacáin a mhealladh isteach. 

Faoi láthair tá Gairdíní Pobail lonnaithe sna limistéir seo a leanas i gCathair na Gaillimhe: 

  • Baile an Phoill
  • An Baile Bán
  • Coillte Mhuirlinne
  • An Taobh Thiar
  • Bóthar na Trá
  • Baile an Locháin
     
BallyLoughaneCommunityGarden

Gairdín Pobail Bhaile an Locháin

Gairdín Pobail a Fhorbairt

Ní mór duit, má tá tú i do chomhalta de ghrúpa pobail ar spéis leo gairdín a fhorbairt, comhaontú úinéir na talún a fháil i dtús báire – is mó seans go mbeidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe ina tiarna talún ar thailte poiblí. 

Fáiltíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe roimh rannpháirtíocht ó thaobh forbairt Gairdín Pobail a fhiosrú i limistéar údaráis áitiúil ar thalamh atá tréigthe; tearcúsáidte; agus/nó tailte a meastar a bheith tarraingteach do ghníomhaíocht frithshóisialta.   

Is féidir leat d’iarratas a chur faoi bhráid ar ríomhphost chuig Parks.Department@galwaycity.ie. Tabhair cúlra do ghrúpa, na tailte atá beartaithe lena bhforbairt chomh maith le cóip de Bhunreacht an Ghrúpa m.sh stádas dlí

Sa chás go mbeifí ag féachaint go fabhrach ar d’iarratas ag an gcéim seo, éileofar ort ansin fianaise shoiléir a chur faoi bhráid maidir le tacaíocht an phobail, m.sh. d’fhéadfadh próiseas comhairliúcháin phoiblí a bheith riachtanach chun tacaíocht na comharsanachta don ghairdín a mheas agus fianaise cláraithe leis an PPN (Líonraí Rannpháirtíochta Pobail).

Beidh an méid seo a leanas riachtanach le linn na gcéimeanna eile den phróiseas:

Suíomh don ghairdín a bheidh ullmhaithe ag an ngrúpa pobail lena cheadú ag Rannóg Caitheamh Aimsire agus Taitneamhachta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Ní mór leagan amach na gceapacha a bheith sa phlean agus aon struchtúir nó fálta atá beartaithe a bheith marcáilte. 

Liosta d’Iontaobhaithe reatha an ghrúpa chomh maith lena seoladh baile. Mura bhfuil aon Iontaobhaithe i do ghrúpa, beidh ainm agus seoladh baile na ndaoine atá i bpoist an Rúnaí & an Chathaoirleach ar do ghrúpa a sheoladh isteach. Má thagann an grúpa faoi théarmaí tagartha Comhlachta, ansin ní mór seoladh cláraithe an chomhlachta a sheoladh isteach.

Fianaise maidir le hárachas:Dliteanas Poiblí €6.5m nó níos mó agus slánaíocht shonrach a chur san áireamh in ainm Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Dliteanas fostóra, más infheidhme

Bheadh freagrachtaí na bainistíochta, táillí úsáideora agus nósanna imeachta maidir le rochtain le comhaontú mar chuid den chomhaontú léasa. Tacóidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe le pobail leasmhara ó thaobh teagmháil a dhéanamh le gairdíní eile le haghaidh comhairle agus eolais. 

Beidh comhaontú dlí idir Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus an grúpa ar an gcéim deiridh den phróiseas agus beidh an grúpa leis an ngairdín a fhorbairt agus beidh orthu teagmháil a dhéanamh ag an gcéim sin lena gcomhairleoirí dlí féin le comhairle neamhspleách a lorg.

Ba cheart a thabhairt ar aird go mbeidh na costais go léir a bhaineann le talamh a fhorbairt ina ghairdín pobail agus oibriú an ghairdín sin le hiompar ag an ngrúpa m.sh. ní bheidh aon tacaíocht airgid á cur ar fáil ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe.