Tá Bainistíocht Shinsearach agus Comhaltaí Tofa na Comhairle Cathrach i mbun comhoibrithe roimh Bhuiséad 2026 chun a chinntiú go mbeidh infheistíocht náisiúnta agus áitiúil i gCathair na Gaillimhe chun tosaigh i dtosaíochtaí na bliana seo chugainn. Bhí ceardlann ag na Comhaltaí Tofa agus ag an mBainistíocht Shinsearach le gairid (an 19 Meán Fómhair) chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn atáthar a dhéanamh ar chlár de 12 thionscadal príomhthosaíochta a cuireadh faoi bhráid Chlár Náisiúnta an Rialtais i mí na Samhna 2024 chun a chinntiú go soláthraíonn Cathair na Gaillimhe faoin bPlean Forbartha Náisiúnta agus faoin gCreat Náisiúnta Pleanála. Dírítear ar an aighneacht sin i gcumarsáid leanúnach le Teachtaí Dála agus Seanadóirí i gCruinnithe Eolais an Oireachtais, chun a chinntiú go bhfanfaidh Cathair na Gaillimhe ard ar liosta na dtosaíochtaí náisiúnta agus na straitéisí infheistíochta.
Léiríonn an clár de 12 thionscadal tosaíochta ról na Comhairle ina tiománaí eacnamaíoch, sóisialta agus cultúir i Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair. I measc na dtosaíochtaí sin tá Cuarbhóthar N6 Chathair na Gaillimhe, BusConnects Gaillimh; Scéim Cosanta Tuilte Chathair na Gaillimhe (Coirib go Cósta); múnla maoinithe; Cáin Iostas Oíche Phíolótach do Thurasóirí; bonneagar fuíolluisce; athnuachan Bhóthar na Díge agus Bóthar an Ghainimh; forbairt na nArdán a chumasú; Droichead Coisithe agus Rothaíochta Iarnród an Chlocháin; ciste bonneagair chultúrtha; agus athfhorbairt Chalafort na Gaillimhe.
Tá an rannpháirtíocht idir an bhainistíocht shinsearach agus na comhairleoirí ag cur bonn eolais faoi na hullmhúcháin do Bhuiséad 2026 Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, agus tá tosaíochtaí áitiúla le haghaidh infheistíochta á n-aithint. Glacfaidh an Comhairle an Buiséad deiridh ag an gCruinniú Buiséid Bliantúil ar an 24 Samhain 2025.
Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, “Cúig mhí dhéag ó shin, thug muintir Chathair na Gaillimhe mandáid do Chomhaltaí Tofa Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, do théarma cúig bliana na Comhairle seo, ba é sin a chinntiú go bhfanfaidh Cathair na Gaillimhe de bheith ina áit mhaith le bheith i do chónaí ann, le bheith ag staidéar ann, le bheith ag obair ann, le hinfheistiú a dhéanamh ann. Rinne na Comhaltaí Tofa roinnt cinntí dúshlánacha i rith na bliana, chun a chinntiú go mbeadh fáil ag an gcathair ar na hacmhainní atá ag teastáil chun an bhearna a líonadh ar mhaithe lenár bhfís do Ghaillimh a chur i gcrích. Ag teannadh le Buiséad 2026, is tráthúil dúinn athbhreithniú a dhéanamh ar ár bplean, é a mheas agus tabhairt faoi phleanáil roimh ré, ionas go gcinnteofar infheistíocht náisiúnta agus áitiúil don chathair.”
Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, “Tá clár mór oibre curtha ar fáil ó bhí na Toghcháin Áitiúla ann, clár atá ar siúl agus atá ag bailiú nirt faoi láthair. Tá sé ríthábhachtach go leanfaimid orainn ag brú chun cinn leis na tionscadail ardleibhéil a bhfuil fís ag baint leo agus atá uainn inár gcathair, agus leis na tionscnaimh pobalbhunaithe níos lú arb iad cnámh droma na cathrach. Tá comhoibriú láidir idir na Comhaltaí Tofa agus an fhoireann. Mar chuid de phróiseas an bhuiséid don bhliain 2026 agus do na blianta ina dhiaidh sin, tá an Bhainistíocht Shinsearach agus na Comhairleoirí i mbun athbhreithnú a dhéanamh anois ar ár dtosaíochtaí reatha - ar an méid atá athraithe, agus ar an méid atá ag teastáil le soláthar thar ceann mhuintir Chathair na Gaillimhe. Tá an tsamhail maoinithe náisiúnta d’údaráis áitiúla fós ina phríomhthosaíocht do Chathair na Gaillimhe. De réir an aiseolais a fuarthas ó Chomhaltaí Tofa ag an gceardlann thar ceann eagraíochtaí gnó agus eagraíochtaí pobail, ní léirítear ról Chathair na Gaillimhe mar phríomhthiománaí eacnamaíoch do Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair le samhail mhaoinithe is ísle an Leibhéil. Idir seo agus an cruinniú maidir leis an mbuiséad reachtúil, oibreoidh an fhoireann agus na Comhairleoirí go dlúth lena chéile chun a chinntiú go léiríonn ár gcur chuige maidir le próiseas an bhuiséid ár n-uaillmhian, ár dtosaíochtaí agus riachtanais an phobail, fad a bheidh siad sa tóir ar dheiseanna infheistíochta náisiúnta agus Eorpacha.”
Ghabh an tUasal Cleary buíochas leis an bhfoireann laistigh agus lasmuigh ar fad as a dtiomantas thar na bearta spriocanna seirbhíse agus tionscadail a bhaint amach le linn an dá mhí dhéag anuas atá faoi bhreithniú agus thug sé aitheantas don Bhainistíocht Shinsearach ar fad dá gceannasaíocht agus iad ag cur na spriocanna sin ar fáil.
D’éascaigh an Dochtúir Seán Ó Ríordáin, as Seán Ó Ríordáin and Associates, ceardlann rannpháirtíochta tosaigh idir an Bhainistíocht Shinsearach agus na Comhaltaí Tofa, agus bhí comhoibríocht thairbheach ann an mhaidin sin. Fuair na Comhairleoirí forléargas ón bPríomhfheidhmeannach, ó na Stiúrthóirí Seirbhísí agus ón Stiúrthóir Airgeadais ar leibhéal an tsoláthair agus na gníomhaíochta ar an talamh le 15 mhí anuas, ar thionscadail lena n-áirítear: BusConnects: Bóthar Bhaile Átha Cliath; Scéim Cosanta Tuilte Chathair na Gaillimhe, Coirib go Cósta; forbairt na nArdán a chumasú (Acomhal na Máirtíneach); Straitéis na Spásanna Glasa; an stáisiún dóiteáin nua; tithíocht shóisialta a chur ar fáil i mBaile na mBúrcach agus tithíocht inachmhainne a chur ar fáil i Rathún; aghaidh a thabhairt ar fhoirgnimh thréigthe; Ionaid Phobail Bhaile an Phoill agus Chnoc na Cathrach - Iarfheistiú Aeráide in 2026; Tionscadal Maoinithe Eorpach chun hidreathuirbíní a shuiteáil sa chanál i gCathair na Gaillimhe; Máistirphlean na Rinne Móire; áiseanna leithris agus cithfholcadáin i mBaile an Locháin; Máistirphlean na Páirce Theas; Máistirphlean Bhaile an Rí/Lána an Mhuilleora; Ionad Pobail an Chaisleáin Nua a chur ar fáil; Athleagan amach ar Pháirc Bharr an Chalaidh a chur ar fáil; Straitéis Bruscair na Cathrach; i measc tionscadail agus seirbhísí eile.
Leanfaidh an plé seo ar aghaidh mar chuid de phróiseas an bhuiséid, agus beidh an cruinniú Buiséid bliantúil ar siúl an 24 Samhain 2025.