Comhrá faoi Thodhchaí na hIntleachta Saorga i Seirbhísí Poiblí ag Comhdháil Chathair na Gaillimhe

Heads of IT conference attendees

 

Tháinig gairmithe sinsearacha TF ó údaráis áitiúla ar fud na tíre le chéile i gCathair na Gaillimhe an tseachtain seo le haghaidh comhdháil ardleibhéil chun iniúchadh a dhéanamh ar dheiseanna maidir le hathrú ó bhonn sa rialtas áitiúil ag baint úsáid as intleacht shaorga (IS). Tá sé d’aidhm ag beartas náisiúnta na hÉireann maidir le seirbhísí digiteacha 90% de phríomhsheirbhísí poiblí a chur ar fáil ar líne faoi 2030 – agus an nuálaíocht a bheith i gcroílár seachadadh seirbhísí níos éifeachtaí agus rannpháirtíocht fheabhsaithe na saoránach. Thug an chomhdháil i gCathair na Gaillimhe saineolaithe IS le chéile ón rialtais áitiúil agus go náisiúnta, earnáil na teicneolaíochta, agus ollscoileanna, chun scrúdú a dhéanamh ar ról agus ar dheiseanna IS i múnlú thodhchaí na seirbhísí poiblí digiteacha, agus pléadh an cheist "Tá an teicneolaíocht anseo - cén cineál todhchaí ar mhaith linn a bhfreastalóidh sí uirthi?"

Agus é ag cur fáilte roimh rannpháirtithe chuig an ócáid, dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, "I dtaca le húdaráis áitiúla ar fud na hÉireann, ní díreach teicneolaíocht atá ag teacht chun cinn í an intleacht shaorga, is deis í smaoineamh arís ar an gcaoi a mbímid ag déanamh freastail - chun an rialtas áitiúil a dhéanamh níos freagraí, níos éifeachtaí agus ar deireadh thiar thall - an príomhdhúshlán - níos dírithe ar an duine. Maidir leis an Rialtas áitiúil, baineann sé sin leis an intleacht shaorga a úsáid, ní hamháin toisc go bhfuil sí faiseanta, ach toisc gur féidir léi cabhrú linn fíorfhadhbanna a réiteach - idir thithíocht agus phleanáil agus oiriúnú aeráide, iompar agus folláine an phobail. D'fhéadfadh intleacht shaorga ár n-earnáil a athrú ó bhonn - idir shaincheisteanna cothabhála tithíochta a thuar, anailís a dhéanamh ar shreabhadh tráchta, nó teacht ar uirlisí teanga nádúrtha a aistríonn teanga amháin go teangacha éagsúla. Tá buntáistí suntasacha féideartha ann dár saoránaigh. Níos tábhachtaí fós, trí ghnáth-thascanna a uathoibriú, beidh níos mó fáil ar bhaill foirne chun tabhairt faoi na hidirghníomhaíochtaí pearsanta nach mbeidh an teicneolaíocht in ann teacht ina n-áit go brách - is iad sin na rudaí a chuireann leis an muinín atá ag an bpobal ionainn agus leis an gceangal atá againn leis an bpobal sin."

Le linn Chomhdháil Bhliantúil na gCeannairí Rialtais Áitiúil um Chórais Faisnéise na bliana seo, a bhí á hóstáil ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, chuala rannpháirtithe na comhdhála ó lucht acadúil mór le rá i réimse na hintleachta saorga ó Ollscoil na Gaillimhe, agus ó Ionad na hÉireann um Ríomhaireacht Ardleibhéal, ar seoladh a sár-ríomhaire nua i nGaillimh le déanaí. Thug Adapt Labs i gColáiste na Tríonóide mionsonraí ar an gcaoi a bhfuil siad ag fiosrú bealaí chun IS a úsáid le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Labhair Trevor Vaugh, Dearthóir Seirbhíse cáiliúil ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a bhí le feiceáil sa tsraith "Big Life Fix" de chuid RTÉ, leis an lucht freastail freisin. Thug sé cuntas an-mhothúchánach ar a bhfuil i gceist le díriú go hiomlán ar na saoránaigh agus seirbhísí poiblí á leagan amach. Ar Lá 2, labhair Joanne Sweeney, údar AI Playbook, leis an lucht freastail agus ghlac siad páirt i gceardlann Straitéise Digití agus TFC faoi stiúir GBRÁ. 

