
Cairn Homes Tá áthas ar Cairn Homes 14 teach nua i An Tobar, Rahoon, Contae na Gaillimhe a chur ar an margadh. Tá ceithre theach 2 sheomra leapa agus deich dtheach 3 sheomra leapa á ndíol i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe trí na socruithe le haghaidh tithe inacmhainne faoin Acht um Thithíocht Inacmhainne, 2021 agus na rialacháin a ghabhann leis.
Glacfar le hiarratais ó mheán lae (12.00) Dé Luain an 8 Lúnasa 2025 go dtí meán lae (12.00) Dé Luain an 29 MeAn Fómhair 2025. Is féidir clárú agus iarratas a dhéanamh ar an tairseach ar líne ar www.galwaycity.ie Tabharfar tús áite do gach iarratas i dtosach báire de réir an dáta agus an ama a gheofar iad i gcomhréir le Scéim Tosaíochta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.
Déanfar an praghas ceannaigh a íocfar a ríomh bunaithe ar d’ioncam agus do chumas morgáiste.
Rachaidh tú i mbun Comhaontú Ceannaigh um Áitreabh Inacmhainne le Comhairle Cathrach na Gaillimhe a ghlacfaidh gnáthscair i do theach, arb ionann an méid sin agus an difríocht idir an luach margaidh agus an praghas ceannaigh a íocfaidh tú. Is mar chéatadán de luach margaidh an tí a dhéantar an ghnáthscair a léiriú.
Beidh tú in ann an ghnáthscair i do theach a cheannach amach am ar bith taobh istigh de 40 bliain in aon íocaíocht amháin nó i sraith íocaíochtaí le Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Is gá an ghnáthscair a íoc ar ais má thagann cásanna áirithe chun cinn. Féach na Ceisteanna Coitianta chun tuilleadh eolais a fháil ar www.galwaycity.ie.
Tá tú i dteideal iarratas a dhéanamh ar an scéim má tá na critéir seo a leanas á gcomhlíonadh agat:
• Más Ceannaitheoir Céaduaire thú nó má chomhlíonann tú na heisceachtaí de réir an Phrionsabail le haghaidh Tús Nua.
• Ní mór an ceart a bheith ag gach duine atá san iarratas cónaí sa Stát.
• Ní mór gurb é an teach inacmhainne d’áit chónaithe.
• Ní mór ar a laghad 5% de bhun cothromais a bheith ag teastáil uait ón údarás áitiúil.
• Ní mór ar a laghad 10% den phraghas ceannaigh a bheith mar éarlais agat.
• Moltar d’iarratasóirí a gceadú morgáiste a fháil i bprionsabal sula ndéanann siad iarratas ar theach inacmhainne.
Beidh an praghas a íocfaidh tú as do theach níos airde má bhíonn d’ioncam agus cumas morgáiste níos airde agus beidh an ghnáthscair níos ísle. Tá na teorainneacha ioncaim leagtha amach sa tábla thíos.
Má tharlaíonn go bhfuil d’ioncam comhlán teaghlaigh níos airde ná na teorainneacha seo ach go bhfuil cumas morgáiste níos lú agat, tá seans ann go mbeidh tú fós incháilithe chun iarratas a dhéanamh. Féach na Ceisteanna Coitianta ar www.galwaycity.ie.
Cineál Maoine | Teorainn Ar Ollioncam Teaghlaigh€* | Comhroinn Cothromais Max | Luach Margaidh | Íosphraghas Ceannaigh | Uasphraghas Ceannaigh |
2 Seomraí Leapa i Lár Scraith Tithe | 4 | €70,000 | €380,000 | €310,000 | €361,000 |
3 Seomraí Leapa i Lár Scraith Tithe | 6 | €75,000 | €461,500 | €386,500 | €438,425 |
3 Seomraí Leapa ag Deireadh Sraith Tithe | 4 | €75,000 | €480,250 | €405,250 | €456,238 |
Chun Tuilleadh Eolais a fháil faoin scéim seo, lena n-áirítear an Scéim Tosaíochta d’iarratais, liosta na gcáipéisí tacaíochta a theastaíonn agus seicliosta d’iarratasóirí, téigh chuig www.galwaycity.ie.
Déan cinnte go gcloíonn tú leis na treoracha ar fad le go mbeidh d’iarratas bailí.