
TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun ordú dúnta a dhéanamh maidir le:
Páirc Phailmíre: Ó Acomhal an Chorráin / Pháirc Phailmíre go dtí Acomhal Bhóithrín na Sliogán / Pháirc Phailmíre.
Tréimhse an Dúnta: 24/7 Dé Máirt an 3 Meitheamh 2025 go dtí Dé hAoine an 27Meitheamh 2025.
Cúis: Chun uasghrádú práinneach an bhonneagair uisce a éascú.
Bealaí Atreoraithe: Beidh an bealach atreoraithe tríd an gCorrán, Saint Mary’s Road agus Ascaill Phailmíre.
Beidh rochtain áitiúil ar fáil an t-am ar fad.
Beidh comharthaíocht atreoraithe in airde sula gcuirfear tús leis an obair.
Is féidir cáipéisí a scrúdú ag an bhFáiltiú, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8, i rith na ngnáthuaireanta oibre, ó 9:00am go 4.00pm, Luan go hAoine. Is féidir agóidí i scríbhinn faoin dúnadh sealadach beartaithe a chur faoi bhráid Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag an seoladh thuas, nó trí ríomhphost ar: roads@galwaycity.ie tráth nach déanaí ná 12 meán lae Déardaoin an 22 Bealtaine 2025.