Dearbhú Oifigiúil a Fháil - Dearbhú faoi Alt 5

IMá tá tú in amhras, nó ceist agat faoi aon ghné de na gnóthaí pleanála, ba cheart duit an cás a phlé leis an údarás pleanála áitiúil ó d’fhéadfadh forfheidhmiú maidir le cúrsaí pleanála teacht i gceist sa chás go sáraítear aon teorainn a bhaineann le díolmhú.

Is féidir, d’fhonn a fháil amach an bhfuil cead pleanála ag teastáil maidir le forbairt, iarratas foirmeálta a dhéanamh ar dhearbhú faoi Acht 5 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000.  Is ceart iarratas ar dhearbhú a dhéanamh i scríbhinn leis an údarás pleanála agus ba cheart gach mapa agus saothar líníochta a bhaineann le hábhar maidir leis an suíomh a bheith leis an iarratas. Beidh táille €80 le híoc. Déanfaidh an pleanálaí an t-iarratas a mheas agus cinneadh a chur ar fáil sula mbíonn ceithre seachtaine caite. 

Mura n-aontaíonn tú le breith an Údaráis Pleanála is féidir leat achomharc a dhéanamh faoin gcinneadh sin leis an gCoimisiún Pleanála (ní mór táille €220 a chur leis).

Más mian leat Dearbhú faoi Alt 5 a iarraidh, bain úsáid le do thoil as An Fhoirm Iarratais maidir le Dearbhú faoi Alt 5

Is féidir cinntí an údaráis pleanála gach seachtain maidir le dearbhú faoi Alt 5 a fheiceáil anseo