Tionscadal Athchóirithe Choill Mhuirlinne

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag déanamh dul chun cinn ar a plean coillearnach dhúchasach a dhéanamh as Coill Mhuirlinne, chun gnáthóg níos seasmhaí agus áis don phobal a chruthú in áit a ndearna Stoirm Éowyn go leor damáiste i mí Eanáir 2025.

Ó mhí an Mhárta 2026 ar aghaidh, agus Tionscadal Athchóirithe Choill Mhuirlinne á phleanáil, bhí an Chomhairle ag plé le páirtithe leasmhara éagsúla agus tá éisteacht tugtha dóibh. Bunaithe ar an toradh a d’eascair as cuid den phlé sin, iarradh trí chineál comhairle ó shaineolaithe; comhairle éiceolaíochta, comhairle chrannadóireachta agus comhairle zó-eolaíochta. Thug an triúr saineolaithe comhairle shoiléir, is é sin gur cheart leanúint ar aghaidh ag glanadh an limistéir a bhí aitheanta, ó thaobh gnáthóige agus shábháilteacht na ndaoine araon. 

Thug an Chomhairle faoi phróiseas soláthair phoiblí leis an réiteach ab éifeachtaí agus ab fhearr ó thaobh costais de a fháil mar a bhain leis an áit a ghlanadh agus plean a leagan amach le go bhféadfaí an spás a thabhairt ar ais mar choillearnach dhúchasach. 

Agus próiseas an tsoláthair phoiblí agus an taighde a rinne an Chomhairle curtha i gcrích, is léir gurb é an rud is fearr le déanamh sa gcás seo ná úsáid a bhaint as an adhmad le híoc as an obair a bhainfidh leis an spás a ghlanadh. Tá sé seo neodrach ó thaobh costais de don Chomhairle.
 This is what Merlin Woods could look like in 10-15yrs time

MerlinIn10Years

 

This is Merlin Woods currently

MerlinCurren

Seo a leanas roinnt eolais faoin tionscadal i gcruth C&F.

Cén fáth a bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag leagan na gcrann i gCoill Mhuirlinne?

Meascán de chrainn leathanduilleacha agus crainn bhuaircíneacha a bhí i gCoill Mhuirlinne le blianta fada agus bhain idir dhaoine agus an fiadhúlra taitneamh aisti. Sprús Lochlannach atá in thart ar 50% den choillearnach a cuireadh sna 1960idí mar bharr plandála tráchtála. Rinneadh damáiste mór don chuid is mó de na crainn sin le linn Stoirm Éowyn. 

 

Is fiú a rá gur speicis dhúchasacha agus leathanduilleacha is mó atá sna háiteanna a ndearnadh an damáiste is lú dóibh le linn Stoirm Éowyn, rud a léiríonn seasmhacht na coillearnaí dúchasaí. Ní speiceas dúchasach é an sprús Lochlannach. 

Cén plean atá agaibh?

Tá dhá chéim sa bplean

Céim 1 – Crainn a ndearna stoirm damáiste dóibh a leagan

  • Crainn a ndearna stoirm Éowyn damáiste dóibh a leagan

 Céim 2 – Speicis dhúchasacha a chur ina n-áit agus áis don phobal a dhéanamh den choill arís

  • Iarratas ar mhaoiniú don obair athchóirithe a chur chuig an Roinn faoin Scéim NeighbourWood
  • Tosú ar an gcur chomh luath agus atá an áit glanta le cosáin a chruthú don fhiadhúlra
  • Speicis dhúchasacha a chur sa gcoillearnach nuair a bheidh maoiniú faighte

 

Cuspóirí an phlean

  • An choillearnach a thabhairt ar ais arís chun go mbeidh an pobali in ann í a úsáid go sábháilte mar choill uirbeach 

  • Í a athphlandáil mar choillearnach dhúchasach faoin Scéim NeighbourWood

  • Áiseanna a chur sa gcoill le maoiniú ón Scéim NeighbourWood

  • Mar chuid den phlean: 

    • coinneofar na crainn dhúchasacha agus leathanduilleacha atá ann cheana féin

    • tabharfar cosaint do na gnáthóga aolchloiche/boirne

    • tabharfar cosaint do na séadchomharthaí náisiúnta agus don oidhreacht thógtha

    • coinneofar bearta i bhfeidhm chun go mbeidh a laghad tionchair agus is féidir ar chlaíocha cloiche agus ar an bhfiadhúlra

Tá bearta san áireamh sa bplean a laghdóidh 

  • An tionchar ar an bhfiadhúlra 

    • An tionchar ar ghnáthóga

    • Tosófar ar an gcur chomh luath agus a bheidh an áit glanta chun cosáin a chruthú don fhiadhúlra

Beidh clár beathaithe ann don iora dúchasach sula dtosófar ar an obair

Cé leis a raibh muid ag caint?

