Ealaín:Iemanjá by Ines Quintanilha McGee
Cuirfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe fáilte roimh iarratais ar Dheontais d’Eagraíochtaí Ealaíon 2026.Baineann an chistíocht le cúnamh d’eagraíochtaí, do chláir agus do thionscadail ealaíne i rith na bliana 2026.
I gcomhréir leis an Acht Ealaíon 2003, baineann an chistíocht le gníomhaíocht ealaíon lena bhfuil de chuspóir:
- Suim an phobail sna healaíona a spreagadh,
- Eolas, tuiscint agus cleachtadh ar na healaíona a chur chun cinn, nó
- Feabhas a chur, ó thaobh caighdeáin, ar chúrsaí ealaíon.
Déantar rangú de réir dhá shnáithe ar Dheontais Ealaíon d’Eagraíochtaí:
1) Snáithe na Gairmiúlachta maidir le Deontais Ealaíon
2) Snáithe Pobail, Deonach & Amaitéarachta maidir le Deontais Ealaíon
Tá rangú de réir dhá shnáithe faoi leith i gceist leis an Deontas: ceann maidir le hEagraíochtaí Gairmiúlachta agus ceann d’Eagraíochtaí Pobail, Deonacha agus Amaitéarachta. Cinntítear leis an gcur chuige seo go ndéantar an mheasúnóireacht agus an chistíocht a chóiriú i ndáil leis na riachtanais faoi leith atá ag eagraíochtaí gairmiúla agus ag eagraíochtaí pobail i mbun cúrsaí ealaíne.
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe tugtha do bhonn daingean a choinneáil faoi réimeas ealaíne atá inmharthanach, bríomhar agus iléagsúil i gCathair na Gaillimhe. Is mór ag an gComhairle na cláir agus na gníomhaíochtaí bríomhara a chuirtear i gcrích ar fud na cathrach, lena n-áirítear sárshaothar a chur ar fáil i ngach réimse ealaíon, treisiú le deiseanna an ealaín a chleachtadh agus a thapú, treisiú le healaín na Gaeilge, caidreamh a chothú le dreamanna nua sa lucht airdill chomh maith leis an lucht spéise seanbhunaithe, comhionannas, iléagsúlacht agus ionchuimsitheacht maidir le rannpháirtíocht agus le cleachtadh na healaíne, agus eile.
Is é an 12 Eanáir 2026 an dáta deiridh maidir le hiarratas ó eagraíocht.
Tá na Troirlínte le léamh anseo.
Tosaigh ar iarratas a dhéanamh faoi “Submit” anseo.
Seol teachtaireacht ríomhphoist chuig arts@galwaycity.ie faoin teideal “Fiosrúchán maidir le Deontas Ealaíon 2026 ” i líne an ábhair.
Táthar tugtha do chuidiú le daoine faoi mhíchumas maidir leis an bpróiseas iarratais. Má tharlaíonn sé go bhfuil deacracht agat leis na seirbhísí ar líne a thapú, cuir in iúl dúinn le do thoil go bhfuil cúnamh uait:
- Scríobh chuig an Oifig Ealaíon ag arts@galwaycity.ie faoin teideal: “Fiosrúchán maidir le Deontas Ealaíon 2026- Inrochtaineacht” i líne an ábhair.
Cuirfear cúnamh ar fáil atá sainchóirithe maidir le do chuid riachtanais. Tugtar chun aire, le do thoil, gurb é an tráth deireanach ar féidir fiosrúchán a dhéanamh meán lae,an 9 Eanáir 2026.