
TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun ordú dúnta a dhéanamh maidir le:
An tAcomhal ar Bhóthar Pháirc an Chaisleáin: Céide Ghleann Abhann chuig/ó Bhóthar Pháirc an Chaisleáin.
An Tréimhse Dúnta: Dé Luain an 4 Lúnasa go dtí Dé Luain an 25 Lúnasa 2025.
An chúis: Scéim Líonra Rothaíochta (Taisteal Gníomhach) ar feadh Bhóthar an Bhaile Bháin agus Bhóthar Pháirc an Chaisleáin.
Bealaí Atreoraithe: Cuirfear bealach isteach agus amach malartach ar fáil do Chéide Ghleann Abhann chuig/ó Bhóthar Pháirc an Chaisleáin.
Cuirfear comharthaíocht atreoraithe in airde sula gcuirfear tús leis an obair.
Is féidir cáipéisí a scrúdú ag an bhFáiltiú, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8,le linn gnáthuaireanta oibre, ó 9.00am go 4.00pm, Luan go hAoine. Is féidir agóidí i scríbhinn faoin dúnadh sealadach beartaithe a chur faoi bhráid Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag an seoladh thuas, nó trí ríomhphost ar: roads@galwaycity.ie tráth nach déanaí ná 12 meánlae Déardaoin an 17 Iúil 2025.