DÚNADH SEALADACH BÓITHRE Acht na mBóithre 1993 - Alt 75 Rialacháin um Bóithre 1994 - Airteagal 12 - Fógra Rúin - Lána amach Bharr an Chalaidh (L-5150)

Temporary Road Closure

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go mbeartaíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe ordú a dhéanamh go ndúnfar:-

Lána amach Bharr an Chalaidh (L-5150):  Ó Phlás Uí Dhálaigh (L-5119) go pointe thart ar 29m soir ó dheas dá thrasnú le Bóthar Áth Cinn (R-866).

Tréimhse an Dúnta: 24/7 Dé hAoine an 27 Meitheamh 2025 go dtí Dé Luain an 1 Meán Fómhair 2025.

Cúis: Scéim Feabhsúcháin don Mhaireachtáil Lasmuigh.

Bealaí Atreoraithe: Beidh bealach atreoraithe sealadach i bhfeidhm trí Shráid San Proinsias, ag casadh ar dheis go hAscaill Naomh Uinseann ag leanúint ar aghaidh go dtí Barr an Chalaidh (L-5150).

Coinneofar bealach isteach áitiúil i gcónaí, lena n-áirítear ródú a chothabháil d'fheithiclí gan inneall trí Shráid San Proinsias agus Lána na Cúirte.

Cuirfear comharthaí suas faoi mhalairtí bealaigh sula dtosófar ar an obair.

Is féidir doiciméid a iniúchadh ag an bhFáiltiú, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8, le linn uaireanta oifige, ó 900rn go 4.00in, Luan go hAoine, Féadfar agóidí a dhéanamh i gcoinne an dúnadh sealadach beartaithe a chur isteach i scríbhinn chuig an tUasal Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag an seoladh thuas, nó trí ríomhphost chuig: roads@galwaycity.ie tráth nach déanaí ná 12 meán lae ar Déardaoin 12ú Meitheamh 2025