Post, Fón, Idirlíon

Féach thíos

Post

Má tá seoladh poist sábháilte agat, is féidir leat an tSeirbhís Pointe Seolta ó an Post a úsáid

Is féidir leat litreacha agus beartáin a sheoladh chun na hÚcráine saor in aisce más Úcránach tú nó má tháinig tú chun na hÉireann ón Úcráin le gairid. Ba cheart duit do litir shealadach ceada nó aitheantas fótagrafach a thaispeáint.

Teileafón

Is féidir leat cárta SIM saor in aisce a fháil le húsáid saor in aisce ar feadh 1 mhí  amháin ó aon oifig poist áitiúil. Tabhair leat do litir shealadach ceada. Seo an litir a thugann le fios go bhfuil tú i do chónaí in Éirinn faoin Treoir um Chosaint Shealadach.

Idirlíon

Is féidir leat rochtain saor in aisce a fháil chuig ríomhairí agus chuig an idirlíon in aon leabharlann phoiblí. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le do leabharlann áitiúil chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis na seirbhísí seo a úsáid. Leabharlanna | Cathair na Gaillimhe