Dúirt Simon McCabe, Cathaoirleach Ghrúpa Idirchaidrimh Cheann na gCóras Faisnéise sa Rialtas Áitiúil, agus Ceann na gCóras Faisnéise (HIS), Comhairle Contae na Mí, "Tugann comhdháil na bliana seo le chéile Ceannairí Córais Faisnéise ó gach Údarás Áitiúil, ón nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (GBRÁ), agus ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, a bhfuil fís chomhroinnte acu chun ról agus deiseanna na hIntleachta Saorga sna hÚdaráis Áitiúla agus sna Gníomhaireachtaí Bainistíochta Rialtais Áitiúil (GBRÁ) a fhiosrú chun todhchaí na seirbhísí poiblí digiteacha a mhúnlú. Soláthraíonn an grúpa ceannairí éagsúil seo a bhfuil taithí TF acu agus a bhíonn le chéile in aon seomra amháin spás comhoibritheach iontach chun dea-chleachtais a roinnt agus deiseanna IS a iniúchadh don earnáil. Trí ghlacadh le hIntleacht Shaorga ar bhealach trédhearcach, eiticiúil agus freagrach, beidh earnáil na nÚdarás Áitiúil ar thús cadhnaíochta maidir le seirbhísí nuálacha, cuimsitheacha agus éifeachtúla a chruthú dár saoránaigh."

Príomhaschur na comhdhála ba ea ceardlann chomhoibríoch chun 'Gníomhaire IS' rialtais áitiúil a fhorbairt. D'oibrigh saineolaithe tionscail ó Microsoft le rannpháirtithe comhdhála rialtais áitiúil chun samhail a fhorbairt a d'fhéadfaí a úsáid ar fud na hearnála rialtais áitiúil. 

Is córas bogearraí nó clár é 'Gníomhaire IS' a úsáideann intleacht shaorga chun úsáideoirí a threorú chuig an bhfaisnéis a theastaíonn uathu – trí thascanna a dhéanamh go neamhspleách – réasúnaíocht, pleanáil agus cuimhne a thaispeáint. 

Thug an cleachtadh comhchruthaithe cuireadh do rialtas áitiúil, ollscoileanna agus tionscal comhoibriú chun IS a iniúchadh agus a mhúnlú a oibríonn do dhaoine, le daoine, agus ar mhaithe le leas an phobail - gan aon duine a fhágáil ar lár. 

Tasc amháin ar a ndearnadh iniúchadh ba ea Gníomhaire IS a úsáid chun iarratais SF (Saoráil Faisnéise) a mheas - tasc a d'fhéadfadh uaireanta an chloig d'am foirne a thógáil gach seachtain, ach a bhféadfadh Gníomhaire IS dea-fhorbartha dul i ngleic leis. D'fhéadfaí an coincheap sin a úsáid arís ar thascanna eile atá dian ar shaothar, leis na hionchuir agus leis an gclár ceart. Bailíodh ceithre smaoineamh ar dhearadh gníomhaire le haghaidh tuilleadh forbartha agus cuirfear ar fáil iad do gach údarás áitiúil.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag eagraí na comhdhála, Elaine Naughton, Ceannasaí IS, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, "Nuair a fhéachann tú ar Chathair na Gaillimhe, tá acmhainneacht láidir ann don daonra agus don údarás áitiúil a bheith ina gcuid lárnach de ghlacadh luath na teicneolaíochta ar nós IS – is cathair óg, bhríomhar í ina bhfuil braisle Teicneolaíochta Leighis aitheanta go hidirnáisiúnta agus atá ina pobal TFC nuálach nuathionscanta aitheanta le fada an lá. Is cuid den laethúil anois an Intleacht Shaorga agus anseo i gCathair na Gaillimhe, tá an deis againn leas a bhaint as a hacmhainneacht chun nuálaíocht a spreagadh, seirbhísí poiblí a fheabhsú, agus deiseanna nua a chruthú do ghnólachtaí agus do phobail araon."

Leagann tuarascáil an Rialtais 'Leas a bhaint as Digitiú – Creat Digiteach na hÉireann', a foilsíodh in 2022, sprioc amach d'Éirinn chun bheith ina ceannaire digiteach i gcroílár forbairtí digiteacha na hEorpa agus an domhain, agus leis an Straitéis Náisiúnta Athnuachana IS (2024) a chuireann Éire mar cheannaire maidir le buntáistí eacnamaíocha agus sochaíocha IS a thapú – agus béim á leagan ar an tábhacht a bhaineann le hiontaofacht, forbairt agus úsáid IS atá dírithe ar an duine.