SLOWTOUR

An Tionscadal AE Nua, SLOWTOUR, chun Deiseanna Oidhreachta a Fhuascailt tríd an mallturasóireacht in Iarthuaisceart na hEorpa

slowtour

An Tionscadal AE Nua, SLOWTOUR, chun Deiseanna Oidhreachta a Fhuascailt tríd an mallturasóireacht in Iarthuaisceart na hEorpa

Seoladh an tionscadal SLOWTOUR i mí na Samhna 2026 agus tugadh le chéile cuibhreannas de pháirtithe Eorpacha atá diongbháilte athbheochan a dhéanamh ar cheantair a bhfuil oidhreacht thionsclaíoch acu in Iarthuaisceart na hEorpa trí mhallturasóireacht faoi cheannas saoránaigh. Tá buiséad €5.1m ag SLOWTOUR atá maoinithe ag Clár Interreg Iarthuaisceart na hEorpa agus mairfidh an clár trí bliana go leith, ag cuidiú le claochlú a dhéanamh ar acmhainní oidhreachta nach n-úsáidtear go minic ionas go mbeidh siad ina láithreacha uileghabhálacha, bríomhara agus inbhuanaithe. 

Céard é an tionscadal SLOWTOUR?

Tá go leor cathracha beaga agus meánmhéide ar fud Iarthuaisceart na hEorpa a bhfuil oidhreacht shaibhir thionsclaíoch acu ach a bhfuil dúshláin chomhroinnte rompu freisin; meath socheacnamaíoch, láithreacha oidhreachta tréigthe nó ar bheagán úsáide, sruthanna cuairteoirí éagothroma agus saoránaigh a bhraitheann scoite óna n-aitheantas cultúir.

Tugann SLOWTOUR suíomh don mhallturasóireacht le bheith ina spreagadh do;

  • Athnuachan uirbeach
  • Ionchuimsiú pobail
  • Bród cultúir agus cothú aitheantais
  • Athbheochan áitiúil eacnamaíoch

Déanfaidh an tionscadal athshamhlú ar cheantair thionsclaíocha a bhfuil faillí déanta orthu mar ionaid fhuinniúla ionas go mbeidh saoránaigh ina scéalaithe, ina gcomhchruthaitheoirí agus ina n-ambasadóirí lena chinntiú go mbíonn forbairt turasóireachta bunaithe i luachanna comhroinnte agus go gcruthaítear leasanna follasacha do phobail áitiúla.

Cén tionchar a imreoidh SLOWTOUR?

Thar tréimhse 3.5 bliana SLOWTOUR déanfar:

1. Forbairt ar threoirphlean mallturasóireachta

Creatlach straitéiseach atá curtha i dtoll a chéile ag údaráis áitiúla, saineolaithe, agus pobail a chur ar fáil ina mbeidh:

  • Modheolaíochtaí do rannpháirtíocht na saoránach
  • Dea-chleachtais chun an oidhreacht thionsclaíoch a athúsáid
  • Moltaí polasaí don fhorbairt mallturasóireachta uirbí

Beidh an treoirphlean seo ina threoir do chathracha píolótacha an tionscadail agus cuirfidh sé múnla de réir scála ar fáil do chathracha eile.

2. Tástáil agus coigeartú a dhéanamh ar an gcur chuige i Sé Chathair Phíolótacha

Fiosróidh sé scéim phíolótacha i nGaillimh (IE), Roubaix (FR), Roeselare (BE), Tournai (BE), Luimneach (IE) agus Pirmasens (DE):

  • Tumbhealaigh oidhreachta
  • Cúrsaí taistil siúil agus rothaíochta
  • Féilte bia agus ceardaíochta
  • Athúsáid shamhlaíoch láithreacha poiblí
  • Tionscnaimh scéalaíochta phobalbhunaithe

Beidh 500 saoránach bainteach go díreach leis na scéimeanna píolótacha a mbeidh 24 eispéireas nua mallturasóireachta, a mheallfaidh 2,000 cuairteoir chuig comharsanachtaí atá ag teacht chun cinn, mar thoradh orthu.

3. Leabhar Beartaíochta Mallturasóireachta Inaistrithe a Tháirgeadh

Cuirfidh an táirge deiridh - Leabhar Beartaíochta Mallturasóireachta - uirlis phraiticiúil ar fáil do chathracha agus réigiúin chun cuidiú leo straitéisí mallturasóireachta oidhreachtbhunaithe a chur i bhfeidhm.

Tabharfaidh sé ugach do 20 cathair eile in Iarthuaisceart na hEorpa an múnla a ghlacadh chucu féin le tacaíocht ó:

  • Piarfhoghlaim trasnáisiúnta
  • Ceardlanna comhroinnte
  • Ciorcail aiseolais leanúnacha
  • Rannpháirtíocht le 12 ollscoil agus 40 gnó beag agus meánmhéide.
  •  

Cé atá páirteach in SLOWTOUR?

Tá SLOWTOUR dá chomhordú ag cathair Roubaix (An Fhrainc) agus cuimsíonn sé comhpháirtíocht ilghnéitheach de cheantair bardais, institiúidí acadúla, áisíneachtaí forbartha réigiúnaí agus gréasáin turasóireachta:

  • Cathair Roeselare (An Bheilg)
  • Comhairle Cathrach na Gaillimhe (Éirinn)
  • Cathair Pirmasens (An Ghearmáin)
  • Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh (Éirinn)
  • Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (Éirinn)
  • NECSTouR, Líonra na Réigiún Eorpach um Thurasóireacht Iomaíoch agus Inbhuanaithe (An Bheilg)
  • IDETA Áisíneacht Forbartha Réigiúnaí (An Bheilg)

Le tacaíocht ó chomhpháirtithe, cuimsíonn an cuibhreannas eolas láidir ceantair le saineolas ar oidhreacht turasóireachta agus rannpháirtíocht phobail.

 

Na Chéad Chéimeanna Eile

Beidh an chéad chruinniú oifigiúil den tionscadal ar siúl idir an 13-15 Aibreán in Roeselare agus ina dhiaidh sin aontófar bealach chun cinn do ghníomhaíochtaí píolótacha, seisiúin chumasaithe agus forbairt ar threoirphlean SLOWTOUR. Cuirfear tús le tionscadail phíolótacha níos deanaí in 2026 agus tá súil an chéad leagan den Treoirphlean a bheith ullmhaithe faoi lár 2027.

An dteastaíonn uait go gcoinneofaí ar an eolas tú faoi SLOWTOUR, chomh maith le fáil a bheith agat ar an Treoirphlean agus ar an Leabhar Beartaíochta nó a bheith páirteach inár bpobal de thionscnóirí oidhreachta agus mallturasóireachta atá ag fás?
Cliceáil anseo le bheith páirteach inár ngréasán agus chun an t-eolas is déanaí a fháil faoi ghníomhaíochtaí tionscadail, acmhainní agus ócáidí.