11 Bhall Foirne de chuid Chathair na Gaillimhe a bhfuil breis agus 230 Bliain Seirbhíse tugtha acu ar Thús Cadhnaíochta ar Do Lá sa Chomhairle – an 27 Meitheamh

Council Day Poster

 

Beidh 11 bhall foirne, a bhfuil níos mó ná 230 bliain seirbhíse tugtha eatarthu do phobail Chathair na Gaillimhe, le feiceáil i bhfíseán atá curtha i dtoll a chéile mar cheiliúradh ar údaráis áitiúla mar chuid de Do Lá sa Chomhairle náisiúnta Dé hAoine an 27 Meitheamh. Beidh na físeáin, ina roinneann na rannpháirtithe a bhfuil 230 bliain seirbhíse tugtha eatarthu acu a mbuaicphointí féin maidir lena dtaithí ar bheith ag obair i gComhairle Cathrach na Gaillimhe, ar fáil ar chuntais meán sóisialta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe (cuardaigh ‘Galway City Council’ ar Facebook, Instagram, Tik Tok, Linked In).  

Is cuid d'fheachtas bliantúil, arna chomhordú ag an nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (LGMA) é an físeán chun obair ríthábhachtach comhairlí cathrach agus contae a chur chun cinn, agus na daoine atá taobh thiar de na seirbhísí a thacaíonn lenár bpobail gach lá. 

Is éard a dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Clr Mike Cubbard, “Is meabhrúchán cumhachtach é Do Lá sa Chomhairle ar an ról ríthábhachtach atá ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe i saol ár gcónaitheoirí, gnólachtaí, cuairteoirí, agus ár bpáirtithe leasmhara agus pobal éagsúla.  Is éard atá i gceist leis an lá seo ceiliúradh a dhéanamh ar na daoine atá taobh thiar de na seirbhísí agus na tionscadail chaipitil a chuidíonn chun cathair a bhfuil an rath uirthi agus atá ag forbairt a dhéanamh dár gCathair féin, agus an nasc idir Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus na pobail a bhfreastalaímid go bródúil orthu a chur chun cinn’. 

Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, “Is í Comhairle Cathrach na Gaillimhe an fhoirm rialtais is cóngaraí do na daoine agus do na pobail a mbímid ag freastal orthu. I gcaitheamh an lae ar Do Lá sa Chomhairle Dé hAoine an 27 Meitheamh, beidh ár bhfoireann ag tacú le muintir na Gaillimhe tabhairt faoi rudaí atá chomh héagsúil le clárú le vóta a chaitheamh; iarratas a dhéanamh ar chead pleanála; ionad pobail a chur in áirithe le haghaidh cluiche peile; ag dul ag snámh in Leisureland; dul ag siúl i bpáirceanna nó i gcoillte na cathrach; iarratas a dhéanamh ar thacaíochtaí cíosa tithíochta; nó dul ar an mbus nó dul ag rothaíocht ar shaoráidí nuathógtha bus agus rothaíochta na cathrach.   Is iad an breis is 630 ball foirne iontacha atá againn, a bhíonn ag cur leis na pobail inár gcathair agus ag freastal orthu, a oibríonn i gcomhar lena chéile, gach uile lá den bhliain cnámh droma an údaráis áitiúil. Táimid ag súil le bheith ag comhoibriú agus a bheith i mbun rannpháirtíochta go leanúnach le muintir Chathair na Gaillimhe”.

Le téama na bliana seo, Pobail níos Láidre a Fhorbairt, leagtar béim ar an gcaoi a gcothaíonn údaráis áitiúla timpeallachtaí ina mbraitheann daoine go bhfuil siad nasctha, go dtacaítear leo agus go bhfuil sé de chumhacht acu a bheith faoi bhláth. 

Cuireann Údaráis Áitiúla breis agus 1,000 seirbhís ríthábhachtacha ar fáil a mbíonn tionchar acu ar gach uile ghné den saol laethúil. Ó ghlanadh sráideanna, cothabháil bóithre, tithíocht, pleanáil uirbeach, maoir madraí, bainistiú páirceanna, seirbhísí dóiteáin, na healaíona agus an oidhreacht, turasóireacht go himeachtaí pobail — níl ansin ach léargas beag ar an obair fhairsing a bhíonn ar bun ag na húdaráis áitiúla gach uile lá.

Féach ar an bhfíseán ar chuntais meán sóisialta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe (Facebook, Instagram, Tik Tok, Linked In) ar Dé hAoine 27 Meitheamh.

Bí páirteach sa gcomhrá trí úsáid a bhaint as na haischlibeanna #YourCouncilDay agus #DoLáSaChomhairle.

 

Léigh tuilleadh faoi Do Lá sa Chomhairle ar LocalGov.ie