Bunscoil agus Meánscoil
Cuidíonn REALT – Foirne Réigiúnacha Oideachais agus Teanga, le háiteanna scoile a aimsiú do leanaí (leibhéal bunscoile agus meánscoile). Ar an bhfón: 0861367245 nó ar ríomhphost: realt@gretb.ie
Léigh faoin gcaoi le do chuid leanaí a chlárú sa:
Iompar Scoile
Tá seirbhísí iompair scoile ar fáil do gach dalta sa chás iad a bheith ar fáil sa gceantar áirithe. D'fhéadfadh táille a bheith i gceist leis seo sa gceantar ina bhfuil siad ar fáil.
Cuidíonn REALT freisin – Foirne Réigiúnacha Oideachais agus Teanga - le hiompar scoile a aimsiú do leanaí (leibhéal bunscoile agus meánscoile). Ar an bhfón: 0861367245 nó ar ríomhphost: realt@gretb.ie
Oideachas Tríú Leibhéal
Níl Iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta incháilithe d'oideachas tríú leibhéal saor in aisce in Éirinn i láthair na huaire. Ciallaíonn sé seo go mbeidh ort táillí teagaisc a íoc. Mar sin féin, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an Scéim Deontais do Mhic Léinn do Lucht Iarrtha Tearmainn tríd an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta.
Cáilíochtaí Idirnáisiúnta
Tá eolas ag Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann maidir lena sheirbhís um aithint cáilíochtaíí. Cabhróidh an treoir seo leat an tseirbhís umaithint cáilíochtaí iasachta(NARIC).an QQI a úsáid.