Comhaontaíonn Comhaltaí Tofa ‘infheistíocht a fhilleann ar na bunphrionsabail’ do Chathair na Gaillimhe in 2026

Stock photo of calculator and graphs

Ghlac Comhaltaí Tofa Chomhairle Cathrach na Gaillimhe an tseachtain seo (Dé Luain 24 Samhain 2025) le buiséad €159,251,136, chun seirbhísí riachtanacha a chur ar fáil a bheidh bunaithe ar na bunphrionsabail. I measc na réimsí atá i gceist tá seachadadh tithíochta; glanadh sráideanna; tacaíochtaí do dhaoine gan dídean; cothabháil áiseanna pobail; cosáin; scéimeanna deontais; foirne plandaithe agus cothabhála agus oifigeach nua rochtana do dhaoine faoi mhíchumas. Mhol na Comhaltaí roinnt gineadóirí ioncaim ionchasacha chun bearta a mhaoiniú i mbuiséad 2026, lena n-áirítear rátaí ó ghnólachtaí nua, tobhaigh ar láithreáin thréigthe, díbhinn bheartaithe ar Chalafort na Gaillimhe agus fás féideartha ar sheirbhísí tráchtála. 

Seachadadh Maoinithe

ARV: Mar chuid de ghlacadh Bhuiséad 2026, cheadaigh Comhaltaí Tofa coigeartú sa Ráta Bliantúil ar Luacháil (ARV) go 0.2369. Ginfidh an coigeartú seo €1.3m breise in ioncam in 2026. Dea-scéala atá sa choigeartú seo, agus é fós taobh thiar de mheán na tíre - go mór faoi bhun rátaí ARV i gcathracha Bhaile Átha Cliath, Luimnigh, Chorcaí agus Phort Láirge. Íocann 93% d’íocóirí rátaí i gCathair na Gaillimhe níos lú ná €30,000 i rátaí in aghaidh na bliana.

Páirceáil: Ghlac na comhaltaí le mionmhéadú ar tháillí páirceála chun iad a thabhairt níos gaire do na táillí a chuireann oibritheoirí tráchtála sa chathair i bhfeidhm. Is iad na rátaí méadaithe ná €2.50 in aghaidh na huaire, le carrchlóis fhadtéarmacha ag Bóthar na Díge agus Carrchlóis na hArdeaglaise ag gearradh ráta laethúil €10. Fanfaidh páirceáil mhíosúil ag €100 in aghaidh na míosa. 

Foinsí Maoinithe Nua Féideartha: D’ordaigh Comhaltaí don Fheidhmeannacht roinnt foinsí ioncaim féideartha nua a fhiosrú chun seachadadh seirbhíse a mhaoiniú lena n-áirítear:

  • Tobhaigh ar láithreáin thréigthe, lena n-áirítear meascán d’fhoirgnimh chónaithe, thráchtála agus institiúideacha. Cé nár bailíodh aon chistí go dtí seo le haghaidh tobhaigh a eisíodh in 2025, beidh cistí inaisíoctha nuair a dhíoltar réadmhaoin thréigthe amach anseo.

  • Rátaí ar réadmhaoin tráchtála nua – agus beidh rátaí le híoc le Comhairle Cathrach na Gaillimhe tar éis do Thailte Éireann luacháil a dhéanamh ar réadmhaoin.

  • Díbhinn Chalafort na Gaillimhe - faoi réir fhorálacha Acht na gCuideachtaí 2014, d’fhéadfadh díbhinn ó Chuideachta Chalafort na Gaillimhe €100,000 a ghiniúint in ioncam. 

  • Seirbhísí Tráchtála – gineann siad ioncam breise de €150,000 ó na seirbhísí tráchtála a oibríonn an Chomhairle

Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, “Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do na Comhaltaí Tofa agus don Ardbhainistíocht i gComhairle Cathrach na Gaillimhe as a gcomhoibriú ar bhuiséad 2026 agus as an malartú agus an t-idirphlé atá ag dul ar aghaidh le roinnt míonna anuas. Próiseas deacair a bhí ann, ach cuireann cinneadh na Comhairle ar ár gcumas anois leanúint ar aghaidh ag seachadadh seirbhísí spriocdhírithe in 2026 do mhuintir na Gaillimhe”.

Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, “Cuirtear le glacadh Leabhar Buiséid 2026 ar chumas Chomhairle Cathrach na Gaillimhe leanúint de sheirbhísí poiblí lárnacha riachtanacha a sholáthar sa bhliain atá amach romhainn, mar chuid de chlár infheistíochta níos leithne thar théarma cúig bliana na comhairle. Leanaimid de bheith ag plé leis an rialtas náisiúnta chun leithdháiltí maoinithe a fháil a léiríonn scála, fás agus brú costais Chathair na Gaillimhe. Mar an t-aon chathair i réigiún an iarthair agus mar phríomhspreagthóir fáis eacnamaíoch, cuireann Gaillimh go mór leis an ngeilleagar náisiúnta. Tá beagnach 30% de na hoibrithe ar fad i Réigiún an Iarthair ina gcónaí laistigh de cheantar chathair na Gaillimhe, méadú 3% ón Daonáireamh deireanach. Tá leithdháiltí náisiúnta cuí, mar aon le cistí a bhailítear go háitiúil, riachtanach chun seachadadh a dhéanamh dár 84,000 cónaitheoir, 30,000 mac léinn, gnólachtaí a roghnaíonn Gaillimh, agus breis agus dhá mhilliún cuairteoir bliantúil. Déanfaidh mé féin mar Phríomhfheidhmeannach in éineacht leis na Stiúrthóirí, GBC (Grúpa Beartais Chorparáidigh) agus na Comhaltaí Tofa athbhreithniú ar réimsí oibre le féachaint cá háit ar féidir caiteachas a stopadh chun easnamh a sheachaint, go dtí go mbeidh na foinsí nua ioncaim atá molta ag na Comhaltaí Tofa ar fáil. Maidir leis na tosaíochtaí straitéiseacha do Chathair na Gaillimhe a chur chun cinn, déanfaimid amlínte a athrú bunaithe ar na hacmhainní atá ar fáil agus táimid ag tnúth le leanúint ar aghaidh ag cur le hacmhainní náisiúnta agus áitiúla chun infheistíocht a dhéanamh inár gcathair”.

Dúirt Helen Kilroy, Stiúrthóir Airgeadais, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, “Léiríonn an Leabhar Buiséid rannpháirtíocht fhairsing le Stiúrthóirí, Ceannairí Feidhme agus na Comhaltaí Tofa agus earnálacha gnó/pobail le fócas ar airgeadas na Comhairle a chosaint, agus infheistíocht leanúnach i seirbhísí riachtanacha, a thacaíonn le hiomaíochas agus a chinntíonn go bhfanann Gaillimh ina cathair bhríomhar. Tacaíonn cinneadh na Comhairle i dtéarmaí mionmhéaduithe ar rátaí ARV agus páirceála araon lenár n-iarrachtaí dul i ngleic le tearcinfheistíocht sa chathair sna blianta roimhe seo. Déanfar iniúchadh ar na foinsí nua ioncaim atá molta ag na Comhaltaí Tofa, agus ligfidh aon chistí a bheidh ar fáil in 2026 dúinn díriú ar réimsí imní, agus infheistíocht a dhéanamh inár bpobail, inár seirbhísí agus inár mbonneagar caipitil, le seachadadh a dhéanamh do mhuintir na Gaillimhe.” 

I measc na bpríomhréimsí seachadta do Bhuiséad 2026 tá:

  • Tithíocht agus Forbairt Uirbeach: Tithíocht nua a sheachadadh, agus an soláthar tithíochta atá ann cheana a chothabháil; aghaidh a thabhairt ar fhoirgnimh thréigthe; pleananna ceantair áitiúil do Mhuirbheach agus don Chaisleán Gearr; agus tacaíochtaí a fheabhsú do dhaoine atá gan dídean

  • Seirbhísí poiblí agus bonneagar pobail: glanadh agus cothabháil sráide méadaithe chun feabhas a chur ar thaithí an chustaiméara agus chun tacú leis an iarracht do Chathair na Gaillimhe cur leis an mBonn Óir a bronnadh ag Gradaim Náisiúnta na mBailte Slachtmhara 2025 chun bua iomlán a bhaint amach; áiseanna pobail a chothabháil; scéimeanna deontais; deisiú cosán; athchóiriú limistéar an mhargaidh; Straitéis Spásanna Glasa a chur i gcrích; agus Oifigeach Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas a cheapadh. 

  • Spóirt agus caitheamh aimsire - Leanúint leis an dul chun cinn maidir leis na Máistirphleananna le haghaidh spóirt agus caitheamh aimsire; cothabháil páirce; deontais spóirt níos mó; agus scéimeanna feabhsúcháin áitiúla ar fud na cathrach. 

  • Tionscnaimh Eacnamaíocha agus Airgeadais: leathnú beag ar an scéim Feabhsúcháin maidir le hAghaidh Siopaí; infheistíocht a dhéanamh i bPlean Miondíola nua do Ghaillimh; agus infheistíocht i bhféilte agus in imeachtaí. 

  • Athfhorbairt lucht saothair agus eagraíochta: Digitiú méadaithe seirbhísí agus próiseas

I measc na Limistéar Oibre a ghearrfar in 2026 tá an Chomhstraitéis Eacnamaíoch Cathrach agus Contae, iarfheistithe gníomhaíochta aeráide i bhfoirgnimh pobail, obair athchóirithe ar chaisleáin, Leisureland agus scéim dreasachta íocaíochta d’íocóirí rátaí. 

Related news