Cúrsaí Béarla

Guide Navigation

Skip Guide Navigation

Cúrsaí Béarla Saor in Aisce ar an Láthair do Dhaoine Fásta

  • Tá ranganna Béarla ar an láthair á dtairiscint ag Comhpháirtíocht Chathair na Gaillimhe ina gcuid oifigí le linn na seachtaine. -

      Tacaíocht arla - Comhpháirtíocht Chathair na Gaillimhe

 
  • Tá ranganna Béarla ar an láthair á dtairiscint ag Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB) ina gcuid oifigí le linn na seachtaine in áiteanna éagsúla ar fud Chathair na Gaillimhe.

    Chun clárú le haghaidh ranganna Béarla, is féidir leat iarratas a dhéanamh go pearsanta le linn na seachtaine i dTeach Seville, Cathair na Gaillimhe, Éirchód H91 CKV0. 

    Mar mhalairt air sin, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne tríd an nasc  Course Finder (fetchcourses.ie) a leanúint agus “English Language Skills” i gCathair na Gaillimhe a lorg. 

 
  • Tá grúpaí comhrá á dtairiscint ag Obair don Aos Óg na Gaillimhe do dhaoine óga idir 18–24 bliain d'aois in Ionad Pobail an Bhóthair Mhóir.
   
  • Is ionann Fáilte Isteach agus tionscadal pobail lena bhfuil baint ag oibrithe deonacha níos sine a chuireann fáilte roimh imircigh trí ranganna comhrá Béarla. Cuireann a gcuid grúpaí spás ar fáil dóibh siúd atá scoite amach don nascadh; don dearcadh a theacht chun cinn; chun athrú a chur ar mheonta. Cuireann an cur chuige neamhfhoirmiúil, suaimhneach i leith na foghlama deis ar fáil dóibh siúd is mó atá ar an imeall inár sochaí teagmháil a dhéanamh le daoine eile agus lánpháirtiú i ndáiríre i saol na hÉireann.

    bhfuil an rang Béarla is gaire dom? | Fáilte Isteach | Failte Isteach | Third Age (thirdageireland.ie)