CÉIM 2 CEARDLANN DEARAIDH TUARASCÁIL AISEOLAIS

SalthillCharretteStage2

Tá tionscadal iontach seolta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, le tacaíocht ó Allies agus Morrison, speisialtóirí i ndearadh uirbeach agus i gcúrsaí rannpháirtíochta, chun tosaíochtaí áitiúla a fhiosrú d’fhonn cabhrú le todhchaí Shráidbhaile agus Chladach Bhóthar na Trá a mhúnlú. 
Forléargas ar an gCéad Chéim Rannpháirtíochta

Labhair an fhoireann tionscadail, le linn an chéad chéime rannpháirtíochta, a reáchtáladh i míonna Feabhra agus Márta 2025, leis an bpobal, le gnólachtaí agus le grúpaí caithimh aimsire lena gcuid tuairimí a fháil maidir leis an méid is breá leo faoi Bhóthar na Trá agus na feabhsúcháin a d'fhéadfaí a dhéanamh sa gceantar seo. D'ullmhaigh Allies agus Morrison tuarascáil comhairliúcháin ina ndéantar cur síos ar an gcéim seo, tá an tuarascáil foilsithe ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe (GCC). 
Leagtar amach sa tuarascáil na tuairimí a fuarthas le linn na gcéad imeachtaí rannpháirtíochta, inar áiríodh imeachtaí "stainnín margaidh" buail isteach feadh an phromanáid agus seisiúin do ghrúpaí fócais in Óstán Bhóthar na Trá. 
 

Léigh Achoimre Fheidhmeach CÉIM 2 anseo

Léigh an Tuarascáil CÉIM 2  anseo