Comhairliúchán le páirtithe leasmhara - GCC 

Oibríochtaí 

Críochnaithe 

Comhairliúchán le páirtithe leasmhara - NPWS 

Éiceolaíocht 

Críochnaithe 

Comhairliúchán le páirtithe leasmhara #1 - Muintir na háite 

Oibríochtaí 

Críochnaithe 

Comhairliúchán le páirtithe leasmhara - Cairde Choill Mhuirlinne 

Éiceolaíocht 

Críochnaithe 

Comhairliúchán le páirtithe leasmhara - GCC 

Oibríochtaí 

Ar bun 

Babhta Comhairliúcháin le páirtithe leasmhara - NPWS 

Éiceolaíocht 

Críochnaithe 

Comhairliúchán le páirtithe leasmhara #2 - Muintir na háite 

Oibríochtaí 

Críochnaithe 

Comhairliúchán le páirtithe leasmhara - Cranneolaí 

H&S 

Críochnaithe 

Comhairliúchán le páirtithe leasmhara - Cairde Choill Mhuirlinne, Ollscoil na Gaillimhe 

Oibríochtaí 

Críochnaithe 

Comhairliúchán le páirtithe leasmhara #2 - Comhairleoirí 

Oibríochtaí 

Críochnaithe 

Comhairliúchán le páirtithe leasmhara Babhta #2 - Cairde Choill Mhuirlinne 

Éiceolaíocht 

Críochnaithe 

Comhairliúchán le páirtithe leasmhara - FSS Pháirc Mhuirlinne 

H&S 

Críochnaithe 

Comhairliúchán le páirtithe leasmhara - Cónaitheoirí Lána Mhuirlinne 

H&S 

Críochnaithe 

Céard a leagfar agus céard a choinneofar?

33.41 heicteár achar iomlán Choill Mhuirlinne

 

Coinneofar 18 heicteár (is é sin 54% de na crainn atá ann cheana)

Tá 4.34 heicteár den limistéar atá le coinneáil faoi sprúis bhuaircíneacha Lochlannach

 

Glanfar 15.41 heicteár - seo crainn bhuaircíneacha atá tite nó a bhfuil damáiste déanta dóibh

Tionscadal Athchóirithe Choill Mhuirlinne

 

Céard a leagfar  
Céard a choinneofar  

Cén plean atá ann chun cosaint a thabhairt don iora rua?

Iarradh sainchomhairle ó Roinn na Zó-eolaíochta in Ollscoil na Gaillimhe faoin tionchar a bheadh ar an iora rua

Bunaithe ar an gcomhairle seo socraíodh 

  • limistéir na gcrann atá le cosaint fad is atá an glanadh ar siúl
  • bearta beathaithe atá an Chomhairle Cathrach in ann a chur i bhfeidhm láithreach
  • tosú ag cur nuair a bheidh an áit glanta le go bhféadfaidh an t-iora rua gluaiseacht thart sa bhforaoi

 

squirrel1mapsq

 

Cé as a dtiocfaidh an maoiniú do na céimeanna éagsúla?

Baineann Céim 1 den tionscadal le fáil réidh leis na crainn a bhfuil damáiste déanta ag stoirmeacha dóibh agus tá sé seo á dhéanamh neodrach ó thaobh costais de don Chomhairle. Ciallaíonn sé seo nach gcaithfear an conraitheoir a íoc as na crainn a bhaint.

Baineann Céim 2 den tionscadal le speicis dhúchasacha a chur sa limistéar ina raibh na crainn bhuaircíneacha agus áis don phobal a dhéanamh den choill arís. Iarrfar maoiniú don obair seo ar an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara tríd an Scéim NeighbourWood. D'fhéadfadh an scéim suas le 85% den chostas a chlúdach. Caithfear an chuid eile den chostas a chlúdach trí shruthanna maoinithe eile, agus/nó as buiséid na Comhairle.

 

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi chiste na Scéime NeighbourWood, cliceail anseo