Deontais um Chuimsiú Sóisialta

Scéim maoinithe neamhchaipitil mionscála atá sa Deontas don Ionchuimsiú Sóisialta atá ceaptha chun tacú le grúpaí pobail, eagraíochtaí deonacha agus fiontair shóisialta neamhbhrabúis tionscadail áitiúla

An cuspóir leis an Deontas don Ionchuimsiú Sóisialta

Scéim maoinithe neamhchaipitil mionscála atá sa Deontas don Ionchuimsiú Sóisialta atá ceaptha chun tacú le grúpaí pobail, eagraíochtaí deonacha agus fiontair shóisialta neamhbhrabúis tionscadail áitiúla a chur i gcrích leis an méid seo a bhaint amach:

  • An comhionannas agus an t-ionchuimsiú a chur chun cinn
  • An míbhuntáiste a laghdú
  • Deiseanna rannpháirtíochta a chothú do gach duine sa tsochaí
  • Tacú le daoine agus le pobail atá i mbaol an eisiaimh shóisialta

Cuirtear méid measartha beag de thacaíocht spriocdhírithe ar fáil faoin scéim chun cuidiú le grúpaí tionscnaimh fhiúntacha phobalbhunaithe a chur i gcrích ar mhaithe leis an ionchuimsiú sóisialta i ngach cuid de Chathair na Gaillimhe.

Incháilithe

Samplaí d’iarratasóirí incháilithe:

  • Grúpaí pobail agus grúpaí deonacha
  • Fiontair shóisialta neamhbhrabúis
  • Eagraíochtaí neamhbhrabúis
  • Clubanna nó cumainn áitiúla a bhfuil béim acu ar an ionchuimsiú sóisialta

Neamh-incháilithe: Níl eagraíochtaí tráchtála brabúis, daoine aonair ná gníomhaireachtaí reachtúla incháilithe don scéim.

Costais Inghlactha

Tá an maoiniú ann chun tacú le costais mhionscála neamhchaipitil a bhaineann go díreach le tionscadail, cláir agus tionscnaimh don ionchuimsiú sóisialta a chur i gcrích. Le bheith incháilithe, ní mór go mbeidh na costais riachtanach, réasúnta agus bainteach go soiléir leis an ngníomhaíocht bheartaithe.

Costais chun clár a riar agus costais ag baint le gníomhaíochtaí

  • Táillí le haghaidh teagascóirí/éascaitheoirí – oiliúnaithe seachtracha, aoichainteoirí nó éascaitheoirí speisialtóireachta san áireamh
  • Costais chun clár a riar, cuir i gcás:
    • Ionad nó seomra ar cíos a theastaíonn go díreach don ghníomhaíocht
    • Ábhair agus tomhaltáin lena n-úsáid le linn an chláir (mar shampla, earraí ealaíon agus ceardaíochta, ábhar ceardlainne, tomhaltáin spóirt)
    • Sólaistí do rannpháirtithe nuair is cuí
    • Priontáil nó ábhair don chlár ar scála beag (mar shampla, bileoga oibre, dáileáin)
  • Costais ag baint le ranganna, ceardlanna, seisiúin oiliúna, clubanna sóisialta nó imeachtaí pobail a reáchtáil
  • Ní féidir aistir ná turais a chur san áireamh ach amháin má bhíonn cuspóir soiléir inléirithe ó thaobh ionchuimsiú sóisialta de ag baint leo.
  • Costais as gníomhaíochtaí ionchuimsitheacha, cuir i gcás seisiúin folláine, imeachtaí idirchultúrtha, oideachas pobail nó tionscnaimh rannpháirtíochta sóisialta
  • Tomhaltáin bheaga a bhaineann go sonrach leis an gclár chun an ghníomhaíocht a chur i gcrích

Treoirlínte d'Iarratasóirí

An Maoiniú atá ar fáil

  • An deontas íosta: €300
  • An deontas uasta: €2,000

Déantar iarratas ar níos mó airgid ná mar a bhíonn ar fáil go hiondúil. D’fhéadfadh oifigigh an mhaoinithe méid níos lú a thairiscint ná mar a iarrtar.

Ní mór cuntas bainc nó comhair creidmheasa in ainm dlíthiúil na heagraíochta a bheith ag grúpaí agus an cuntas sin socraithe chun glacadh le híocaíocht i gcomhar le Rannóg na gCuntas Iníoctha i gComhairle Cathrach na Gaillimhe. Ní mór fianaise ar chuntas bainc an ghrúpa a sholáthar i gcéim an iarratais.

Cáipéisí riachtanacha breise i gcéim an Iarratais

  • Meastacháin chuí, miondealú buiséid agus fianaise go bhfuil cuntas bainc ag an ngrúpa
  • Ráiteas um Chumhdach Leanaí agus Polasaí um Chosaint Leanaí (má bhíonn obair le leanaí i gceist)
  • Aon eolas tacaíochta breise don iarratas (mar shampla, tuarascáil bhliantúil, bileoga)
  • Má bhíonn aon aistear nó turas lae beartaithe ann, ní mór fianaise ar an árachas cuí (mar shampla, árachas dliteanais phoiblí, árachas iompair) a chur faoi bhráid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i gcéim an iarratais nó sula ndéantar an maoiniú a cheadú. D’fhéadfaí iarratais a mheas a bheith neamh-incháilithe mura gcuirtear cáipéisí sásúla árachais ar fáil.

An Chaoi le hIarratas a Dhéanamh

Ní mór an córas ar líne seo a leanas a úsáid chun iarratais ar líne a chur isteach: https://www.galwaycity.ie/deontaisum-chuimsiu-soisialta 
 

Spriocdhátaí Tábhachtacha

  • Ní féidir ach tionscadail/gníomhaíochtaí/cláir a chuirtear i gcrích in 2026 roimh an spriocdháta an 31 Deireadh Fómhair a mhaoiniú.
  • Ní mór gach tionscadal a chur i gcrích faoin 31 Deireadh Fómhair 2026
  • Ní mór an maoiniú go léir a éileamh faoin 28 Samhain 2026

Chun tuilleadh eolais a fháil: 

Déan teagmháil le d’Oifigeach Forbartha Uirbí agus Pobail áitiúil:

Oifigeach Ceantar Fón Póca Ríomhphost
Deirdre Keaney Cunningham Iarthar Chathair na Gaillimhe 087 146 5006 deirdre.keaneycunningham@galwaycity.ie
Oliver Lydon Oirthear Chathair na Gaillimhe 087 609 1460 oliver.lydon@galwaycity.ie
Natalie Coen Lár Chathair na Gaillimhe 087 110 3209 natalie.coen@galwaycity.ie