Cuirfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe, trí Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Chathair na Gaillimhe (CFPÁ), fáilte roimh iarratais ar chistiú ó ghrúpaí pobail áitiúla agus ó chlubanna laistigh de limistéar riaracháin Chathair na Gaillimhe faoi scéim nua na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta (DRCDG), Clár Feabhsúcháin Áitiúil (LEP) 2026.
Tá LEP 2026 á riar ag CFPÁ Chathair na Gaillimhe thar ceann na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, agus tá €141,688 de chistiú caipitil amháin ar fáil.
Tacóidh an LEP le grúpaí, go háirithe i gceantair faoi mhíbhuntáiste, chun deisiúcháin agus feabhsuithe riachtanacha a dhéanamh ar a n-áiseanna, trealamh a cheannach, mar shampla, boird agus cathaoireacha, uirlisí agus comharthaíocht, ríomhairí glúine agus printéirí, lomairí faiche, forscáthanna agus trealamh traenála srl.
Faoin gclár, déanfaidh CFPÁ Chathair na Gaillimhe cuid den mhaoiniú a imfhálú chun deontais bheaga chaipitil €1,000 nó níos lú a chur ar fáil, rud a chuirfidh ar chumas líon níos mó grúpaí a bhfuil acmhainní teoranta acu maoiniú a fháil.
Tá an scéim leagtha amach chun a chinntiú go ndéanfar tosaíochtaí áitiúla a aithint agus a chur i gcrích, d’fhonn áiseanna pobail a fheabhsú do gach duine agus d’fhonn cur leis na háiseanna pobail sin. Ba chóir go mbainfeadh iarratais le príomhcheantar tosaíochta amháin nó níos mó mar a aithnítear i bPlean Pobail agus Eacnamaíochta Áitiúil Chathair na Gaillimhe 2024 – 2029 atá le fáil ar líne ag https://www.galwaycity.ie/local-economic-and-community-plan/lecp nó thíos: Creatphlean LECP GCC 2024 - 2029.pdf (PDF, 9.69MB)
Reáchtálfar Seimineár Gréasáin le hEolas faoin Deontas ar líne Déardaoin 22 Eanáir 2026 ag 7pm, seol ríomhphost chuig development@gccn.ie chun clárú don nasc.
Glacfar le hiarratais ar líne ón Mháirt an 3 Feabhra 2026 ag 9am.
4.00Pm Dé hAoine an 27 Feabhra 2026 an spriocdháta do gach iarratas
Tá Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2026 maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta. Féach an nasc seo a leanas chuig an bpreasráiteas ag fógairt Chlár Feabhsúcháin Áitiúil 2026 ar an leibhéal náisiúnta, ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, agus ag an Aire Stáit le freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanachtaí, Jerry Buttimer TD: https://www.gov.ie/en/department-of-rural-and-community-development-and-the-gaeltacht/press-releases/ministers-calleary-and-buttimer-announce-new-7-million-local-enhancement-programme-2026/
Le haghaidh tuilleadh eolais
Déan teagmháil le d’Oifigeach Forbartha Uirbí agus Pobail áitiúil:
|
Oifigeach |
Ceantar |
Fón Póca |
Ríomhphost |
|---|---|---|---|
|
Deirdre Keaney Cunningham |
Iarthar Chathair na Gaillimhe |
087 146 5006 |
deirdre.keaneycunningham@galwaycity.ie |
|
Oliver Lydon |
Oirthear Chathair na Gaillimhe |
087 609 1460 |
oliver.lydon@galwaycity.ie |
|
Natalie Coen |
Lár Chathair na Gaillimhe |
087 110 3209 |
natalie.coen@galwaycity.ie |