Straitéis don Chomhtháthú Uirbeach i Limistéar Thiar - Deis le bheith páirteach

Beidh an Straitéis don Chomhtháthú Uirbeach i Limistéar Thiar lár Chathair na Gaillimhe mar threoirphlean leis an timpeallacht a mhúnlú agus mar threoir chun foirgnimh stairiúla agus spásanna uirbeacha a athbheochan agus a athchóiriú.

ThriveEngagement

Beimid ag reáchtáil réimse imeachtaí sna míonna atá le teacht le go mbeidh an deis ag cónaitheoirí, gnólachtaí agus páirtithe leasmhara a smaointe agus aiseolas a thabhairt a úsáidfear chun fís, tosaíochtaí agus tionscadail a chur le chéile le Limistéar Thiar lár Chathair na Gaillimhe a mhúnlú.
Faigh tuilleadh eolais faoi imeachtaí atá le teacht…
 

Seisiúin buail isteach do chónaitheoirí
Tá na daoine a bhfuil cónaí orthu i Limistéar Thiar an-tábhachtach má táimid le tuiscint a fháil ar an gceantar, ar stair an cheantair agus na bealaí lena fheabhsú. Beidh muintir na háite ag cabhrú linn gach mionrud a bhaineann leis an gceantar a thuiscint le go mbeimid in ann cuspóirí agus plean a leagan amach chun freastal ar phobal na háite agus tacú leo. 

Cén uair:  Dé Máirt an 27 Bealtaine 2025 sa Blue Teapot Theatre Company ar Ascaill na Muimhneach idir 4in agus 6.10in. 

ResidentsEngageIrish