Comhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil seolta ag Cathair na Gaillimhe: Cathaoirleach Nua tofa agus Tosaíochtaí leagtha amach

members of the committee

Tionóladh cruinniú tionscnaimh Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Chathair na Gaillimhe (LCSP) sa Radisson Red i nGaillimh an 26 Samhain 2025. Tháinig ionadaithe ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, ón nGarda Síochána, ó Tusla, ó eagraíochtaí pobail agus thar ceann mhuintir na háite le chéile chun cur chuige comhoibríoch a mhúnlú i leith sábháilteacht an phobail faoin Acht um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail, 2024.

 

Príomhchinntí agus Gníomhartha

  • Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach a thoghadh:
    • Toghadh an Comhairleoir Níall McNelis ina Chathaoirleach tar éis ballóid rúnda
    • Daingníodh an tUasal Tommy Flaherty ina Leas-Chathaoirleach, an t-aon ainmní aonair a cuireadh chun cinn.
  • Ráiteas Comhionannais: D’aontaigh na Comhaltaí ráiteas comhionannais a áireamh sa Chód Iompair. Tabharfar an doiciméad athbhreithnithe chun críche i gcomhar le comhaltaí agus scaipfear é i rith na seachtaine.
  • Sceideal na gCruinnithe: Beidh an chéad chruinniú eile den LCSP ar siúl an 21 Eanáir 2026 ag Comhlachas na Gaillimhe, 11:00am – 2:30pm
  • Uasdátú ón gComhordaitheoir Sábháilteachta Pobail: Iarradh ar chomhaltaí athbhreithniú a dhéanamh ar an bPáipéar Buncheisteanna a scaipeadh agus aiseolas a thabhairt ina leith. Tugadh cead tús a chur le hobair fochoistí Oideachais, Óige, Gnó agus Sábháilteachta Uisce.

 

Ionchur na bPáirtithe Leasmhara

  • Chuir an Príomhfheidhmeannach Leonard Cleary tús leis an gcruinniú, ag cur béime go léiríonn an LCSP caibidil nua “chun Gaillimh níos sábháilte agus níos nasctha a fhorbairt trí chomhoibriú agus trí ghníomhaíocht atá bunaithe ar fhianaise.”
  • Leag an Comhairleoir Níall McNelis, ina óráid tofa, béim ar an ngá atá le “réiteach a thabhairt ar fhadhb, ní fadhb eile a thabhairt ar fhadhb,” agus leag sé béim ar an LCSP mar stíl nua póilíneachta ar leith ón JPC.
  • Thug an Comhairleoir Eibhlín Seoighthe le fios ina hóráid tofa gur obair chomhoibríoch atá san fhís atá aici, agus dúirt sí, de réir mar a fhásann agus a fhorbraíonn Gaillimh, go dteastaíonn comhoibriú láidir i leith tosaíochtaí ar nós sábháilteacht ar bhóithre agus sábháilteacht gnó chun plean éifeachtach a chur i gcrích.
  • Thuairiscigh an Ceannfort Patrick O’Shea go bhfuil titim mór tagtha ar ghadaíocht i siopaí agus ar ionsaithe tromchúiseacha mar gheall go bhfuil an Garda Síochána níos feiceálaí. Leag sé béim freisin ar thionscnaimh amhail Gunner, madra an Gharda Síochána, gníomhartha forfheidhmithe ar scútair leictreacha, agus rannpháirtíocht pobail trí Fhaire Comharsanachta agus cruinnithe sábháilteachta ar bhóithre.

 

Comhthéacs agus Impleachtaí

Is cuid de chreat náisiúnta é an LCSP a bhfuil sé i gceist leis sábháilteacht an phobail a neartú trí phleanáil chuimsitheach atá bunaithe ar fhianaise. Is iad rannpháirtíocht na hóige, dul i ngleic le drochíde baile agus inscne, tacú le pobail imeallaithe, agus sábháilteacht uirbeach a fheabhsú a léiríonn riachtanais phráinneacha áitiúla na tosaíochtaí a aithníodh. Cuirfidh obair na comhpháirtíochta le Plean Sábháilteachta Pobail Chathair na Gaillimhe, ag cinntiú go gcomhlíontar oibleagáidí reachtúla agus ag an am céanna go mbeidh tairbhí follasacha ann do mhuintir na háite agus do ghnólachtaí.

 

Na Chéad Chéimeanna Eile:

Tiocfaidh an LCSP le chéile arís an 21 Eanáir 2026 chun leanúint le forbairt an Phlean Sábháilteachta Pobail. 

Tabharfaidh na baill aiseolas ar an bPáipéar Buncheisteanna, agus roinnfear an t-eolas is déanaí go poiblí chun trédhearcacht a choinneáil agus chun rannpháirtíocht an phobail a spreagadh.

 

D’athdhearbhaigh Comhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Chathair na Gaillimhe a tiomantas do chomhoibriú, d’fhreagracht agus do chathair níos sábháilte a fhorbairt. Leanfaidh an Chomhairle agus a comhpháirtithe de bheith i dteagmháil le páirtithe leasmhara de réir mar a théann an tionscnamh tábhachtach seo ar aghaidh.

Related news