Próiseas dlíthiúil foirmiúil is ea glacadh ar láimh trína ndéantar an fhreagracht as limistéir phoiblí, struchtúir agus seirbhísí áirithe i bhforbairt cónaithe nó eastát príobháideach a aistriú chuig údarás áitiúil nó a chur faoina gcúram.
Nuair a bhíonn forbairt cónaithe críochnaithe, féadfaidh an forbróir nó tromlach na n-úinéirí tí iarratas scríofa a chur faoi bhráid an údaráis áitiúil go ndéanfaí an fhorbairt a ghlacadh ar láimh - Foirm TIC 1 (2014) nó Foirm TIC 2 (2014) thíos anseo. Má tá an t-údarás áitiúil sásta go bhfuil an fhorbairt críochnaithe i gcomhlíonadh choinníollacha an cheada pleanála agus riachtanais theicniúla an údaráis áitiúil, ansin ní mór dó smacht a ghlacadh ar oibriú, cothabháil agus cúram do na bóithre poiblí, soilsiú agus seirbhísí dá leithéid.
Cuireann an roinn Bóithre tús leis an nós imeachta reachtúil. Mar chuid de sin tugtar fógra poiblí ar a ndeirtear gur féidir agóidí a dhéanamh leis an gComhairle nó aighneachtaí. Is feidhm fhorchoimeádta de chuid chomhaltaí na Comhairle é ordú a dhéanamh eastát a thógáil i gcúram.