
Tá foireann deartha ceaptha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, á stiúradh ag na speisialtóirí sa dearadh agus rannpháirtíocht uirbeach Allies and Morrison mar aon leis na speisialtóirí iompair agus éiceolaíochta TOBIN agus ailtirí caomhnaithe Ailtirí Karol O’Mahony mar thacaíocht acu leis an straitéis a chur le chéile.
Tá tacaíocht ann don tionscadal faoin Scéim THRIVE (Athbheochan Oidhreachta Lár Bailte ar dTús) atá á cómhaoiniú ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach faoi Chlár 2021-2027 CFRE Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair. Tugtar tacaíocht faoi THRIVE do phleananna a chuirtear le chéile go háitiúil ina mbaintear leas as cur chuige comhtháite straitéiseach le lár ceantar uirbeach a athnuachan agus do thionscadail roghnaithe áitiúla atá ann le go mbeidh lár ceantar uirbeach inmharthana, bríomhar agus tarraingteach mar áiteanna cónaithe, oibre agus cuartaíochta ag daoine agus, san am céanna, go mbeidh na háiteanna sin mar an gcroílár gnó, seirbhísí, sóisialta, cultúir agus fóillíochta do phobal na háite.
Gné thábhachtach eile a bhaineann le maoiniú THRIVE ná go bhfuil an maoiniú ag teacht leis na prionsabail faoi Bauhaus Eorpach Nua. Fuascailtí inbhuanaithe a chuirtear chun cinn sa tionscnamh mar aon le fuascailtí ionchuimsitheacha áille. Déantar meas a léiriú ar éagsúlacht na n-áiteanna, traidisiún agus cultúr san Eoraip agus in áiteanna eile chomh maith. Táthar dírithe go mór anseo ar dhaoine le bheith páirteach ar leibhéal an phobail agus ar ghlacadh le tuairimí páirtithe leasmhara mar chuid den phróiseas leis an tionscadal a dhearadh agus a chur i bhfeidhm
Mar sin, próiseas comhoibríoch á threorú ag an bpobal a bheidh sa Straitéis don Chomhtháthú Uirbeach don Limistéar Thiar, é deartha chun luachanna agus mianta mhuintir na háite a chur san áireamh ann.
Sna míonna atá romhainn, tabharfaidh foireann an tionscadail faoi shraith de ghníomhaíochtaí rannpháirtíochta le cónaitheoirí, gnólachtaí agus páirtithe leasmhara le tuiscint níos fearr a fháil ar an úsáid a bhaintear as an gceantar, ar na nithe is ansa le daoine agus ar na deiseanna chun feabhais atá ann.
Bainfear leas as na tuiscintí seo le forbairt a dhéanamh ar fhís, cuspóirí agus smaointe do thionscadail agus idirghabhálacha móra. Samplaí díobh seo ná feabhsuithe ar fhoirgnimh, sráideanna agus spásanna sa Limistéar Thiar chomh maith le deiseanna agus gníomhaíochtaí leis an spás a úsáid go sealadach.
Nuair a bheidh an chéad chéim seo thart, scaipfear an fhís agus na smaointe a bheidh ag teacht chun cinn an tráth sin le haiseolas breise a fháil ón bpobal agus ó pháirtithe leasmhara. Bainfear leas as an aiseolas seo leis an straitéis a mhúnlú agus le straitéis phraiticiúil soláthair agus céimeanna a chur le chéile a chuirfear i bhfeidhm amach anseo.