
Is oirfideach as an Astráil ó dhúchas í Shani Williams atá ina cónaí sa Spidéal anois agus is í a bheidh ag cur an t-imeacht “Giob Geab” i láthair ag Féile Aeráide na Gaillimhe Déardaoin, an 11 Meán Fómhair ag 8pm in Amharclann Mick Lally, Lána an Draoi. Is oirfideach, láithreoir agus ealaíontóir cabaret í Shani a bhfuil os cionn 20 bliain taithí aici ar stáitse agus ar an scáileán idir Bhaile Átha Cliath, Nua-Eabhrac, Sydney agus Zagreb. Tá cáil bainte amach aici as a stíl grinn agus beidh cúpla focal agus ‘neart craic’ ina cur i láthair ar an oíche nuálach scéalaíochta pobail seo.
Tá fáilte roimh ghrúpaí Pobail, Fiontair Shóisialta, grúpaí bithéagsúlachta, agus Cumainn Cónaitheoirí a dtionscnaimh inbhuanaitheachta nó smaointe nuálacha a chur i láthair don lucht féachana.
Is léiriú Éireannach é ‘Giob Geab’, a seoladh den chéad uair i mí an Mhárta 2025, atá bunaithe ar fhormáid ghasta de chur i láthair atá acu sa tSeapáin ar a dtugtar ‘Pecha Kucha’. Tá an fhormáid nua seo (5 sleamhnán a chur i láthair laistigh de 5 nóiméad ar an mbuille, ina mbaintear úsáid as íomhánna den chuid is mó) leagtha amach chun an tráthnóna a dhéanamh chomh tarraingteach agus chomh spraíúil agus is féidir agus chun aird a tharraingt ar ghníomhaíochtaí timpeallachta, bithéagsúlachta agus aeráide atá ar siúl i gCathair na Gaillimhe.
Agus é ag labhairt faoin imeacht, dúirt Tiarnan McCusker, Oifigeach Ghníomhaíocht an Phobail i leith na hAeráide: “B'oíche thar a bheith spreagúil a bhí sa chéad Ghiob Geab agus bhí sé lán de ghníomhaíochtaí cruthaitheacha aeráide ó ghrúpaí a raibh tionscadail iontacha ar bun acu sa gcathair nach raibh mórán ar eolas uaireanta ag daoine fúthu. Tá súil againn go leor grúpaí eile a fheiceáil ag teacht le chéile mar chuid d’Fhéile Aeráide 2025 na bliana seo.”
Beidh foireann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i láthair freisin, agus tabharfar deis iontach do dhaoine a bheith ag líonrú agus ag foghlaim i dtimpeallacht neamhfhoirmiúil agus réchúiseach.
Má tá tú ag iarraidh cur i láthair a dhéanamh, seol ríomhphost Climate@GalwayCity.ie faoi am scoir gnó, Dé hAoine, an 22 Lúnasa chugainn le hainm agus tionscadal an ghrúpa.
Tá an t-imeacht seo eagraithe i gcomhpháirtíocht le Bailte Slachtmhara na Gaillimhe, Líonra Pobail Chathair na Gaillimhe, Comhpháirtíocht Chathair na Gaillimhe agus Ionad Oibrithe Deonacha na Gaillimhe.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi sin agus faoin bhféile aeráide i gcoitinne téigh chuig: https://GalwayClimateFestival.ie/