
TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun ordú dúnta a dhéanamh maidir le:
Bóthar an Chaisleáin Ghearr L-5040: Ó acomhal Bhóthar Áth Cinn N-84 go hacomhal Bhóthar Thuama N-83.
An Tréimhse Dúnta: Ó 8.30am go 5.00pm, Dé Máirt an 1 Iúil 2025 go dtí Dé hAoine an 25 Iúil 2025.
An chúis: Chun obair phlánála agus athdhromchlaithe a éascú.
Bealaí Atreoraithe: Beidh bealaí atreoraithe i bhfeidhm trí Bhóthar Áth Cinn, Bóthar an Chóiste agus Baile an Dúlaigh-Cluain Mhic Cáinín.
Cuirfear comharthaíocht atreoraithe in airde sula gcuirfear tús leis an obair.
Is féidir cáipéisí a scrúdú ag an bhFáiltiú, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8,le linn gnáthuaireanta oibre, ó 9.00am go 4.00pm, Luan go hAoine. Is féidir agóidí i scríbhinn faoin dúnadh sealadach beartaithe a chur faoi bhráid Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag an seoladh thuas, nó trí ríomhphost ar: roads@galwaycity.ie tráth nach déanaí ná 12 meánlae Déardaoin an 19 Meitheamh 2025.