DÚNADH SEALADACH BÓITHRE Acht na mBóithre 1993 – Alt 75 Rialacháin um Bóithre 1994 – Airteagal 12 Fógra Rúin - Lána na Cúirte

slider_RoadClosure01.jpg

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun ordú dúnta a dhéanamh maidir le:

 

Lána na Cúirte: Ar an taobh ó dheas de Lána na Cúirte ag acomhal Phlás Naomh Antaine. 

 

An Tréimhse Dúnta: 24/7 ó Dé Luain an 6ú Deireadh Fómhair go dtí Dé hAoine an 17ú Deireadh Fómhair 2025. 

An chúis: Chun oibreacha deisiúcháin tógála a dhéanamh.

Bealaí Atreoraithe: Beidh an bealach atreoraithe trí Plás Naomh Antaine, Sráid San  Proinsias agus Ascaill Naomh Uinseann.

Cuirfear comharthaíocht atreoraithe in airde sula gcuirfear tús leis an obair.

 

Is féidir cáipéisí a scrúdú ag an bhFáiltiú, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8,le linn gnáthuaireanta oibre, ó 9.00am go 4.00pm, Luan go hAoine. Is féidir agóidí i scríbhinn faoin dúnadh sealadach beartaithe a chur faoi bhráid Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag an seoladh thuas, nó trí ríomhphost ar:  roads@galwaycity.ie tráth nach déanaí ná 12 meán lae ar Déardaoin 18ú Meán Fómhair 2025