Beidh ar do chumas do cheadúnas tiomána a mhalartú má eisíodh an ceadúnas tiomána i dtír de chuid an AE nó an LEE. Má theastaíonn uait do cheadúnas tiomána AE nó LEE a mhalartú, ní mór duit é sin a dhéanamh laistigh de 10 mbliana den dáta éaga. Is féidir leat ceadúnas tiomána na Ríochta Aontaithe a mhalartú freisin.
Is féidir ceadúnas tiomána Stát Aitheanta a mhalartú freisin suas chomh fada le huastréimhse aon bhliain amháin tar éis an dáta éaga. Ní mór d'iarratasóir, tar éis na tréimhse seo, iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora.
Má eisíodh do cheadúnas i dtír atá lasmuigh den AE nó den LEE, is féidir leat iarratas a dhéanamh an ceadúnas a mhalartú ar cheadúnas Éireannach má eisíodh do cheadúnas i Stát Aitheanta um Malartú. Féach, le do thoil, an tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána - Liosta de Stáit Aitheanta um Malartú Liosta de Stáit Aitheanta um Malartú
Iarratas a dhéanamh ar líne
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne chun do cheadúnas tiomána a mhalartú. Ní mór duit cuntas MyGov ID a bheith agat. Iarratas ar líne: Conas Ceadúnas Tiomána Iasachta a Mhalartú - an tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána
Iarratas a dhéanamh ar an láthair
Is féidir leat iarratas a dhéanamh go pearsanta i gceann d'ionaid an NDLS. Ní mór duit coinne a dhéanamh.. Déan Coinne - an tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána
Uaireanta, d'fhéadfadh sé nár mhór don NDLS teagmháil a dhéanamh leis an tír a d'eisigh do cheadúnas tiomána. Más é sin an cás, d'fhéadfadh sé go dtógfadh sé níos faide sula mbeidh sé ar a gcumas ceadúnas tiomána a thabhairt duit in Éirinn.